‘Céim mhór chun cinn’ – Stádas oifigiúil tugtha d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Tá cinneadh glactha ag coiste náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta comórtas na mban a eagrú seachas iad a fhágáil faoi chúram an chumainn áitiúil

‘Céim mhór chun cinn’ – Stádas oifigiúil tugtha d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Tá ráite ag rúnaí Chomórtas Peile na Gaeltachta gur “céim mhór chun cinn” é go bhfuil stádas oifigiúil tugtha d’fhoirne na mban sa chomórtas faoi dheireadh.

Ag cruinniú cinn bhliana choiste náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, cinneadh comórtais na mban a thabhairt faoi údarás an choiste náisiúnta agus iad a shocrú ar bhonn oifigiúil den chéad uair.

Fágann an cinneadh go gcuirfear lóistín ar fáil d’fhoirne na mban a bhaineann áit amach ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus go mbeifear in ann leas a bhaint as an lascaine ar chostais lóistín atá á fháil ag foirne na bhfear le fada.

Bhí conspóid mhór ag baint leis an easpa lóistín a bhí ann d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta anuraidh i Leitir Móir agus d’fhág easpa leapacha agus costas ard lóistín nach raibh foirne áirithe in ann páirt a ghlacadh sa chomórtas.

Agus an cinneadh seo déanta ag an gcoiste náisiúnta ag an deireadh seachtaine, is iadsan a bheidh ag eagrú comórtas na mban seachas iad a fhágáil faoi chúram an chumainn a bhíonn ag reáchtáil Comórtas Peile na Gaeltachta an bhliain sin, mar a bhíodh i gceist roimhe seo.

Dúirt rúnaí an choiste náisiúnta, Cathal Seoighe, go raibh comórtas na mban “taobh amuigh den chóras” roimhe seo ach go bhfuil sé sin anois athraithe.

“Tar éis an deireadh seachtaine seo, tá muid tagtha ar réiteach go mbeidh na mná ar comhchéim leis na fir agus sin rud maith,” a dúirt Seoighe agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Roimhe seo, shocraíodh an cumann áitiúil lóistín d’fhoirne na bhfear ach ba mhinic gur fágadh faoi fhoirne na mban a lóistín féin a aimsiú.

Dúirt an Seoigheach go raibh taithí aige féin ar na deacrachtaí a bhíodh ag foirne na mban lóistín a fháil agus dúirt gur chosain sé €3,000 breise ar a chumann féin, Clann na nGael, lóistín a fháil d’fhoireann na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta anuraidh seachas mar a chosain sé lóistín a fháil d’fhoireann na bhfear.

Glacadh cinneadh ag an gcruinniú cinn bhliana an táille a ghearrtar ar fhoirne a bhíonn ag freastal ar an gComórtas Peile a ardú ó €1,000 go dtí €1,250. Téann an t-airgead sin i dtreo na gcostas a bhíonn ag an gcumann áitiúil lóistín a chur ar fáil agus beidh foirne na mban anois ag íoc an táille sin mar aon le foirne na bhfear.

Chomh maith leis an athrú i dtaobh comórtas na mban, ceapadh bean ina hUachtarán ar Chomórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair agus ainmníodh Máire Cáit Uí Mhurchú as Cill Chomáin ina huachtarán.

Ag an deireadh seachtaine freisin, rinneadh an tarraingt do chomórtais na bhfear agus na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023, a bheidh á reáchtáil ag cumann Naomh Muire i nDún na nGall.

Deimhníodh chomh maith na cumainn ar fad atá roghnaithe chun an Comórtas Peile a reáchtáil sna blianta amach romhainn. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra in 2024, i Ráth Chairn in 2025, i gCill Charthaigh in 2026, i Lios Póil in 2027, Carna-Caiseal a bheidh á reáchtáil in 2028, fillfidh sé ar Chloich Cheann Fhaola in 2029 agus beidh sé i gCill Chomáin in 2031. Tá comórtas 2030 i gCúige Mumhan fós le socrú.

Comórtas Peile na Gaeltachta 2023

Comórtas Sinsir na bhFear

Babhtaí Ceathrú Ceannais

    1. Gaillimh v Corcaigh
    2. An Ghaeltacht v Béal an Mhuirthead
    3. Dún na nGall v Béal Átha an Ghaorthaidh
    4. Bhulf Tón v An Rinn

Babhtaí Leathcheannais

2 v 3
1 v 4

Comórtas Sóisir na bhFear

Réamhbhabhtaí

    1. Dún na nGall v Gaeil Fhánada
    2. Na Gaeil Óga v Gaillimh
    3. Clann na nGael v Lios Póil

Babhtaí Ceathrú Ceannais

    1. 2 v 3
    2. Cill Chomáin v Laochra Loch Lao
    3. Corcaigh v 1

Babhtaí Leathcheannais

Naomh Muire v B
A v C

Comórtas Sinsir na mBan

Babhtaí Leathcheannais

Cill Chomáin v Dún na nGall

Clann na nGael v Gaillimh

 

Comórtas Sinsir na mBan

Réamhbhabhta

  1. Gaillimh v Bhulf Tón
  2. Laochra Loch Lao v Maigh Eo

Babhtaí Leathcheannais

1 v 2
Dún na nGall v Naomh Muire

Fág freagra ar '‘Céim mhór chun cinn’ – Stádas oifigiúil tugtha d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta'