Cás Harland and Wolff – céim eile i ndíothú na déantúsaíochta ó thuaidh

Is baolach gur gearr nach mbeidh sa dá chraein de chuid Harland and Wolff ach iarsma de ré órga déantúsaíochta i mBéal Feirste

Cás Harland and Wolff – céim eile i ndíothú na déantúsaíochta ó thuaidh

Seasann Samson agus Goliath go hard maorga os cionn na cathrach. Comharthaí iad an dá chrann ar uaillmhian an longchlóis tráth. Sna seascaidí a tógadh an dá chraein ach in intinn an phobail is dlúthchuid iad de stair an longchlóis ó aimsir a bhunaithe i gcalafort Bhéal Feirste in 1861.

Is baolach gur gearr gurb iad amháin a bheidh fágtha, iarsma de ré órga déantúsaíochta i mBéal Feirste, séadchomharthaí chun turasóirí a mhealladh.

Dé Luain ceapadh gnólacht cuntasaíochta mar riarthóir ar an longchlós a d’fhógair go mbeadh sé ag dul chun cúirte inniu chun dearbhú dócmhainneachta a dhéanamh. Bhíothas ag iarraidh Harland agus Wolff a dhíol le míonna ach ní raibh aon cheannaitheoir le fáil a bhí toilteanach glacadh leis na fiacha.

Seachtain ó shin ghlac na hoibrithe seilbh ar an gclós agus tá ionadaithe ón 120 acu ansin ar a seal de lá agus d’oíche ó shin.

D’éiligh siad go ndéanfaí an gnó a náisiúnú, iad ag cur brú ar an DUP chun leas a bhaint as a gcumhacht ar rialtas na gCaomhach chun cinneadh fabhrach a fháil ó Whitehall. Mhaígh na hoibrithe agus a gceardchumann go mbeadh sé níos saoire ar an rialtas an longchlós a choinneáil oscailte mar go mbeadh gá leis gan mhoill toisc go bhfuil sé beartaithe longa a thógáil. Ba é freagra an rialtais gur cheist thráchtála é.

Dúirt an feisire áitiúil, Gavin Robsinson DUP gur mhol feidhmeannaigh don rialtas nárbh fhéidir maoiniú a sholáthar toisc go raibh leabhar orduithe an longchlóis folamh. Bhí £650,000 iarrtha ag an mbainistíocht ar an rialtas chun mí Lúnasa a chlúdach fad is a bheifí sa tóir ar fhuascailt éigin a dúirt Robinson. Diúltaíodh ar sé ‘cheal orduithe’ agus ‘cheal sócmhainní’ a bheith ag an gcomhlacht mar urrús ar an iasacht. Thug John McDonnell urlabhraí Airgeadais an lucht Oibre cuairt ar an hoibrithe agus dúirt go mbeadh a pháirtí siúd, faoi Jeremy Corbyn, toilteanach an longchlós a náisiúnú.

Sa ngearrthéarma ba chosúil nach raibh cabhair le fáil. Dé Luain chinn na hoibrithe go bhfanfadh siad sa longchlós an tseachtain seo ar fad, nó níos faide b’fhéidir. Dúirt an feisire Robinson go raibh a mhíle dícheall déanta ag an DUP ach dúirt ceardchumannach go seasfadh oibrithe in éadan an DUP sa chéad olltoghchán eile mura sábhálfaí an longchlós.

Mór idir an 120 oibrí sin agus na sluaite a bhíodh ag triall ar Oileán na Banríona tráth. Sceith bhéil ab ea é as idirdhealú in aghaidh Chaitlicigh go dtí na hochtóidí nuair a cuireadh iallach air glacadh le scéimeanna faoin reachtaíocht um fhostaíocht chothrom. Bhí obair mhaith ann ag glúnta den phobal Protastúnach, an t-athair in ann post a chinntiú dá mhac mar a bheadh oidhreacht. Bhí Harland and Wolff i measc na longthógálaithe ba mhó ar domhan an uair ba rathúla é agus 35,000 oibrí fostaithe ann.

Is fearr aithne anois air mar thógálaí an Titanic ach bhí cáil ar an gclós as cumas na saortha. Le linn an Dara Cogadh Mór thóg sé na céadta soitheach, idir longa cogaidh agus longa trádála, agus tancanna. I ndiaidh an chogaidh mhéadaigh an iomaíocht ó longthógálaithe eile agus ón aerthaisteal agus chuaigh an soitheach aigéin deiridh dá gcuid, an Canberra, chun farraige i 1960.

Faoin am sin bhí Harland agus Wolff faoi dhianbhrú. I 1966 d’iarr sé an t-airgead ar Stormont chun pá míosa a íoc.

Ba mhinic an comhlacht ag iarraidh cabhrach ina dhiaidh sin agus rinneadh náisiúnú air i 1975. Bhí na mílte fós fostaithe ag an am sin ach chuaigh sé i léig go seasta uaidh sin ar aghaidh. I 1989 cheannaigh comhghuaillíocht den bhainistíocht agus oibrithe é le tacaíocht ón tionscnóir Fred Olsen ón Iorua. Dhírigh siad ar obair le haghaidh taiscéalaíocht ola agus gáis agus tógáil tuirbíní gaoithe. Tá sé 16 bliain ó thóg siad long.

Deir an fhoireann go bhfuil na scileanna le haghaidh longthógala ar fáil ann i gcónaí, ní hamháin i measc an 120 atá ina suí fúthu ansin ach ag na mílte a bhí fostaithe ar chonradh le blianta beaga anuas. Ceann de na cúiseanna leis an agóid inar glacadh seilbh ar an gclós go bhfuil imní ar na hoibrithe go ndíolfadh riarthóir an láthair le tógálaithe tithe nó le comhlacht éigin nach mbainfeadh leas as an saineolas – na daoine – atá ag iarraidh a slí bheatha a chosaint.

Is deacair fuascailt dhearfach ar an ngéarchéim seo a shamhlú, céim eile atá ann i ndíothú na déantúsaíochta atá ag tarlú go seasta. Liosta le háireamh iad na tionscail mhóra atá ar lár – línéadach, rópadóireacht, toitíní, teicstíl, boinn rubair agus, ina dteannta sin, déantús eitleán in Bombardier chomh maith le Wrightbus, déantóir busanna atá faoi bhrú. Ní hiontas oibrithe a bheith gairgeach, guagach. Tá imní ar dhaoine go forleathan faoi chinniúint eacnamaíochta an Tuaiscirt.

Fág freagra ar 'Cás Harland and Wolff – céim eile i ndíothú na déantúsaíochta ó thuaidh'