Cead aighnis tugtha do Gilligan

Meallfaidh an clár seo caint, conspóid agus lucht féachana – ní fhágann sin go bhfuil sé ceart is cuí é a chraoladh 

Cead aighnis tugtha do Gilligan

John Gilligan. Pictiúr: Graham Hughes/RollingNews.ie

Is dúshlán leanúnach do dhéantóir clár a chinntiú go meallfaidh an t-ábhar lucht féachana ach nach mbeadh sé míchuí is nach ndéanfadh sé dochar. Tá saoirse cainte, saoirse ealaíne agus neamhspleáchas an iriseora ann. Tá cearta íospartach ann, cúrsaí cuibhiúlachta agus an méid atá ar leas an phobail i gceist chomh maith. Glacaim leis gur smaoinigh Virgin Media One agus Jason O’Toole air seo sular thug siad faoi Confessions of a Crime Boss (Virgin Media One, Dé Luain). Nó, b’fhéidir nár chuimhnigh, mar i ndeireadh na dála, ní craoltóir seirbhíse poiblí é agus ’sé an brabús an chloch is mó ar an bpaidrín.

Taibhsíodh dom ón tús go raibh rud éigin míchuí agus míchuibhiúil faoin rud ar fad faoin tsraith seo. 40 uair an chloig d’agallaimh físe cnuasaithe ag O’Toole ó Aibreán 2022 go dtí tosach na bliana seo. Ar an gcéad luí súl, chuirfeadh John Gilligan cathaoirleach an chumainn spóirt áitiúil i gcuimhne dhuit, nó rúnaí chumann áitiúil na mbailte slachtmhara. Go deimhin, dá gcuirfeadh sé cloch mheáchain air féin, dhéanfadh sé Daidí Nollag breá.

Ní haon Daidí Nollag é seo, áfach, ach Daidí na brúidiúlachta. Meabhraíonn sé féin é sin dúinn nuair a deir sé amach go neamhbhalbh go bhfuil aithreachas air go gcuaigh sé leis an gcoiriúlacht, ach nach bhfuil aithreachas air faoi na rudaí a dhein sé. Tá smut den “I am sorry if I offended you,” ag baint leis an gceann sin.

Tá ábhairín cleasaíochta ag baint leis an tsraith óir go samhlóimis go bhfuil saothar den saghas dlite ag duine éigin tábhachtach, mór le rá a ghabh trí eachtraí tábhachtacha, ar deineadh éagóir air, b’fhéidir, agus/nó a bhfuil tábhacht ag baint lena thaobh féin den scéal a insint. Sa chás seo, tá cead aighnis tugtha do choirpeach beag beann ar mhothúcháin na ndaoine a bhí thíos lena ghníomhartha buile.

Is cinnte nach raibh an saol fuirist aige ina óige; teaghlach mór ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal, athair brúidiúil a bhí gafa leis an gcearrbhachas, agus coiriúlacht. Ar shlí amháin, léiríonn sin, arís eile, an nasc atá idir bochtanas agus tosach bhóthar na coiriúlachta. Ní leithscéal é, áfach; go deimhin, nach masla é sin do dhaoine a d’fhás aníos i gceantar fé mhíbhuntáiste agus i gcúinsí teaghlaigh tiufáilte is a chuir allas na gcnámh le dul chun cinn a dhéanamh sa saol.

Deineadh cur síos ar bhlianta tosaigh Gilligan i ngairm na coiriúlachta. ‘Factory’ a bhí mar leasainm air mar go raibh sé de nós aige a bheith ag goid ó mhonarchana; tinte á n-adú le hais na bhfallaí len iad a lagú, maighnéid á n-úsáid le heochracha a chrochadh agus glaochanna éigeandála bréige á ndéanamh chuig na Gardaí len iad a thógaint ó láthair na gadaíochta. Ní raibh aon teora lena ghliceas.

Thug Gilligan a chuntas uaidh ach an féidir aon fhocal uaidh a chreidiúint? Déantar iarracht cothromaíocht de shaghas a bhaint amach le hionchur substaintiúil ó iriseoirí agus iar-bhaill de na Gardaí Síochána. Ní nach ionadh, cuirfear an-suim sa ghála faoi dhúnmharú Veronica Guerin.

Meallfaidh an clár seo caint, conspóid agus lucht féachana – ní fhágann sin go bhfuil sé ceart is cuí é a chraoladh.

Fág freagra ar 'Cead aighnis tugtha do Gilligan'