Caolseans go mbainfidh na Connachtaigh creathadh as na curaidh

Tá go leor fadhbanna le réiteach ag Cúige Chonnacht agus iad ag ullmhú dá gcuairt ar an RDS Is léir nár chuidigh an greadadh – 35 – 4 – a fuair na Connachtaigh agus iad ar cuairt ar Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite lena seasamh i nGrúpa B an Pro 14. Chinntigh bua na nUltach […]

Caolseans go mbainfidh na Connachtaigh creathadh as na curaidh

Tá go leor fadhbanna le réiteach ag Cúige Chonnacht agus iad ag ullmhú dá gcuairt ar an RDS

Is léir nár chuidigh an greadadh – 35 – 4 – a fuair na Connachtaigh agus iad ar cuairt ar Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite lena seasamh i nGrúpa B an Pro 14. Chinntigh bua na nUltach gur thit foireann an iarthair siar chomh fada leis an gceathrú háit sa tábla agus má fhanann siad ansin, nó má thiteann siad níos ísle fós, ní bheidh siad ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile.

Ní hamháin go bhfuil na deacrachtaí a bhaineann leis an dá chluiche idirchúige a d’imir Cúige Chonnacht le linn na Nollag le sárú ag Andy Friend, caithfidh sé a fhoireann a thabhairt as baile arís an deireadh seachtaine seo. Mar bharr ar an mí-ádh is i gcoinne Chúige Laighean, curaidh an Pro 14 agus foireann nár chaill oiread agus cluiche amháin féin den trí chluiche dhéag a d’imir siad go dtí seo, a bheas na Connachtaigh i mBabhta 10 de Phro 14 tráthnóna.

Tháinig liosta fada fadhbanna chun solais i mBéal Feirste agus is cinnte go raibh go leor le réiteach ag Cúige Chonnacht le linn na seachtaine agus iad ag ullmhú dá gcuairt ar an RDS. Níl dabht ar bith ann ach go gcuirfidh Andy Friend roinnt rudaí ina gceart, ach is deacair a shamhlú go raibh dóthain ama aige foireann atá faoi bhrú de bharr gortuithe a ullmhú chun ruathar ceart a thabhairt faoi na curaidh agus iadsan chomh mór sin ar a gcompord agus iad ag imirt sa mbaile. Is deacair bua do na cuairteoirí a thuar sa gcluiche seo, ach mar sin féin, is cinnte go mbeidh leathshúil ag an mbeirt bhainisteoirí ar Bhabhta 5 de Chorn na gCuradh, cluichí a bheas á n-imirt faoi cheann seachtaine.

An seans é sin do na Connachtaigh?

Caolseans!

Aréir a thug na Muimhnigh cuairt ar Bhéal Feirste agus fuair siad greadadh ceart ó Chúige Uladh. Ach an oiread le cúigí Laighean agus Chonnacht bhí leathshúil ag na foirne seo ar Bhabhta 5 de Chorn na gCuradh.  Ach údar díomá a bhí ann do na Muimhnigh mar sin féin agus iad ag iarraidh teacht i dtír ar an tsárimirt a chonaic muid uatha sa chluiche a chaill siad i gcoinne Chúige Laighean Dé Sathairn seo caite. D’fhág bua na nUltach go bhfuil 19 cluiche as a chéile buaite anois acu ag an mbaile.

 

Fág freagra ar 'Caolseans go mbainfidh na Connachtaigh creathadh as na curaidh'