Ceist an Achta Gaeilge fós ina cnámh spairne i gcainteanna Stormont

Táthar ag súil le ráiteas ó Rúnaí Stáit an Tuaiscirt James Brokenshire i Westminster ag 3.30pm tráthnóna faoi na cainteanna atá i sáinn mar gheall ar cheist an Achta Gaeilge

Ceist an Achta Gaeilge fós ina cnámh spairne i gcainteanna Stormont

Meastar go gcuirfear síneadh ama arís leis na cainteanna faoi athbhunú Stormont sa chás nach dtiocfaidh Sinn Féin agus an DUP ar réiteach faoin Acht Gaeilge agus ceisteanna eile.

Táthar ag súil le ráiteas ó Rúnaí Stáit an Tuaiscirt James Brokenshire i Westminster ag 3.30pm tráthnóna faoi na cainteanna.

Má theipeann ar iarrachtaí na bpáirtithe teacht ar réiteach faoin scéal, d’fhéadfadh Brokenshire a fhógairt go mbeifear ag filleadh ar an riail dhíreach ó Westminster nó d’fhéadfadh toghchán tionóil eile a bheith ann.

Meastar, áfach, gurbh amhlaidh go bhfógróidh an Rúnaí Stáit sos sna cainteanna agus go gcuirfear tús arís leo san fhómhar.

Tá ceist an Achta Gaeilge fós ar an gcnámh spairne is mó sna cainteanna ó thuaidh. Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus gnéithe den chultúr Oráisteach.

Dúirt Simon Hamilton, duine de lucht idirbheartaíochta an DUP ag an deireadh seachtaine, gur “bua 10-0” a bhí ag teastáil ó Shinn Féin sna cainteanna.

Dúirt John O’Dowd, Sinn Féin, gur “amaidí amach is amach” é a bheith ag maíomh go raibh ‘cogadh cultúrtha’ ar bun ag a bpáirtí ná go raibh siad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar aontachtaithe. Dúirt sé gurb é a theastaigh ná ‘cearta do chách”.

Dúirt uachtarán Shinn Féin Gerry Adams “nach raibh aon phráinn le brath” le dearcadh an DUP i leith ceisteanna a bhain le cearta an duine agus gur beag seans go dtiocfaí ar réiteach inniu.

Fág freagra ar 'Ceist an Achta Gaeilge fós ina cnámh spairne i gcainteanna Stormont'