Ceol, clisiam, cadráil agus corrstéibh d’amhrán – Éigse Dhiarmuidín 2015

Níl ganntanas imeachtaí ar siúl i mbliana ag Éigse Dhiarmuidín i Músgraí Uí Fhloinn, in iarthar Chorcaí. Anocht a chuirfear tús léi

Cuirfear tús anocht le hÉigse Dhiarmuidín 2015 i Músgraí Uí Fhloinn in iarthar Chorcaí.

Is é Cathal Goan, iar-cheannasaí TG4 agus RTÉ, a osclóidh an éigse go hoifigiúil in Áras Éamon Mac Suibhne i gCúil Aodha ar a hocht a chlog tráthnóna.

I gcuimhne an amhránaí agus an chraoltóra, Diarmuid Ó Súilleabháin, a bhíonn an fhéile seo ag muintir érainn gach aon bhliain.

Tar éis do Chathal Goan a aitheasc a thabhairt uaidh, cloisfear ceol ó bhanna fliúit Loch Uí Bhogaigh agus corrstéibh d’amhrán ó dhaltaí atá bainteach leis na scéimeanna pobail amhránaíochta ‘Aisling Gheal’ agus ‘An Béal Beo’.

Beidh sraith ceardlanna ceoil ar siúl maidin amárach san Ionad Cultúrtha agus i gColáiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne.

Triall ar an mbaile céanna a dhein Jean Ritchie tráth dá raibh chun amhráin a bhailiú ó Bhess Cronin, agus taispeánfar scannán den chuairt sin sa Mhuileann ag 11.00 maidin amárach.

Tabharfaidh Máighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill caint uathu faoi thraidisiún amhránaíochta Ghaeltacht Thír Chonaill idir 2.00pm agus 3.00pm san Ionad Cultúrtha agus cloisfear an bheirt acu ag casadh ag Coirm Ceoil na hÉigse in Áras Éamon Mac Suibhne, ag 8.00pm.

I measc na bhfonnadóirí eile a chloisfear ansin, tá Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, agus Peadar Ó Riada, i dteannta Chór Chúil Aodha.

Beidh Aifreann na hÉigse ann maidin Domhnaigh agus cuirfear tús le Margadh na Nollag ina dhiaidh sin. Tabharfar aghaidh ar Reilig Ghobnatan ag meán lae, mar a nochtfar leac i gcuimhne an fhile George Curtin.

Ag amhrán a bheifear an athuair an chuid eile den lá nó go mbeidh sé ina ardtráthnóna.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Éigse anseo.

 

Fág freagra ar 'Ceol, clisiam, cadráil agus corrstéibh d’amhrán – Éigse Dhiarmuidín 2015'