Ceann de rúndiamhra móra na scríbhneoireachta (agus seans an tsaoil)

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ba chóir 10 faoin gcéad den líon focal a ghearradh amach as pé téacs sula gcuirtear chuig an bhfoilsitheoir é

Ceann de rúndiamhra móra na scríbhneoireachta (agus seans an tsaoil)

Ceann de rúndiamhra móra na scríbhneoireachta (agus seans, an tsaoil i gcoitinne) atá ann: an chaoi a bhfeicimid na lochtanna ar shaothar (agus ar shaol) daoine eile, ach nach bhfeicimid na lochtanna ar ár saothar (nó ár saol) féin.

Gach seachtain, ceartaím colún faoi chúrsaí caidreamh a scríobhann mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, d’iris atá dírithe ar mhná.

Gach seachtain, bainim amach ualach aidiachtaí, dobhriathra agus – go háirithe – frásaí nó abairtí iomlána nach bhfuil gá leo toisc go míníonn siad rudaí atá soiléir cheana féin.

Tá mé díreach i ndiaidh coicís a chaitheamh ag dul siar ar m’úrscéal féin (is ea, an ceann sin atá idir lámha agam le seacht mbliana anuas), an babhta eagarthóireachta is déine dá ndearna mé riamh.

Ghearr mé amach breis agus 7,000 focal: níos mó ná 10 faoin gcéad den líon focal a bhí sa leagan roimhe sin.

Tomhais céard a ghearr mé amach?

Is ea go díreach: aidiachtaí, dobhriathra agus – go háirithe – frásaí agus abairtí iomlána nach raibh gá leo toisc gur mhínigh siad rudaí a bhí soiléir cheana féin.

Ghearr mé amach cur síos iomarcach agus go leor, leor tagairtí cainteora (na ‘dúirt sé-anna’) lena chois, agus bhris mé an téacs suas i níos mó paragraf.

Anois, a deir tú, mura bhfaca tú na lochtanna sin ar d’úrscéal le seacht mbliana anuas, cén chaoi ar thug tú faoi deara iad sa deireadh thiar thall?

Tá mé ag ceapadh gurbh é seo an chúis: babhta eagarthóireachta 99 faoin gcéad teicniúil a bhí sa bhabhta eagarthóireachta seo.

Dírithe ar an scéal féin a bhínn den chuid is mó sna babhtaí eagarthóireachta roimhe sin. Cinnte, bhaininn amach corraidiacht agus corrdhobhriathar, ach ar an bplota agus ar an gcarachtracht a bhíodh m’aird dírithe den chuid is mó. Ghabhainn siar arís is arís eile ar na heachtraí a spreag an scéal an chéad lá riamh agus ag deireadh gach babhta eagarthóireachta bhínn traochta ó thaobh na mothúchán de.

Ach bhí dhá cheist bheaga theicniúla ar chúl m’aigne an t-am uilig go léir: na tagairtí cainteora agus an pharagrafaíocht. Bhain mé triail as cúpla cur chuige éagsúil, ach bhí rud éigin ag rá liom go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí.

Shocraigh mé dul siar ar an téacs ar fad uair amháin eile agus díriú ar an dá cheist theicniúla sin. Gheall mé dom féin freisin nach ligfinn don scéal féin cur isteach orm arís.

Fuair mé amach, gan dabht, go bhféadfainn fáil réidh leis an dúrud ‘dúirt sé-anna’ agus gur oibrigh sleachta áirithe agus fiú amháin roinnt abairtí aonair, i bhfad níos fearr dá dtabharfainn paragraf dá gcuid féin dóibh.

Ach, agus mé ag dul siar ar an téacs go fuarchúiseach ar an gcaoi sin, ag seasamh siar, mar dhea, ó mhothúcháin an scéil, b’fhacthas dom go bhféadfainn fáil réidh le sleachta iomlána a mhínigh stuif nach raibh gá lena mhíniú agus a chuir moill ar an scéal.

Úrscéal i bhfad níos tanaí an toradh.

10 faoin gcéad níos tanaí, le bheith cruinn.

An rud is measa ná go raibh a fhios agam faoin ‘riail 10 faoin gcéad’, ach nár chuimhnigh mé uirthi níos túisce.

Níl a fhios agam cé a chum nó a cheap, ach tá sí ann: an ‘riail’ a deir gur chóir 10 faoin gcéad a ghearradh amach as an dréacht dheireanach de théacs ar bith sula gcuirfidh tú chuig an bhfoilsitheoir é.

Cén fáth nach scríobhfá an téacs gan an 10 faoin gcéad iomarcach sin ann an chéad lá riamh? a deir tú.

Ar an drochuair, ní mar sin a oibríonn sé.

Fág freagra ar 'Ceann de rúndiamhra móra na scríbhneoireachta (agus seans an tsaoil)'

  • Colm Cavanagh

    Is suimiúil liom an 90% seo.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Is mór an íoróin, mar sin, go raibh ort úsáid a bhaint as an t-athrá, chun do chás a chur! :)