Cén bainisteoir a thabharfaidh dúshlán John Kiely agus Luimneach in 2021?

Nuair a fhaigheann siad cead ó CLG beidh ar na bainisteoirí dul i mbun oibre láithreach agus is beag am a bheidh acu

Cén bainisteoir a thabharfaidh dúshlán John Kiely agus Luimneach in 2021?

Liam Sheedy agus John Kiely. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Má bhíonn aon aicsean idirchontae againn i mbliana (agus sin an cheist mhór) feicfimid mórán de na himreoirí céanna a chonaiceamar roimh an Nollaig agus corr-imreoir nua. Is beag seans a bheidh ag bainisteoirí obair agus forbairt a dhéanamh leis na himreoirí nua sin.
Maidir leis na bainisteoirí, bhuel tá cuid mhaith acusan mar a bhí anuraidh.

Níl ach ‘kid’ nua amháin ar an mbloc, Séamas (Cheddar) Plunkett agus mar is eol dúinn ní haon ‘kid’ é Cheddar agus ní haon rud nua é a bheith ina bhainisteoir ach oiread.

Anuraidh bhí cúigear bainisteoirí nua againn agus bhí seans acusan cuid mhaith a dhéanamh lena gcuid imreoirí roimh an bpaindéim. Bhí toradh na hoibre sin le feiceáil go soiléir sna taispeántais a thug Port Láirge faoina mbainisteoir nua Liam Cahill.

I mbliana, nuair a fhaigheann siad cead ó CLG, beidh ar na bainisteoirí dul i mbun oibre láithreach agus is beag am a bheidh acu. Tá taithí ag na bainisteoirí go léir ach níl aon duine ar aon dul le Brian Cody agus é ag tosnú ar a thríú bliain is fiche sa ról. Agus cé gur bhuaigh Cill Chainnigh craobh Laighean i mbliana, tá ráflaí ann faoi dhaoine a bheith míshuaimhneach faoi chúrsaí ó bhuaigh Port Láirge orthu an Domhnach deireanach de mhí na Samhna.

Is iomaí corn atá buaite agus is iomaí athbheochan atá déanta ag na Cait ó 1999 nuair a chuir Cody air bib an bhainisteora den chéad uair.

Ní mise a scríobhfaidh tuairisc a bháis sa spórt (fós).

Brian Cody. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Má tá Cody ar a thríú bliain is fiche, tá na daoine is giorra dó ó thaobh ama, John Kiely agus Davy FitzGerald, ag tosnú ar a gcúigiú ceann. Is deacair a rá conas mar a bheidh Loch Garman faoi FitzGerald. Seo fear a dheineann an t-uafás oibre ar an bpáirc traenála ach ní bheidh an t-am aige i mbliana chun teaicticí nua a chur in áit. Níor bhuadar aon chluiche craoibhe anuraidh agus ní bheinn ródhóchasach go mbeidh siad aon phioc níos fearr i mbliana.

Níl na fadhbanna céanna ag John Kiely i Luimneach agus na trí mhórchomórtas buaite acu anuraidh. Tá an contae ar mhuin na muice agus is deacair iad a fheiceáil caillteach i mbliana. Bhíodar d’uireasa Mike Casey agus Richie English anuraidh agus is treise iad leis an mbeirt sin ar ais.

Tá Mattie Kenny ag tosnú a thríú bliain le Baile Átha Cliath mar atá Liam Sheedy le Tiobraid Árann. Tá sé deacair go leor cás a dhéanamh d’fhoireann na hardchathrach. I gcúige Laighean bhuadar ar Laois ach cé go rabhadar thar cionn sa dara leath rugadh orthu sa deireadh i gcoinne Chill Chainnigh. Ba iad Corcaigh a bhuaigh orthu sa chéad chluiche i gcraobh na hÉireann. Tá ardtosaí amháin acu, Dónal Burke, ach tríd is tríd ní dóigh liom go bhfeicfear i gcró an bhuaiteora ar aon cheann de na laethanta móra i mbliana.

Maidir le Tiobraid Árann is dócha go bhfuil sé in am ag Liam Sheedy a bheith ag tabhairt isteach níos mó imreoirí as na foirne sin a bhuaigh na craobhacha faoi 20 agus faoi 21 le déanaí. Cinnte beidh an fhoireann iomaíoch ach ní dóigh go mbeidh siad láidir go leor do Luimneach.

Seo an dara séasúr ag go leor bainisteoirí – Shane O’Neill leis an nGaillimh, Kieran Kingston le Corcaigh, Brian Lohan le contae an Chláir, Liam Cahill le Port Láirge agus Darren Gleeson le contae Aontroma.

Bainisteoir na Gaillimhe, Shane O’Neill. Pictiúr: INPHO/James Crombie

As an gcúigear sin is dócha go bhféadfaí a rá gur ag Shane O’Neill atá an t-údar dóchais is mó. Ba í an Ghaillimh an contae is mó a thug dúshlán Luimnigh anuraidh. An féidir leo bheith níos fearr i mbliana? Nach í sin an cheist chéanna a chuirtear gach bliain faoi iománaithe na Gaillimhe?

Bhí an-bhliain ag Port Láirge faoi Liam Cahill. Ach tá an rún scaoilte agus d’uireasa Stephen O Keefe is laige iad cé go mbeidh corr-imreoir eile ag teacht ar ais ó ghortú nó ó bhriseadh. Bheinn dóchasach fúthu.

Tá an t-iarbhainisteoir Dónal O’Grady ar ais le Corcaigh mar chóitseálaí agus mar anailísí. Is mór a chuirfidh sé leo. Ach an cheist is mó ná an mbeidh a dhóthain imreoirí ar an gcaighdeán cuí acu?

Bhí contae an Chláir an-iomaíoch anuraidh agus Tony Kelly ina laoch. Má choimeádtar srian ar Kelly, d’fhéadfadh gurb é scéal Chorcaí arís é don Chlár –gan dóthain iománaithe ar an gcaighdeán is gá a bheith acu.

Tá Aontroim ar ais i measc na mboc mór i mbliana agus beidh sé suimiúil féachaint conas mar a bheidh acu. Tá súil agam go mbeidh am ann don tsraith náisiúnta ionas go mbeidh seans acu fáil isteach ar an luas ag an leibhéal is airde.

Tá an-mheas i Laois ar Cheddar Plunkett. Rinne Eddie Brennan dul chun cinn leo le cúpla bliain anuas agus tá Donach O’Donnell, a bhí ag obair le Luimneach in 2013 nuair a bhuadar craobh na Mumhan, tugtha isteach mar chóitseálaí acu.

Is deacair cás a dhéanamh dóibh, faraor.

Fág freagra ar 'Cén bainisteoir a thabharfaidh dúshlán John Kiely agus Luimneach in 2021?'