Ceolchoirmeacha ó Ghaeltacht na Mumhan le craoladh beo ar líne

Déanfaidh Molscéal craoladh ar dhá cheolchoirm ó Thionól Nioclás Tóibín agus péire eile ó Scoil Cheoil an Earraigh

Ceolchoirmeacha ó Ghaeltacht na Mumhan le craoladh beo ar líne

Beidh ceithre cheolchoirm ó Ghaeltacht na nDéise agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne á gcraoladh saor in aisce idir seo agus an deireadh seachtaine seo chugainn.

An deireadh seachtaine seo, déanfaidh Molscéal craoladh ar dhá cheolchoirm ó fhéile bhliantúil amhránaíochta agus ceoil na nDéise, Tionól Niocláis Tóibín.

Beidh an chéad cheolchoirm ón bhféile sin ann anocht ag a 8.00pm agus scoth na gceoltóirí páirteach. Beidh an píobaire Mick O’Brien ann chomh maith le Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Katie Halpin, John Joe Burke, Donncha Gough, Muireann Nic Amhlaoibh, Nuadán, Seán Mac Craith, Mac Dara Mac Donncha, Ailbhe Nic Dhonncha, agus Macdara Ó Faoláin. 

San oíche amárach beidh ceol ó Chiarán Ó Gealbháin, Dónal Clancy, Nell Ní Chróinin, Derek Hickey, Benny McCarthy, Paddy Tutty agus Macdara Ó Faoláin. 

Craolfar dhá cheolchoirm eile ó leithinis Chorca Dhuibhne an tseachtain seo chugainn mar chuid de Scoil Cheoil an Earraigh. Beidh ceoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag seinm an dá oíche.  

I measc na gceoltóirí a bheidh beo ar an Aoine, an 19 Feabhra, beidh Liz Carroll & Jenn Butterworth (Chicago & Alba), Muireann Nic Amhlaoibh, Caroline Keane le Tom Delaney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Pepín De Muñalén (Asturias), Ben Ó Loingsigh, Andy Ó Súilleabháin & The Goodman Trio (Mick O’Brien, Emer Mayock & Aoife Ní Bhriain). 

Ansin Dé Sathairn, an 20 Feabhra, beidh ceol ó Bhreanndán Ó Beaglaoich, Carlos Núñez (An Ghailís), Bríd Donnelly le Cillian Ó Briain, Clíodhna Costello, Colm Murphy le Louise O’Sullivan & Conor O’Sullivan, Eithne Ní Chatháin, Seosaimhín Ní Bheaglaoich le Cormac Ó Beaglaoich, Deirdre & Aoife Granville, Seánus Ó Guithín, Laoise Kelly, Tiarnán Ó Duinnchinn, Alan McDonald (Albain), Éilís Ní Chinnéide le Matt Griffin.

Craolfar na ceithre cheolchoirm ar leathanach Facebook Molscéal.

Fág freagra ar 'Ceolchoirmeacha ó Ghaeltacht na Mumhan le craoladh beo ar líne'