Cén léargas a thugann cora cainte na Gaeilge ar ár gcaidreamh idirnáisiúnta?

Tréithe na náisiún, de réir na nGael - Tá léargas sa Ghaeilge ar ár gcaidreamh le pobail eile, a deir ár gcolúnaí

Cartún

Muidne atá ag iarraidh go mairfeadh an Ghaeilge beo, is gnách linn a mhaíomh go bhfuil ár saoldearcadh sainiúil féin i dtaisce inti, tuiscintí agus braistintí nach bhfuil le fáil i dteanga ar bith eile. Áiteamh teibí go leor atá ann agus ní furasta samplaí a sholáthar lena chruthú. An dtiocfadh a rá, cuir i gcás, go bhfuil a leagan amach féin ag an Ghaeilge ar chineál agus ar thréithe náisiúin eile an domhain? Bíonn a gcuid steiréitíopaí féin ag gach pobal teanga – cuid acu dearfach (‘Tá craic agus cuideachta sna hÉireannaigh.’) agus cuid acu diúltach. (‘Tá na hÉireannaigh tugtha don troid agus don mheisce.’) Cén léargas, mar sin, a thugann cora cainte na Gaeilge ar ár gcaidreamh idirnáisiúnta?

Tá leaganacha ann ar deacair ceart ar bith a bhaint astu ar an chéad éisteacht. A leithéid seo, sa sárleabhar Sean-chainnt Theilinn, a chuir Seán Ó hEochaidh i dtoll a chéile: ‘An dá ní is drúisiúla ar an tsaol – gealbhain is Gréagaigh.’ Féadaim a rá gur fhág sin ag tochas mo chinn mé ar feadh fada go leor – cén choir a rinne na héin bheaga ar bhunadh Dhún na nGall riamh, gan trácht ar Ghréagaigh? Deir saineolaithe béaloidis liom go samhlaítí macnas leis an ghealbhan riamh toisc, b’fhéidir, iad a bheith chomh líonmhar agus atá. Dar le Nicholas Culpeper, lia de chuid an 17ú haois, gur sórt Viagra a bhí i bhfeoil an éin: ‘the brain of sparrows when eaten provokes the lust exceedingly.’ Ag Dia atá a fhios cá bhfágann sin na Gréagaigh. Is iad na Francaigh an cine is iomráití i gcomhthéacs seo na drúise – féach mar a tugadh an bholgach fhrancach ar an ghalar sifilis – ach is cosúil nach raibh na Gréagaigh i bhfad ina ndiaidh.

Dar ndóigh, is iad na pobail is deise dúinn is mó a d’fhág a rian ar an Ghaeilge. Achasán a chuirtear i leith mhuintir na hAlban ná gur dream ceachtartha ar bheagán siamsa iad. Tá a lorg sin le feiceáil ar an Ghaeilge, faraor. A chomhartha sin an iontráil ‘Albanach’ i bhfoclóir an Duinnínigh: ‘a species of puffin (so called possibly from its solemn expression and black drapery).’ Má bhí muid cáinteach ar phobail eile, ní fhágann sin go raibh muid bog orainn féin, mar is léir ón nath seo as Seanfhocail na Mumhan: ‘An tÉireannach ar leathmheisce, an Sasanach is a bholg lán agus an tAlbanach agus ocras air.’ Is iomaí leagan a cháineann saint agus cinseal na Sasanach ach ní hannamh a chuirtear aguisín leis, ag lochtú na nGael as a n-easaontas agus a laige: ‘Críonnacht Sasanach is mírún Gael; sin an rud a níos an dolaidh.’

Leagan Muimhneach a bhain gáire asam: ‘More water, arsa an Sasanach agus é á bhá.’ (Tá gaol gairid aige sin le nath eile: ‘More light, arsa an chailleach nuair a bhí an teach le thine.’) Is fada an simpleoir Éireannach ag déanamh grinn do dhaoine ar cheart dóibh tuilleadh céille a bheith acu; ní dochar an comhar a dhíol ó am go chéile.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Cén léargas a thugann cora cainte na Gaeilge ar ár gcaidreamh idirnáisiúnta?'