
Cluiche ardscórála idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh arís
Cén laige a bhuaileann na cosantóirí nuair a chasann na foirne seo le chéile? Idir an cluiche leathcheannais seo ar an Satharn agus an cluiche sraithe cúpla seachtain ó shin, d’aimsigh Corcaigh agus Baile Átha Cliath 108 scór i 140 nóiméad. Bheadh trua agat do na maoir bhochta.
Is iad Corcaigh a bhuaigh an cath seo tar éis teacht aniar dochreidte a dhéanamh. Nuair a d’aimsigh David O’Callaghan cúl tar éis 18 nóiméad, chuir sé 12 chúilín idir na foirne. Tháinig na Muimhnigh ar ais, áfach, agus le cabhair Patrick Horgan, a chríochnaigh le 0-17, bhain siad áit amach sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2012.
Má tá dea-chomhartha ó mhuintir Chorcaí, is i gcoinne Phort Láirge a bhí siad i 1998, an uair dheireanach a bhuaigh siad an tsraith agus is é an fear céanna, Jimmy Barry-Murphy, a bhí i gceannas orthu an lá sin chomh maith.
Córas cosanta Phort Láirge tagtha slán, ar éigean
Roimh an gcluiche seo, bhí córas cosanta agus stíl imeartha fhoireann Derek McGrath i mbéal an phobail. Cé nár aontaigh McGrath leis, rinne daoine áirithe cur síos ar a fhoireann mar ‘Dún na nGall na hiomána’ a mar gheall ar an nós atá acu imreoirí a choinneáil siar sa chosaint.
Agus iad ag imirt i Roinn 1B den tsraith, is iad tosaithe Thiobraid Árann is mó a thug an dúshlán do Phort Láirge i mbliana. Braitheann siad go mór ar an dianchosaint seo ach nuair a d’aimsigh Tiobraid Árann dhá chúl taobh istigh de cheathrú uaire, bhí amhras ann an mbeadh Port Láirge in ann teacht ar ais.
Tháinig cosantóirí Phort Láirge chucu féin tar éis tamaillín, go háirithe sa dara leath nuair nár aimsigh Tiobraid Árann ach cheithre chúilín ón imirt. Agus slám mór imreoirí sa chosaint acu, bíonn McGrath ag brath go mór ar chruinneas Pauric Mahony ó na buillí saor chun scóranna a aimsiú agus níor lig fear Bhaile Gunnair síos a fhoireann, é ag críochnú le 0-13, pointe an bhua ina measc.
Ní bheidh pé dream a chaillfidh an cluiche ceannais ag fanacht i bhfad chun díoltas a bhaint amach
Casfaidh Port Láirge agus Corcaigh ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe faoi cheann coicíse.
Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ag iarraidh an tsraith a bhuachan ach seans go mbeidh leathshúil ag an mbeirt bhainisteoirí ar an 7 Meitheamh, nuair a chasfaidh na foirne céanna le chéile i gcluiche leathcheannais Chraobh na Mumhan.
Cé go dtabharfadh bua sa chluiche sraithe an-spreagadh do cheachtar foireann, cheapfá go mbeadh Derek McGrath agus Jimmy Barry-Murphy in amhras faoin iomarca dá phleananna a nochtadh roimh an gcluiche craoibhe. Cé go ndúirt McGrath tar éis an chluiche leathcheannais ar an Satharn nach mbeadh a fhoireann ag iarraidh aon rud a cheilt i gcluiche chomh tábhachtach, ní bheadh aon iontas ort dá gcoinneodh sé rud éigin siar chun iarracht a dhéanamh teacht aniar aduaidh ar Chorcaigh sa chraobh.
Beirt fhathach ag peileadóirí Thiobraid Árann i lár na páirce
Is mór an ní é bua a fháil ar fhoirne faoi aois Bhaile Átha Cliath agus roimh chluiche leathcheannais Faoi-21 na hÉireann ar an Satharn, is beag duine a thug seans do Thiobraid Árann é sin a dhéanamh.
Níor chúir an méid sin isteach ná amach ar imreoirí misniúla Thiobraid Árann, áfach, go háirithe agus taithí acu ar Bhaile Átha Cliath a bhualadh óna mbua i gcluiche ceannais Chraobh Mionúr na hÉireann i 2011.
Ba iad Colin O’Riordan agus Steven O’Brien, beirt a bhí ar fhoireann na bliana 2011, is mó a stiúraigh an imirt sa chluiche seo agus a spreag na Tiobradaigh chun bua mór eile a fháil. Tá ról lárnach ag an mbeirt acu ar fhoireann sinsear an chontae cheana féin agus thaispeáin siad a scil agus a n-aibíocht chun Tiobraid Árann a thabhairt slán nuair a bhí an chluiche fós idir dhá cheann na meá.
Leanann an gorta ar aghaidh i Ros Comáin
Níl a fhios againn cén tionchar a bhí ag toradh Thiobraid Árann ar fhoireann Ros Comáin ach is cinnte gur thug sé spreagadh dá lucht leanta. Is iad foireann na príomhchathrach a bhuaigh ar na Connachtaigh nuair a shroich siad cluiche ceannais na hÉireann sa ghrád seo i 2012 agus fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr orthu arís i gcluiche ceannais na bliana seo caite. Agus na Dubanna díbeartha anois ó chomórtas na bliana seo, ba iad Ros Comáin rogha na coitianta.
Tá scata imreoirí cumasacha tagtha chun coinlíochta i Ros Comáin le roinnt blianta anuas agus cé go bhfuil an fhoireann sinsear ag baint leas astu anois, caithfidh go bhfuil díomá ar dhaoine sa chontae nár bhuaigh siad ach craobh amháin, craobh na mionúr, i 2006, le 10 mbliana anuas.
Tá ceithre chraobh Chonnacht Faoi-21 buaite acu ó 2010 ach fós, ní bhfuair siad aon bhonn Uile-Éireann dá bharr. Caithfidh go ngoilleann sé orthu chomh maith gur éirigh le Gaillimh Craobh na hÉireann a bhuachan i 2005, 2011 agus 2013, nó gach aon bhliain ar éirigh leis an gcontae sin craobh Chonnacht a thabhairt leo le deich mbliana anuas.
Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí Gaelacha an deireadh seachtaine seo?'