Ceithre rud le faire amach dóibh ar oíche thábhachtach d’fhoireann sacair na hÉireann

Scata imreoirí in easnamh ar Martin O’Neill, dúshlán churaidh an domhain, Lewandowski ag déanamh scrios agus na torthaí atá ag teastáil uainn chun cáiliú ón ngrúpa

Imreoir na hÉireann Seamus Coleman a bhfuil gortaithe faoi láthair. INPHO/Donall Farmer
Imreoir na hÉireann Seamus Coleman a bhfuil gortaithe faoi láthair. INPHO/Donall Farmer

Gortuithe agus tréimhsí fionraíochta ag cur as do Mhartin O’Neill

Bheadh sé deacair go leor seaimpíní an domhain a bhualadh agus gach imreoir ar fáil againn, ach caithfidh Martin O’Neill fuine de réir na mine agus scata imreoirí in easnamh air. I measc na gcosantóirí, tá Ciaran Clark, a d’imir i gcoinne Giobráltar agus an tSeoirsia, gortaithe agus tá amhras ann an mbeidh fáil ar Seamus Coleman nó Marc Wilson.

níos mó fadhbanna fós ag an mbainisteoir i lár na páirce agus Glen Whelan agus James McLean ar fionraí. Anuas air sin, tá Stephen Quinn agus Harry Arter gortaithe agus imní anois ann faoi Wes Hoolahan, a fuair buille ag seisiún traenála an lae inné.

Mar bharr ar an donas, cé go mbeadh duine ag súil go mbeadh Darron Gibson agus Aiden McGeady sách maith chun imirt i lár na páirce, eatarthu beirt níl ach 20 nóiméad imeartha acu do Everton sa Phríomhroinn ó thosaigh an séasúr seo.

Bainisteoir na Gearmáine Jaochim Low. INPHO/James Crombie
Bainisteoir na Gearmáine Jaochim Low. INPHO/James Crombie

Éire ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar sheaimpíní an domhain arís

Ag breathnú siar ar chluichí ‘oifigiúla’ fhoireann na hÉireann, 12 uair atá curaidh an domhain imeartha acu agus níl an bua faighte acu orthu ach faoi dhó. Mar a tharlaíonn sé, áfach, is i gcoinne na Gearmáine a tháinig na buanna sin d’Éirinn.

Agus iad ag fáil faoi réir do Chorn an Domhain i 1995 sna Stáit Aontaithe, d’imir foireann Jack Charlton i gcoinne na Gearmáine, iad ag buachan 2-0, a bhuíochas le cúil ó Tony Cascarino agus Garry Kelly.

gurb iad an Ghearmáin Thiar a bhuaigh Corn an Domhain i 1990, fós féin d’imir ochtar i gcoinne na nÉireannach a bhí ar an bhfoireann a cuireadh chun páirce sa chluiche ceannais i gcoinne na hAirgintíne.

Beagnach dhá scór bliain roimhe sin, i 1956, tháinig an Ghearmáin Thiar chuig Baile Átha Cliath mar churaidh an domhain tar éis dóibh comórtas 1954 a bhuachan. Cé go raibh leath na foirne a bhuaigh Corn an Domhain fós ag imirt, bhí bua 3-0 ag an bhfoireann baile. 150/1 an praghas atá á thairiscint ag na geallghlacadóirí ar bhua don fhoireann baile amárach.

Tosach na Polainne Robert Lewandowski. INPHO/Morgan Treacy
Tosach na Polainne Robert Lewandowski. INPHO/Morgan Treacy

Is ábhar dóchais é go bhfuil Robert Lewandowski ag déanamh scrios ar fhoirne

Ar an gcéad léamh, cheapfá gur cúis imní é go bhfuil tosach na Polainne, a bheidh ag imirt i gcoinne na hÉireann ar an Domhnach, ag aimsiú cúl gan stró. Tá 12 cúl aimsithe ag Lewandowski sa cheithre chluiche is deireanaí atá imeartha aige do Bayern Munich agus ní bheadh aon iontas ar dhuine dá gcuirfeadh sé leis an méid sin i gcoinne fhoireann Martin O’Neill. Ach, ar an dea-uair, caithfidh cosantóirí na hAlban déileáil leis an tosach ar dtús.

dhéanann Lewandowski an beart i nGlaschú oíche amárach agus má bhuann an Pholainn, is cuma cén scrios a dhéanann an tosach orainne ag an deireadh seachtaine mar beidh áit bainte amach againn sna babhtaí cáilithe.

Lucht leanúna na hAlban. INPHO/Donall Farmer
Lucht leanúna na hAlban. INPHO/Donall Farmer

Mura gcaillfidh Albain, céard atá le déanamh againne?

Mura gcaillfidh na hAlbanaigh amárach, éiríonn rudaí beagáinín níos casta ó thaobh an méid atá ag teastáil uainn chun cáiliú ón ngrúpa. Níl aon amhras ach go mbuafaidh Albain ar Ghiobráltar sa chluiche deireanach atá acu agus, dá bhrí sin, braitheann chuile shórt ar an toradh a bheidh acu i gcoinne na Polainne amárach.

Dar ndóigh, dá n-éireodh le hÉirinn an dá chluiche i gcoinne na Gearmáine agus na Polainne a bhuachan, bheadh muid slán agus cáilithe go díreach do Chraobh na hEorpa 2016. Dá mbeadh Éire in ann bua agus comhscór a fháil, nó fiú bua amháin ón dá chluiche, ní bheadh na hAlbanaigh in ann muid a shárú ach an oiread, ach is mó seans gur sna babhtaí cáilithe a bheadh muid.

gcríochnódh cluichí na hÉireann ar comhscór, nó fiú dá gcríochnódh ceann acu ar comhscór, bheadh foireann Martin O’Neill slán sa tríú háit chomh fada agus nach mbuafadh Albain ar an bPolainn. Má chliseann ar Éirinn sa dá chluiche, ní bheadh ach comhscór ag teastáil ó Albain i gcoinne na Polainne chun an tríú háit a thógáil uainn, ag glacadh leis go mbufaidh siad a gcluiche eile.

Na cluichí atá fágtha:

Déardaoin:

  • An tSeoirsia v Giobráltar
  • Éire v An Ghearmáin
  • Albain v An Pholainn

Dé Domhnaigh

  • An Ghearmáin v An tSeoirsia
  • Giobráltar v Albain
  • An Pholainn v Éiore

Fág freagra ar 'Ceithre rud le faire amach dóibh ar oíche thábhachtach d’fhoireann sacair na hÉireann'