Céim a 4 de scaoileadh na srianta Covid-19 curtha siar go dtí Lúnasa

Tá ráta atáirgthe an Covid-19 os cionn a 1 in Éirinn arís agus deir an Taoiseach go gcaithfear é a chur faoi bhun a 1 chun go mbeifear ábalta na scoileanna a oscailt arís

Céim a 4 de scaoileadh na srianta Covid-19 curtha siar go dtí Lúnasa

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna nach mbeidh an Stát ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 4 den Phlean Díchuibhrithe go dtí an 10 Lúnasa. 

Bhí tús le cur le céim 4 Dé Luain seo chugainn, an 20 Iúil.

Dúirt an Taoiseach go raibh ráta atáirgthe an Covid-19 os cionn a 1 in Éirinn arís agus go gcaithfí é a chur faoi bhun a 1 arís, go háirithe ionas go bhféadfaí na scoileanna a athoscailt sa bhfómhar.

Táthar buartha chomh maith faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna den ghalar le tamall, go háirithe i measc daoine óga.

 Bheadh an baol ann nach bhféadfaí na scoileanna a oscailt dá rachfaí ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile Dé Luain seo chugainn, a dúirt an Taoiseach.

Bíonn an galar anois ar 3.9 duine le haghaidh gach 100,000, i gcomparáid le 2.5 duine an lá ab ísle an figiúr sin.

Dúirt an Taoiseach gur thuig sé go mbeadh díomá ar dhaoine áirithe faoi chinntí áirithe ach gur “mór againn go léir ár muintir, ár gcomharsana…agus ár dtír”. 

Fágann an cinneadh nach mbeifear ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phlean díghlasála nach mbeidh cead athoscailte ag clubanna oíche ná ag tithe ósta nach mbíonn bia ar fáil iontu go dtí an 10 Lúnasa. 

Bhí sé i bPlean Díchuibhrithe an Rialtais go mbeidís ag oscailt an Luan seo chugainn.

Agus imní ann faoi chóisirí tí, ní bheidh cead ach ag deichniúr, ó cheithre theaghlach éagsúil, cruinniú le chéile in aon teach amháin.

Ní rachfar ar aghaidh leis an bplean cead a bheith ag 100 duine cruinniú le chéile ón Luan agus 50 duine a bheidh ceadaithe go dtí an 10 Lúnasa. Faoi láthair tá cead ag 200 duine cruinniú le chéile amuigh faoin aer agus sa bplean díchuibhrithe bhí sin le hardú go 500 duine.

Rinneadh cinneadh ag cruinniú rialtais tráthnóna chomh maith go mbeidh sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh feasta i siopaí agus in ionaid eile faoi dhíon.

D’aontaigh na hairí go gcuirfí leis an rialachán maidir le clúdaigh aghaidhe ar an gcóras iompair poiblí agus go gcuirfí i bhfeidhm chomh maith é in ionaid eile laistigh.

Faoin rialachán sin a tháinig i bhfeidhm ar an Luan seo caite, is féidir pionós suas go €2,500 nó sé mhí príosúin a ghearradh ar aon duine nach gcloíonn le rialachán na mascanna.

Fógrófar Dé Luain seo chugainn ‘liosta glas’ de na tíortha a mheastar go bhfuil sé ceart go leor taisteal chucu toisc go bhfuil cás an ghalair mar a chéile iontu is atá anseo. Is í an chomhairle i gcónaí ná gan taisteal thar lear mura bhfuil sé riachtanach.

Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios tráthnóna nár bhain ach ceithre chás den ghalar le sé seachtaine anuas le daoine a tháinig anseo as Meiriceá.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 14 cás nua a deimhníodh.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu agus naoi gcás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

2,304 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,748 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,482 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,683 cás ó dheas den teorainn agus 5,799 cás ó thuaidh di.

Tagann fógra na bhfigiúirí nua sna sála ar chinneadh an Rialtais nach mbeidh 

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Ionad Faireachais Cosanta Sláinte d’ardaigh an líon braislí nó ráigeanna den Covid-19 i dtithe príobháideacha go dtí 96 cás an tseachtain seo caite.

Tá 13 othar in ospidéil a bhfuil sé deimhnithe gurb é an Covid-19 atá orthu agus tá deichniúr acusan in aonaid dianchúraim. 158 othar atá in ospidéal agus amhras ann gurb é an víreas atá tolgtha acu.

Fág freagra ar 'Céim a 4 de scaoileadh na srianta Covid-19 curtha siar go dtí Lúnasa'