Cherchez la femme…

Tá dianroghanna le déanamh fós ag na páirtithe má tá siad chun an bunchéatadán de 30 faoin gcéad iarrthóirí baineann a chur i bhfeidhm don olltoghchán

File photo: Micheal Martin says he is preparing to become taoiseach.

Baintear an chiall chéanna fós as na focail ‘cherchez la femme’ agus a bhí i gceist ag an scríbhneoir Francach Alexandre Dumas ina úrscéal Les Mohicans de Paris (1854).

Aimsigh an bhean, a scríobh sé, agus aimseoidh tú an té atá freagrach as místuaim an fhir. Ach oireann brí eile, brí litriúil, don rogha de réir inscne atá le déanamh ag gach páirtí polaitiúil feasta: aimsigh mná, nó ba chruinne a rá, aimsigh mná a rachaidh chun cinn in olltoghchán.

De réir dlí atá i bhfeidhm ó 2012, ní foláir do gach páirtí cuóta ban-iarrthóirí 30 faoin gcéad a roghnú i gcomhair olltoghcháin, sin nó ceilfear deontais stáit orthu.

Is i bhFianna Fáil atá an dúshlán is soiléire, tharla nach bhfuil oiread agus bean amháin mar Theachta Dála ag an bpáirtí faoi láthair. D’fhógair Micheál Martin le gairid go raibh sé mar aidhm ag an bpáirtí:

(1) bean amháin ar a laghad a roghnú mar iarrthóir i 50% de na dáilcheantair nach bhfuil Teachta Dála ag an bpáirtí iontu, agus

(2) bean a roghnú mar iarrthóir i 50% de na dáilcheantair ina bhfuil Teachta Dála ag an bpáirtí ach ina mbeidh níos mó ná iarrthóir amháin ag Fianna Fáil san olltoghchán.

Táim cinnte gur thug gach léitheoir cliste na mionchoinníollacha faoi deara.

Mar sin féin, dúirt Micheál Martin go mbeadh “hard, tough and difficult decisions” le déanamh – mar a bheidh le déanamh ag Fine Gael freisin, agus ag páirtithe eile, cé nach mbeidh sé chomh deacair céanna orthu is a bheidh sé ar Fhine Gael nó Fianna Fáil.

Dá mhéad Teachtaí atá ag páirtí (cás FG), nó dá mhéad fear i gcomparáid le mná atá ag páirtí (cás FF), is é is measa a bheidh an fhadhb roghnúcháin acu.

(Féach na figiúirí thíos: ‘Mná sa Dáil faoi láthair’).

Seo sampla den bhrú a chuirfear ar pháirtithe gan mná a roghnú.

Dúirt Teachta as Fine Gael liom nach roghnóidís bean ina dháilcheantar. Tá beirt Theachtaí Dála ag Fine Gael faoi láthair ina dháilcheantar agus is léir mar sin, dar leis, nach mbeadh seans dáiríre ag bean dá roghnófaí í. Is faoi cheanncheathrú an pháirtí a bheidh sé an socrú a dhéanamh sa deireadh.

Ní léireofar éifeacht an chórais nua go mbeidh torthaí an olltoghcháin ar fáil. Ach is cúis dóchais an líon méadaithe ban a toghadh sna toghcháin Eorpacha (seisear) agus sna toghcháin aitiúla anuraidh:

MNÁ SNA TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2014

Comhairleoirí contae agus cathrach tofa, curtha i gcomparáid le toghcháin áitiúla 2009

Fine Gael 50 (-9)

Sinn Féin 46 (+11)

Fianna Fáil 36 (+5)

Lucht Oibre 17 (-12)

PBP * 6 (+4)

AAA ** 5 (+4)

Glasaigh 3 (+3)

IOMLÁN 196 (+49)

*People Before Profit. *Anti-Austerity Alliance. Foinse: Adrian Kavanagh, ‘The 2014 Local Elections and Feale Support/Representation Levels’, ag adriankavanaghelections.org

MNÁ SA DÁIL FAOI LÁTHAIR

Tá 166 Teachta Dála ann, ina measc 26 bean. Toghadh 25 bean, níos mó ná ariamh, in olltoghchán 2011. Chuaigh bean eile, Helen McEntee (FG), i gcomharbacht ar a hathair, Shane, i 2013, i ndiaidh a bháis.

Seo a leanas líon na dTeachtaí atá ag na príomhpháirtithe, agus líon na mban idir lúibíní:

Fine Gael 69 (11), an Lucht Oibre 34 (7), Fianna Fáil 19 (0), Sinn Féin 14 (2).

– Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'Cherchez la femme…'