Cancar ab ea seicteachas a chráigh pobal an tuaiscirt – gné eile den fhuath céanna é an ciníochas

Tá straitéis frithchiníochais foilsithe ar deireadh ó thuaidh, ach tá sí lán le béalchráifeacht agus gan aon chur leis

Racist attack

Ní ghabhaim leithscéal ar bith as filleadh ar cheist an chiníochais i dTuaisceart Éireann arís eile. Ní fada ó bhíos ag trácht anseo ar líonmhaireacht na gcoireanna ciníocha agus ar easpa gnímh Stormont chun a dhul i ngleic leis an uafás. D’admhaigh lucht Stormont le seachtain anuas gur ghearr go mbeadh ciníochas níos coitianta ná seicteachas – mura gcuirfear stop leis.

Rinneadh an admháil nuair a bhí an Straitéis um Comionannas Cine 2015-2025 á foilsiú ag an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire cúig lá sular shroich an chéad ghrúpa de theifigh ón tSiria Béal Feirste agus Doire. Is cosúil go bhfuil dea-obair déanta ag fáil faoi réir do na teifigh, comhoibriú idir an earnáil phoiblí agus eagraíochtaí deonacha. Táthar ag súil nach mbeidh ar éinne de na hinimircigh nua seo cur suas leis an sórt drochíde a thugtar rómhinic do dhaoine ón Aifric agus ó oirthear na hEorpa abhus.

Is maith an ní é dea-thoil na n-údarás, fiú má bhí moill bliana ar an Straitéis ó tháinig deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin. Ní leor é, áfach. Tá gá le cur chuige ar dhá leibhéal – bolscaireacht agus oideachas faoi bhuanna an ilchultúrachais agus dlíthe láidre in aghaidh an chiníochais a chuirfear i bhfeidhm go dian. Tá an dara gné sin ar iarraidh ón Straitéis.

“Déanfaimid ár seacht ndícheall a chinntiú nach mbeidh ar mhionlaigh eithneacha inár measc ciníochas foréigneach a fhulaingt,” arsa Peter Robinson, a dúirt gur saibhre í an tsochaí de bharr inimirceach.

Dúirt a chomhbhádóir Martin McGuinness nárbh fhéidir le rialtas, as féin, ciníochas a threascairt. Bhí roinnt daoine ag dul i ngleic le ciníochas cheana féin, ina gcomharsanachtaí, eaglaisí agus ag an obair, dar leis, agus thabharfadh an Straitéis deis tógáil ar na hiarrachtaí sin le dhul i mbun gnímh.

Bheadh níos mó muiníne ag daoine go ndéanfaí gníomh dá mbeadh béim ar ghníomh sa Straitéis. Tá an fhealsúnacht gan locht. Dualgas reachtúil don tseirbhís phoiblí is ea cothromas cine – ní ‘rogha sa bhreis’ é. Ach ní inniu ná amárach a bheidh sé lárnach i gcleachtas, is cosúil.

De réir na straitéise,‘sula mbeidh cothú agus buanú an chothromais cine ina ngnáthchuid den riarachán poiblí, caithfidh ranna agus údaráis phoiblí na constaicí a aithint agus céimeanna a ghlacadh chun iad a shárú’. I bhfianaise chomh mall is a mheileann na muilte – bíodh foighid agat, mar tógfaidh se sin tamall.

Gealltar oiliúint bhreise chun a chinntiú nach mbeidh seirbhísí stáit claonta in aon turas ná go hainbhiosach. Tá forálacha sa cháipéis freisin faoi dhualgais an stáit a chinntiú go gcuirfear eolas, áiseanna agus acmhainní ar fáil d’inimircigh maidir le seirbhísí agus fostaíocht. Thairis sin, tugtar geallúint go mbaileofar staidreamh bailí agus go ndéanfar monatóireacht ar fheidhmiú na straitéise – uair amháin i dtréimhse ceithre bliana.

Dea-chleachtais iad na forálacha ar fad ach cá bhfuil an dréacht-reachtaíocht chun na dlíthe a neartú? Cá bhfuil an tiomantas do chaiteachas breise le dhul i ngleic le coiriúlacht ciníoch? Cá bhfuil an tiomantas ó na páirtithe polaitíochta ar fad nach nglacfar le freagra débhríoch ó bhall tofa ar bith – chonaiceamar go raibh drogall ar aontachtaithe áirithe ionsaithe ciníocha ina gceantair féin a cháineadh.

Cancar ab ea seicteachas a chráigh pobal an tuaiscirt agus nach bhfuil leigheasta fós; gné eile den fhuath céanna é an ciníochas. Ní hamháin gur gá a léiriú go bhfuil sé do-ghlactha ar bhonn sóisialta – ní mór a chruthú le cúisimh, le ciontú sna cúirteanna, agus le pionóis, go bhfuil sé do-ghlactha ar gach leibhéal. Ach a ndéanfar sin, ní bheidh sna briathra beannaithe úd ach ceirín ar an gcneá.

Fág freagra ar 'Cancar ab ea seicteachas a chráigh pobal an tuaiscirt – gné eile den fhuath céanna é an ciníochas'