Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí ag an deireadh seachtaine?

Cluichí iomána gan mórán de splanc iontu, plean na hIarmhí agus na scéalta eile ó na cluichí ag an deireadh seachtaine

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Trí chluiche nach mairfidh i bhfad i gcuimhne na ndaoine

Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh cúpla cluiche den scoth againn an deireadh seachtaine seo i Staid Semple ach, cé nach raibh ach scór nó dhó idir na foirne i chaon chluiche, drochsheans go mbeidh ceachtar acu á áireamh i measc bhuaicphointí na craoibhe ag deireadh an tséasúir.

Imríodh cúig chluiche i Staid Semple ag an deireadh seachtaine, cluiche ceannais iomána mhionúir na Mumhan ina measc, agus scóráil peileadóirí Thiobraid Árann níos mó cúl Dé Sathairn (3) ná mar a scóráladh sna ceithre chluiche iomána (2).

go raibh iomaíocht ghéar go deireadh sa chluiche idir Corcaigh agus An Clár, ní raibh caighdeán na himeartha ró-ard agus scata iarrachtaí curtha amú ag an dá fhoireann, 20 ceann acu ag Corcaigh agus 17 acu ag imreoirí Davy Fitzgerald. Ba é an scéal céanna sa dá chluiche sinsir eile agus 84 iarracht curtha ar fóraoil sna trí chluiche.

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Laige Bhaile Átha Cliath nochta ag An Iarmhí?

Faoin am a tháinig deireadh leis an gcéad leath i gcluiche ceannais Laighean Dé Domhnaigh, ní raibh ach ocht bpointe aimsithe ag foireann Jim Gavin. B’shin an méid is lú a bhí scóráilte acu sa chéad leath óna gcéad chluiche craoibhe anuraidh nuair nár aimsigh siad ach 10 bpointe i gcoinne Laoise.

Ba é plean na hIarmhí suas le 13 imreoirí a fhágáil thiar i measc na gcúlaithe agus, cé nár smaoineamh nua é sin, chuaigh sé dian ar thosaithe Bhaile Átha Cliath spás a aimsiú. Ach is é sin an áit a ndeachaigh foireann Tom Cribbin amú freisin, mar nach raibh siad féin in ann deiseanna a chruthú go héasca gan ach beirt sna tosaithe acu. Is i dtaobh le hiarrachtaí ó bhreis agus 45m amach a bhí siad chun scóranna a aimsiú, agus is annamh a d’éirigh leo.

Is í an fhadhb atá ag foirne ar nós na hIarmhí ná go bhfuil Baile Átha Cliath chomh fada sin chun tosaigh ar 90% de na contaetha eile gur cuma cén córas imeartha a bhíonn ag a gcéilí comhraic. Fiú sa chluiche sin i gcoinne Laoise anuraidh, nuair a chuaigh imreoirí Laoise chun tosaigh le brú a chur ar chiceanna amach gearra Stephen Cluxton, fágadh Diarmuid Connolly nó Paul Flynn saor i lár na páirce agus bhí cúl báire Átha Cliath in ann iad a aimsiú chomh héasca céanna. Is é an toradh a bhí ar phlean na hIarmhí inné nach ndearnadh scrios iomlán orthu agus, fad is a bhaineann sé leis na contaetha eile i gcúige Laighean, sin é an toradh is fearr a bhféadfaí a bheith ag súil leis i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Céard í an chéad chéim eile do na Cláirínigh?

Cé go raibh siad mar sheaimpíní uile-Éireann i 2013, ní raibh ach bua amháin ag iománaithe an Chláir sa chraobh ó shin, agus bheadh mórán molaidh ag dul dóibh as ucht Uíbh Fhailí a bhualadh coicís ó shin.

Má bhí lucht leanúna na gCláiríneach ag ceapadh go raibh 2014 sách dona agus iad díbeartha ón gcraobh ag Loch Garman, ba mheasa fós craobh 2015. Podge Collins imithe, achrann sa champa, ísliú céime sa tsraith agus iad imithe ón gcraobh roimh na babhtaí ceathrú ceannais don dara bliain as a chéile.

Aon imreoirí óga a bheadh ag smaoineamh faoi shampla Colm Galvin a leanúint agus samhradh a chaitheamh thar sáile, ní choinneodh cuimhní an tséasúir seo sa mbaile iad. Dar le Davy Fitz, tá an fhoireann ag dul sa treo ceart arís agus tá an deis tuillte aige bliain eile a chaitheamh leo. Ach mura dtagann feabhas ar an scéal go beo is baolach go ligfear le sruth an tallann uile atá ag an gClár.

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Baile Átha Cliath ag déanamh dul chun cinn agus Rushe ar ais san áít is dual dó

Thóg sé go dtí Iúil ar Ger Cunningham géilleadh agus a phlean maidir le Liam Rushe a imirt sna tosaithe a chaitheamh i dtraipisí. Ar ais le Rushe sa líne leath-chúl agus bhí tionchar mór aige ar an gcluiche, go háirithe sa dara leath.

Cuireadh drochthús le seachtain Cunningham nuair a d’fhág Michael Carton painéal Bhaile Átha Cliath. Bhí Carton mar cheann eile de ‘guinea pigs’ Cunningham, é iompaithe isteach ina lánchúlaí ag a bhainisteoir ag tús na bliana. Nuair nár éirigh leis an tseift, is i measc na bhfear ionaid a bhí Carton seachas ar an gcliathán agus d’fhág sé slán ag foireann an chontae dá bharr.

Tar éis dóibh greadadh a fháil ó Ghaillimh, bhreathnaigh sé go mbeadh sé deacair ag iománaithe Bhaile Átha Cliath teacht chucu féin, ach tar éis bua maith a fháil i gcoinne Laoise agus bua an Domhnaigh ina dhiaidh, tá fuinneamh arís iontu. Má éiríonn leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach, beidh sé i bhfad níos éasca ag Cunningham a chruth féin a chur ar an bhfoireann an chéad bhliain eile.