Cé a déarfadh nach raibh an ceart ag Theresa May nuair a dúirt sí in 2018 go raibh muintir na Breataine tinn tuirseach den tsíor-argóint faoi Bhreatimeacht?
Bhí ciall lena tuairim sé bliana ó shin, nuair a fógraíodh toradh reifreann an Bhreatimeachta, inar vótáil 52 faoin gcéad ina fhabhar, go gairid sular toghadh gan freasúra í mar phríomh-aire.
Bhí ciall lena tuairim ceithre bliana ó shin, nuair a d’iarr sí ar pharlaimint Westminster an comhaontú a bhí déanta aici leis an AE a dhaingniú gan mhoill. Dhíbir naimhde ina páirtí féin May ón bpríomh-aireacht an bhliain dár gcionn.
Bhí ciall i gcónaí lena tuairim trí seachtaine ó shin nuair a dúirt Rishi Sunak, an príomh-aire is déanaí thall, leis an Taoiseach go raibh fonn air teacht ar chomhaontú de thoradh idirbheartaíochta leis an AE maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann.
Faraor, ní léir fós i Londain an toil a theastaíonn chun comhaontú indéanta a bhaint amach sna comhráite faoin bPrótacal agus chun é a chur i bhfeidhm go macánta. Mar a léirigh dhá scéal a spreag foinsí oifigiúla thall le seachtain anuas.
Thug tuairisc sa Sunday Times a bhí bunaithe ar a ndúirt foinse gan ainm (tuigtear gur labhair an Seansailéir Jeremy Hunt nó duine cóngarach dó leis an bpáipéar) le fios go mb’fhéidir go nglacfadh an Ríocht Aontaithe le socrú mar atá ag an Eilvéis leis an Aontas Eorpach.
Ní nach ionadh, séanadh an tuairisc ar an toirt. Cuireann an Eilvéis an chuid is mó de rialacha an AE i bhfeidhm (saorchead taistil san áireamh) agus íocann an tír sciar gach bliain de bhuiséad an Aontais – trí rud nach mian le rialtas na Breataine a dhéanamh.
D’fhoilsigh an Guardian tuairisc Dé hAoine ar pháipéar inmheánach a scríobh Steve Baker, aire sóisearach agus Breatimeachtóir láidir in Oifig Thuaisceart Éireann, a mhol réiteach eile. Dar le Baker go bhféadfaí ‘”caibidil chomhoibrithe custaim” nua a dhréachtú ina gcuirfí smacht Chúirt na hEorpa i leataobh.
Níl seans dá laghad ann ar ndóigh go nglacfadh an tAontas Eorpach le socrú dá leithéid.
Dúisíonn an dá scéal dhá chúis amhrais athuair faoi mheon rialtas na Breataine.
An bhfuil a fhios ag Rishi Sunak cén cineál réitigh a theastaíonn uaidh?
An dteastaíonn réiteach uaidh dáiríre?
Má theastaíonn, an gcuirfidh Breatimeachtóirí bac air?
Dúirt Micheál Martin sa Dáil Dé Céadaoin gur aontaigh Sunak leis (ag cruinniú a bhí aige leis an Taoiseach ar an 10 Samhain) go n-oibreodh an bheirt i dteannta a chéile chun ceist an Phrótacail a réiteach. Dúirt an Taoiseach áfach go gcaithfí “feoil a chur ar chnámha an ghealltanais sin”, gan a rá go raibh meon dá leithéid tugtha faoi deara aige go dtí seo.
Bhí Simon Coveney beagáinín níos dóchasaí agus ceist Dála faoin bPrótacal á freagairt aige Dé Máirt cé go raibh “dá” tábhachtach ina fhreagra. Dá ndéanfadh rialtas na Breataine “iarracht mhacánta” aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis an bPrótacal, a dúirt sé, bheadh réiteach aimsithe faoi dheireadh na bliana nó go gairid ina dhiaidh sin.
Is é bun agus barr an scéil mar sin, sé bliana beagnach tar éis do Shasana agus don Bhreatain Bheag vótáil i bhfabhar Breatimeachta, nach léir do dhuine ar bith fós cén chiall is mian agus is féidir le rialtas an Ríocht Aontaithe a bhaint as.
B’fhéidir go gceileann an cluiche sceite agus séanta seo atá ar bun i Londain gluaiseacht dhrogallach i dtreo réitigh leis an AE. B’fhéidir áfach go bhfuil tuilleadh fianaise ag teacht chun solais nach bhfuil Rishi Sunak toilteanach fós praghas dosheachanta an chrua-Bhreatimeachta a íoc.
Is treise faoi láthair an fhianaise a neartaíonn an dara cuir i gcás thuas. Ní féidir meon rialtais a mheá murar léir don rialtas féin a mheon.
Fiú má chuirtear i leataobh polasaithe nó neamhpholasaithe na Breataine maidir leis an bPrótacal agus athbhunú Stormont, agus maidir le maithiúnas do dhaoine a bhí freagrach as marú le linn na dTrioblóidí, teastaíonn réiteach gan moill ar aighneas trasteorann eile.
Má chuirtear an tAcht um Náisiúntacht agus Teorainneacha a ritheadh in Westminster i mí Iúil i bhfeidhm gan aon athrú abhus, cuirfear isteach ar mhórán turasóirí. Dúirt an Taoiseach sa Dáil nach mbeadh cead ag turasóirí Meiriceánacha dul ó thuaidh mar shampla mura mbeadh clárú leictreonach déanta acu roimh ré. Ní bheifí ábalta pé scéal é, a dúirt sé, an reachtaíocht a chur i bhfeidhm.
Tá cainteanna leis an rialtas faoi fheidhmiú an Achta ar an teorainn geallta ag rialtas na Breataine. D’fhéadfaí a bheith níos dóchasaí faoi thoradh na gcainteanna murach tuairim an Taoisigh nach bhfuil ciall ná réasún leis an Acht (má chuirtear i bhfeidhm é) i gcomhthéacs an chaidrimh idir tuaisceart agus deisceart na tíre.
Ní theastaíonn mar sin ach ciall i Londain.
Má ghuíonn tú, abair paidir.
Fág freagra ar 'Ceist nach féidir a fhreagairt: an bhfuil fonn réitigh dáiríre ar rialtas na Breataine?'