Cé a thabharfaidh leo Corn Sam Mhig Uidhir i mbliana?
Mártan Ó Ciardha: Áth Cliath. Ní fheictear dom go bhfuil an neart ag aon fhoireann eile fós tuisle a bhaint astu.
Dara Ó Cinnéide: Áth Cliath, is acu atá an líon is mó imreoirí maithe agus beidh san cinniúnach fé dheireadh na craoibhe.
Padraic Ó Ciardha: Áth Cliath. Níl an chuma orthu go bhfuil siad chomh dochloíte is a bhí ach fanfaidh siad chun tosaigh ar Chiarraí agus ar Mhaigh Eo go fóill.
Cé hiad na foirne a bhainfidh na Super 8s’ amach?
Mártan Ó Ciardha: Áth Cliath, Maigh Eo, Ciarraí, Gaillimh, Tír Eoghain, Ros Comáin, Dún na nGall, An Cabhán.
Dara Ó Cinnéide: Áth Cliath, Maigh Eo, Ciarraí, Gaillimh, Tír Eoghain, Ros Comáin, Muineachán, Tiobraid Árann.
Padraic Ó Ciardha: Áth Cliath, Maigh Eo, Ciarraí, Gaillimh, Tír Eoghain, Ros Comáin, Muineachán, Corcaigh.
Cén ábhar díospóireachta is mó a bheidh ann i rith na craoibhe?
Mártan Ó Ciardha: Cén fáth nár shroich ach foireann amháin as Cúige Laighean na babhtaí deireanacha.
Dara Ó Cinnéide: An t-airgead a chosnóidh sé painéal mór imreoirí a choimeád sa chraobh go deireadh.
Padraic Ó Ciardha: An seanscéal céanna. An bhearna idir na foirne is fearr agus an chuid eile. Agus beidh conspóid mhór ann má bhíonn cluiche gan tábhacht nó ‘dead rubber’ ann sna Super 8s’.

Roghnaigh imreoir amháin arbh fhiú súil a choinneáil air?
Mártan Ó Ciardha: Lee Brennan (Tír Eoghain)
Dara Ó Cinnéide: Colm Basquel (Áth Cliath)
Padraic Ó Ciardha: Seán O’Shea (Ciarraí)
An gcuirfidh an struchtúr nua feabhas ar an gcraobh?
Mártan Ó Ciardha: Cuirfidh do na foirne is láidre ach mar a tharla d’aon chóras eile a chuaigh roimhe is beag fiúntas atá ann do na contaetha eile
Dara Ó Cinnéide: Cuirfidh, ach beidh na clubanna agus na contaetha i Roinn 4 thíos leis.
Padraic Ó Ciardha: Beidh an chéad cúpla babhta de na Super 8s’ ar fheabhas ach caillfidh sé cuid dá loinnir nuair nach n-athróidh sé mórán na foirne a bheidh sna babhtaí leathcheannais.
Jamie Ó Tuama
Seo mo chuid smaointe féin ar Chraobhchomórtas Peile 2018:
http://nadubsabu.com/2018/05/12/suil-chun-cinn-ar-chraobhchomortas-peile-na-heireann-2018/