Céimeanna oinigh dochtúireachta bronnta ar chúigear cainteoirí Gaeilge

Bhain conspóid le bronnadh na gcéimeanna oinigh agus iad diúltaithe ag triúr eile mar gheall ar an mbaint leanúnach atá ag Ollscoil na Gaillimhe le hinstitiúid in Iosrael

Céimeanna oinigh dochtúireachta bronnta ar chúigear cainteoirí Gaeilge

Ar chúl, ó chlé: Kathleen Loughnane; Pádraig Ó Céidigh; an tOllamh David Burn, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe; Micheál Ó Cuaig; agus Brian Bourke Chun tosaigh, ó chlé: Peadar Mac Fhlannchadha agus Anna Heussaff. Grianghraf: Andrew Downes, Xposure

Bronnadh céimeanna oinigh dochtúireachta ar cheathrar cainteoirí Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe inniu as an “gcion suntasach” atá déanta acu “sna healaíona, sa litríocht, sa cheol, sa dlí, agus sa saol poiblí”.

Ba iad Anna Heussaff, Peadar Mac Fhlannchadha, Pádraig Ó Céidigh, Kathleen Loughnane agus Micheál Ó Cuaig a fuair na céimeanna oinigh ag searmanas speisialta ar champas na hollscoile.

Bhain conspóid le bronnadh na gcéimeanna oinigh mar gheall ar an mbaint leanúnach atá ag Ollscoil na Gaillimhe le hinstitiúid in Iosrael. Dhiúltaigh triúr eile a bhí ainmnithe le na céimeanna a fháil glacadh leis an ngradam mar gheall ar an gceangal atá ag an gcoláiste leis an institiúid Technion, a bhíonn ag obair le harm Iosrael.

Dhiúltaigh an t-aisteoir Olwen Fouéré, an tOllamh Kerby A Miller, agus an scannánóir Margo Harkin glacadh leis an gcéim mar gheall ar an nasc sin.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha nach bhfacthas dó féin go ndéanfadh sé “pioc difir” don fheachtas atá ar bun san ollscoil le míonna anuas le brú a chur ar an gcoláiste an nasc le hIosrael a bhriseadh.

“Caithfidh gach duine a rogha féin a dhéanamh, ach ní fheicim go ndéanfaidh sé seo difear dá laghad don fheachtas atá ar siúl. Is feachtas é go dtacaím féin leis, níor chóir go mbeadh an ollscoil, ná aon ollscoil, ná an tír féin ag tacú leis an uafás atá ag tarlú in Gaza agus sa Bhruach Thiar.

“Ach is é mo thuairim phearsanta mhacánta ná nach ndéanfaidh glacadh nó diúltú leis an ngradam seo pioc difir,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, a fuair an chéim oinigh as an obair atá déanta aige “gan stad gan staonadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail”.

Is mar gheall ar a cuid “éachtaí liteartha” agus an abhcóideacht a dhéanann sí maidir le “saincheisteanna cultúrtha agus aeráide” a bronnadh an chéim speisialta ar an scríbhneoir aitheanta Gaeilge Anna Heussaff.

Fuair an t-iarSheanadóir Pádraig Ó Céidigh a dhochtúireacht san Eolaíocht Eacnamaíoch mar gheall ar a chuid oibre mar fhiontraí, ceannaire gnó, cuntasóir, agus aturnae.

Bronnadh dochtúireacht oinigh le Ceol ar an bhfile agus amhránaí Micheál Ó Cuaig, a bhunaigh Féile Joe Éinniú, as an méid atá déanta aige le cabhrú le hathbheochan agus cothú thraidisiún an tsean-nóis.

Cláirseoir, múinteoir agus bunaitheoir Dordán, a bhfuil cáil uirthi as a ról i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún cláirsí na hÉireann í Kathleen Loughnane.

“Tugann ár gcéimeanna oinigh aitheantas do dhaoine a léiríonn a gcuid éachtaí luachanna agus mianta phobal na hOllscoile. Léiríonn céimithe oinigh na bliana seo sármhaitheas chruthaitheach, chultúrtha, acadúil agus shibhialta agus is mór an onóir dúinn fáilte a chur rompu isteach i bpobal na hOllscoile.

“Tá meas againn ar chinneadh na n-ainmnithe eile a shocraigh gan páirt a ghlacadh in ócáid an lae inniu. Is é an cur agus cúiteamh bunchloch shaol na hOllscoile, agus táimid tiomanta bealach chun cinn a aimsiú in éineacht lenár bpobal,” a dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, David Burn.

Fág freagra ar 'Céimeanna oinigh dochtúireachta bronnta ar chúigear cainteoirí Gaeilge'