Céard a tharla i bPáirc an Chrócaigh ag 5.40pm ar an 27 Meán Fómhair?

Pé rud a dúirt Brian Cody ag leath-am i gcluiche ceannais na hÉireann, bhí sé chomh tábhachtach le haon phíosa imeartha sa mbliain a bhfuil muid ag fágáil slán anois aici.

Brian Cody 22/9/2014
Brian Cody ©INPHO/Donall Farmer

Chuimhnigh mé ar Con Houlihan, go ndéana Dia maith air, an lá faoi dheireadh nuair a d’fhiafraigh fear díom cén ócáid spóirt ba mhó, dar liom, a d’fhág a rian ar an mbliain spóirt in Éirinn i 2014.

Sa mbliain 1990, chaith mé féin agus Con píosa de thús an tsamhraidh ar chamchuairt na hIodáile le foireann agus le hArm Jack Charlton nó gur chuir Salvatore ‘Toto’ Schillachi an ruaig abhaile orainn nuair a scóráil sé an cúl cáiliúil úd i Stadio Olimpico na Róimhe ar an lá deireanach de Mheitheamh na bliana sin.

Tamall ina dhiaidh, cheistigh duine eicínt an tUallachánach faoi na cuimhmní a bhí aige ar Chorn an Domhain. “Chaill mé é”, a dúirt Con, “San Iodáil a bhí mé”.

Is é a bhí i gceist ag Con, ar ndóigh, gur fhág a chuid oibre leis an Evening Press go mba ar láithreacha na himeartha a bhí sé le linn Italia ‘90 agus nach bhfaca sé tada den fhuilibiliú, den chraic agus den ragairne a bhí ar siúl in Éirinn faid is a bhí an pheil ar bun san Iodáil. Ansiúd a himríodh an pheil. Sa mbaile a bhí an ócáid.

Ag cuimhniú ar an athimirt ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann 2014 a bhí mise nuair a cheistigh mo chara mé féin. Ní hé nach raibh mé i láthair, mar bhíos agus feiceáil bhreá agam ar an imirt. Ach is í mo bharúil mheáite ó shin nach raibh aon imirt ar siúl nuair a tharla cor ciniúnach an lae sin agus cé go raibh mise i bhfoisceacht scór slat don áit ar tharla sé, ní raibh amharc agam air, ná go deimhin ag aon duine eile a bhí timpeall na páirce.

An chúis atá leis sin gur ar chúl an dorais dhúnta a tharla sé, gan i láthair ach na himreoirí, na hionadaithe, na roghnóirí, cúpla oifigeach contae agus an fear a rinne an chaint – Brian Cody.

Céard a dúirt sé? Níl a fhios agam, ná ag aon duine eile seachas acu siúd a bhí i láthair. Nó má atá a fhios, ní mórán atá ráite acu faoi.

Ó thaobh na hiomána, is fíor a rá go mb’fhearr de chluiche é an ceann comhscóir. Fós nuair a tháinig an athimirt, níor mhaith duit do shúile a chaochadh ó thús go deireadh.

Cill Chainnigh a bhuaigh ar ndóigh agus is iomaí sin cúis tugtha mar mhíniú ar an gcaoi ar sháraigh siad Tiobraid Árann – ar na cinn is minicí a cuireadh chun cinn bhí na cúil a scóráil Richie agus John Power, na hathruithe ar an bhfoireann a d’fhág Kieran Joyce agus Pádraig Walsh istigh chun na bearnaí a facthas sa gcomhscór a líonadh agus smachtú ‘Bonner’ Maher agus Séamus Callanan, nach bhfuair ach dhá scór as an imirt.

Argóintí iad sin ar fad a bhfuil bunús leo, ach go dtí lá mo bháis beidh mé den tuairim go raibh oiread bainte ag ar dhúirt Cody sa seomra feistis ag leath ama le toradh dheireadh an lae agus a bhí ag aon rud a tharla ar pháirc na himeartha.

Dá mbeadh mo rogha agam a bheith in aon áit ar dhroim na cruinne i 2014, ní hiad Cluichí Ceannais Chorn Sacair an Domhain i Rio a bheadh uaim ná Domhnach Chorn Ryder i nGleneagles.

Dhéanfadh cúinne beag liom féin sa seomra feistis sin go domhain in íochtar Pháirc an Chrócaigh ag 5.40pm ar an Satharn an 27ú Meán Fómhair, dhéanfadh sé sin cúis dom.

Nuair a dúnadh doras an tseomra sin, bhí Cill Chainnigh ar gcúl (1-7,0-8).

San imirt a bhí feicthe, ní baileach go raibh T.J. Reid ar a chompord leis na buillí saora, beirt de thosaithe Chill Chainnigh a raibh scór as an imirt aimsithe acu agus ní raibh bratach ar bith ardaithe ag Richie Power.

Ar an lámh eile, bhí trí chúilín as an imirt faighte ag iománaí lár páirce na dTiobradach, Shane McGrath. Mura raibh Callanan agus ‘Bonner’ chomh feiceálach agus a bhí sa gcomhscór, bhí cuma níos bríomhaire ar Lar Corbett agus murach ‘húcáil’ J.J. Delaney ar an lántosach, bheadh bearna níos mó idir na foirne.

Beagán os cionn deich nóiméad tar éis a dhúnta, d’oscail doras sheomra feistis Chill Chainnigh arís agus ba mhaith an rud gur oscail, mar ar fhianaise ar tharla nuair a thosaigh an dara leath, bheadh sé chomh dóichúil go mbeadh sé bainte de na hinsí acu, de bharr an díocais imeartha a bhí ar a chuid iománaithe tar éis dóibh éisteacht le Cody.

Murach an báireoir Darren Gleeson, bheadh cúl acu agus gan mórán le cois nóiméid caite. Laistigh de dhá nóiméad eile, bhíodar ar comhscór ag buillí saora de chuid Reid agus ansin chun cinn ag cúilín a fuair Colin Fennelly, a fuair ceann eile direach ina dhiaidh sin.

Chuir buille saor eile de chuid Reid bearna 3 chúilín idir na foirne, cúig cinn scóráilte ag Cill Chainnigh in imeacht 6 nóiméad.

Faoi thrí ina dhiaidh sin a d’fhág scóranna de chuid Thiobraid Árann nach raibh eatarthu ach cúilín, ach ar bhealach eicínt, suite 20 slat os cionn na háite ar mhúscail an bainisteoir sprid a fhoirne ag leath ama, thuig mé gur ag snámh in aghaidh easa a bhíodar. Ansin fuair Richie Power an cúl ciniúnach.

Céard a dúirt Cody ? Ar mba go hard nó go híseal a labhair sé? Ar buaileadh aon chamán faoin mbord ?

Níl a fhios againn agus ní móide go mbeidh.

Ag leath ama i gCluiche Ceannais na Peile i 2002 agus é ag gríosadh a fhoirne, rinne bainisteoir Ard Mhacha Joe Kernan spruánaí don bhonn a bronnadh air féin mar imreoir agus an bua faighte ag Áth Cliath orthu i 1977.

An ndearna bainisteoir Chill Chainnigh aon rud mar sin? Drochsheans.

Ní móide ach an oiread gur thosaigh sé ag ciceáil a raibh ina thimpeall, mar a rinne Alex Ferguson tráth, nuair a d’fhág bróg ar tharraing sé uirthi pitseach de ghearradh ar mhala David Beckham.

Agus bígí cinnte nár aithris Cody aon líne as óráid cháiliúil Al Pacino faoi na ‘horlaigh’ sa scannán Any Given Sunday.

Níl a fhios againn agus ní bheidh a fhios, ach a bheith ag tabhairt buillí faoi thuairim, mar ní théann rudaí mar sin thar tairseach amach i seomraí feistis Chill Chainnigh.

Pé rud a dúradh, bhí sé chomh tábhachtach le haon phíosa imeartha a d’éirigh liom a fheiceáil sa mbliain a bhfuil muid ag fágáil slán anois aici.

Fág freagra ar 'Céard a tharla i bPáirc an Chrócaigh ag 5.40pm ar an 27 Meán Fómhair?'