Beidh cúis aiféala ag muintir Gleeson
Agus iománaithe Phort Láirge cáilithe do chluiche ceannais na hÉireann den chéad uair le beagnach deich mbliana, is mór an trua é go loitfear cuid den tréimhse ullmhúcháin le caint faoi chúrsaí smachta.
I ndiaidh na raice uile a bhí ann faoi Tadhg de Búrca roimh chluiche an Domhnaigh, cheapfá go mbeadh a fhios ag imreoirí Derek McGrath go mb’fhearr dóibh gan lámh a chur in aon ghaobhar do chlogad imreora eile, ach is amhlaidh nár fhoghlaim Austin Gleeson an ceacht áirithe sin.
Is cinnte gur rug Gleeson greim ar mhasc aghaidhe Meade sa chéad leath agus braitheann a bhfuil i ndán anois dó ar thuairisc an réiteora.
Sa chluiche leathcheannais eile, cuireadh an choir céanna i leith Adrian Tuohy na Gaillimhe ach deirtear gur mheas an réiteoir, Barry Kelly, gur dhéileáil sé leis an eachtra ag an am, rud a d’fhág nár fiosraíodh an scéal a thuilleadh. Beidh Derek McGrath ag súil go dtarlóidh an rud céanna sa chás seo, ach cá bhfios?
Ar The Sunday Game an tseachtain seo caite, bhraith na saineolaithe uile nach raibh tréimhse fionraí tuillte ag Tuohy ach, dúirt an triúr a bhí ar an gclár céanna aréir –Eddie Brennan, Brendan Cummins agus Anthony Daly – go raibh an fhianaise i gcás Gleeson níos soiléire agus dá bharr bhí imní orthu uile faoina bhfuil i ndán don fhear óg.
Cé go bhfuil sé ráite ag lucht bainistíochta Phort Láirge go bpléifidh siad cás Conor Gleeson leis na húdaráis, breathnaíonn sé, faraor, nach bhfuil mórán cúis ghearáin ag fear Chaisleán Cuanach. Bhí an cluiche buaite ag Port Láirge nuair a bhuail Gleeson buille den chamán ar Patrick Horgan agus ba léir ón gcuma a bhí air agus é ag imeacht den pháirc go raibh a fhios aige go maith go raibh botún mór déanta aige.
Choinnigh sé Conor Lehane faoi chois don chluiche uile inné agus thaispeáin go bhfuil sé ar na himreoirí is fearr sa tír chun príomhthosach an fhreasúra a stopadh. Aireoidh Port Láirge uathu é sa chluiche ceannais.
Údar imní fós é easpa cruinnis Phort Láirge
Ceann de na laigí ba mhó a bhí ag Port Láirge de réir na saineolaithe ná nach raibh siad ag scóráil a ndóthain cúl agus iad ródhírithe ar an gcosaint. Bhuel, ní raibh aon chaill orthu ó thaobh cúl a aimsiú inné agus cé nach raibh lucht cosanta Chorcaí gan locht ba mhór an rud ceithre cinn de chúil a fháil i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
D’fhéadfadh, áfach, rudaí a bheith níos fearr fós do na Déisigh. Fadhb amháin atá acu go fóill ná go gcuireann siad a lán iarrachtaí ar chúilíní amú. Is rómhinic atá Austin Gleeson feicthe againn ag tabhairt faoi iarrachtaí amuigh ar an gcliathán agus é 50 slat nó níos faide amach ón gcúl. Cé gurbh é Gleeson an t-imreoir ba mhó a bhí i mbun a leithéid, níorbh é an t-aon duine.
Sé iarracht déag a chuir Port Láirge amú inné san iomlán, an líon céanna a chuir siad amú i gcluiche leathcheannais na Mumhan in aghaidh an fhreasúra chéanna. Tá Gaillimh ag scóráil go rábach go dtí seo sa chraobh agus más faoi Port Láirge iad a shárú, caithfidh siad feabhas a chur ar an gcuid sin dá gcuid imeartha.
Ní fiú mórán ceannas stairiúil Phort Láirge ar Ghaillimh ag an bpointe seo
Deich n-uaire a chas Gaillimh agus Port Láirge ar a chéile i gCraobh Iomána na hÉireann agus deich n-uaire a d’éirigh leis na Déisigh an ceann is fearr a fháil ar fhir an iarthair. Is staitistic shuimiúil í, ceann a chuirfeadh iontas ar do chuid cairde agus sibh ina suí ag an gcuntar, ach is beag tionchar a bheidh aici ar chluiche ceannais na bliana seo.
Cé nach bhfuil sé ach sé bliana ó shin ó chas na foirne ar a chéile go deireanach sa chraobh, ní raibh ach seachtar ón dá chontae a d’imir an lá sin páirteach i gcluichí leathcheannais na bliana seo – Darragh Fives, Noel Connors, Kevin Moran agus Pauric Mahony do Phort Láirge, agus David Burke, Joe Canning agus Aiden Harte do Ghaillimh.
Cé nach mbeidh tionchar ag an gcoimhlint áirithe sin ar an gcluiche ceannais, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an stair ar an gcluiche seo mar sin féin. Tá an dá fhoireann ag iarraidh deireadh a chur le gorta fada ó bhuaigh siad Corn Mhic Cárthaigh – 29 bliain i gcás na Gaillimhe, 58 bliain i gcás na nDéise.
Beidh brú ollmhór ar an dá fhoireann é sin a chur ina cheart agus shílfeá go mbeadh buntáiste ollmhór acu siúd is fearr a n-éireoidh leo déileáil leis an mbrú sin.
Fág freagra ar 'CEACHTANNA CLG: A raibh le foghlaim ó Pháirc an Chrócaigh inné…'