Caoimhghín Ó Caoláin chun éirí as mar Theachta Dála

Tá sé fógartha anocht ag an gcéad iarrthóir de chuid Shinn Féin a ghlac le suíochán sa Dáil nach bhfuil sé i gceist aige dul san iomaíocht arís

Caoimhghín Ó Caoláin chun éirí as mar Theachta Dála

Ní sheasfaidh Caoimhghín Ó Caoláin, an Teachta Dála aitheanta de chuid Shinn Féin, sa chéad olltoghchán eile.

D’fhógair an Teachta Dála do Chabhán-Muineachán nach bhfuil sé i gceist aige dul san iomaíocht arís don Dáil i ag cruinniú mór a bhí ar siúl anocht in Óstán an Eargail i Muinchille, Co an Chabháin. Mhol Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald an Teachta Dála as na blianta fada seirbhíse a thug sé dá pháirtí agus do mhuintir a dháilcheantair.

Ba é an Caolánach an chéad iarrthóir de chuid Shinn Féin a ghlac le suíochán sa Dáil ó bhunú an stáit nuair a thug sé an leis in olltoghchán 1997.

Bhí sé cúig bhliana mar an t-aon Teachta Dála ag an bpáirtí sa Dáil, sular tháinig ceathrar eile ón bpáirtí isteach in 2002. Bhí sé mar phríomhurlabhraí Shinn Féin sa Dáil nó gur toghadh Gerry Adams ina Theachta Dála in 2011.

Oibrí bainc ab ea Ó Caoláin sular toghadh é ina chomhairleoir contae i 1985 agus tá 33 bliain curtha isteach mar ionadaí poiblí, níos faide go deimhin ná aon duine eile i Sinn Féin ó dheas.

Bhí sé ina urlabhraí sláinte is leanaí ar feadh tréimhsí fada, agus ag plé le cearta daoine le míchumas agus cearta daoine aosta a bhí sé do Shinn Féin ó 2016.

Ceapadh é freisin mar chathaoirleach ar choiste Dlí agus Cirt an Oireachtais, post atá aige i gcónaí.

Bhí fadhbanna sláinte aige le tamall, ach dúirt sé anocht go raibh faoi éirí as le “seans” a thabhairt don ghlúin óg atá ag teacht chun cinn i Sinn Féin. Creidtear gurb é Matt Carthy, atá faoi láthair ina fheisire Eorpach, a sheasfaidh an fód don pháirtí sa chéad olltoghchán eile.

Cúig shuíochán a bheas arís i gCabhán-Muineachán agus tá súil ag an bpáirtí i gcónaí le dhá shuíochán a thabhairt leo. As Carraig Mhachaire Rois i ndeisceart Mhuineacháin do Mhatt Carthy, agus beidh le feiceáil an gcuirfidh an páirtí iarrthóir eile chun cinn ó chontae an Chabháin nó ó thuaisceart an chontae. As Muineachán féin, ar ndoigh, don Chaolánach.

Ceannródaí ab ea é nuair a bhain sé a shuíochán Dála amach den chéad uair, ach de réir mar a d’fhás an páirtí tháinig daoine nua chun cinn mar ionadaithe is mar urlabhraithe.

Dúirt Mary Lou McDonald go mbeadh an páirtí buíoch dó i gcónaí mar gheall ar an obair mhór a rinne sé is ghuigh sí gach rath air sna blianta atá romhainn.

Cé nach mbeidh sé ag éirí as go dtí an chéad olltoghchán eile ach comhartha eile é imeacht Uí Chaoláin ar ré nua do Shinn Féin i ndiaidh éirí as Gerry Adams.

Fág freagra ar 'Caoimhghín Ó Caoláin chun éirí as mar Theachta Dála'