Christy Moore le seinm i nGaillimh sa chéad sraith ceolchoirmeacha móra san iarthar ó thús na paindéime

Beidh Christy Moore, Mary Coughlan agus The Stunning ag casadh ag sraith ceolchoirmeacha i Staid an Phiarsaigh i nGaillimh níos deireanaí an mhí seo

Christy Moore le seinm i nGaillimh sa chéad sraith ceolchoirmeacha móra san iarthar ó thús na paindéime

Tá na ticéid ar díol ó mhaidin inniu do na chéad mhór-ócáidí siamsaíochta in iarthar na tíre ó chuir an phaindéim Covid-19 deireadh le pléaráca is ócáidí poiblí.

Beidh Christy Moore, Mary Coughlan agus The Stunning ag casadh ag sraith ceolchoirmeacha i Staid an Phiarsaigh i nGaillimh níos deireanaí an mhí seo, agus beidh dreasa grinn ó na fuirseoirí Ardal O’Hanlon agus Deirdre O’Kane mar chuid den tsraith freisin.

Reáchtálfar na hócáidí idir Déardaoin, an 26 Lúnasa, agus Dé Domhnaigh, an 29 Lúnasa.

The Stunning

Beidh cead ag slua suas le 500 duine freastal ar na hócáidí i mBóthar na Trá. Díolfar na ticéid i ngrúpaí de cheithre cinn agus costas idir €25 agus €35 an ceann orthu.

Tá na hócáidí ceoil is grinn á n-eagrú ag teach tábhairne Róisín Dubh agus ag Féile Grinn na Gaillimhe. Beidh sraith ócáidí níos lú, le teorainn de 200 duine ag tosu anocht ag an lucht eagraithe céanna ar lathair nua ag Cé Nemmo ar bhruach na Coiribe. Beidh Tommy Tiernan, Mick Flannery, Declan O’Rourke chomh maith le Toucan agus Andy Irvine páirteach sa seó sin gach oíche ar feadh seachtaine.

Beidh na ceolchoirmeacha seo ar na hócáidí cultúrtha is mó a reáchtáladh i nGaillimh le bliain go leith anuas. Cuireadh scata mór imeachtaí ar ceal ó mhí Márta 2020 de dheasca na paindéime, imeachtaí móra de chuid Féile Ealaíon na Gaillimhe agus Gaillimh 2020 ina measc.

Reáchtálfar Féile Ealaíon na Gaillimhe 2021 idir an 28 Lúnasa – 18 Meán Fómhair ach tá na ceolchoirmeacha móra a bhí le bheith mar chuid den fhéile siar go dtí samhradh 2022.

Fág freagra ar 'Christy Moore le seinm i nGaillimh sa chéad sraith ceolchoirmeacha móra san iarthar ó thús na paindéime'