‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith le cloisteáil níos rialta ar RTÉ’ – Micheál Martin

Agus Comhar na Nollag á sheoladh ag Micheál Martin anocht dúirt sé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge chun tosaigh sa chraoltóireacht seirbhíse poiblí agus go raibh dualgas ar an Stát aitheantas láidir a thabhairt don seasamh bunreachtúil atá ag an nGaeilge

‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith le cloisteáil níos rialta ar RTÉ’ – Micheál Martin

Micheál Martin. Pictiur: Leah Farrell/RollingNews.ie

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin anocht go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar RTÉ agus go raibh “easnamh tromchúiseach” ó thaobh na teanga i sceideal an chraoltóra náisiúnta.

Bhí Martin ag tagairt don iniúchadh a rinne an Coimisinéir Teanga faoin easpa clár teilifíse Gaeilge ar RTÉ agus é ag seoladh eagrán na Nollag den iris Comhar i Músaem Náisiúnta Litríochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath anocht.

Dúirt Micheál Martin gur chóir go mbeadh “an Ghaeilge chun tosaigh sa chraoltóireacht seirbhíse poiblí” agus go raibh “dualgas ar an Stát aitheantas láidir a thabhairt don seasamh bunreachtúil atá ag an nGaeilge i saol na tíre seo”.

Dúirt sé go raibh ról tábhachtach ag na meáin Ghaeilge i saol na teanga agus go raibh sé tábhachtach go bhfoilseofaí ábhar i nGaeilge, idir irisí agus leabhair.

“Molaim de shíor an ról luachmhar lárnach atá ag leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie agus nmeáin eile a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa tír seo.

“Cé gur maith an dul chun cinn é go bhfuil meáin chumarsáide sin trí mheán na Gaeilge ar fáil táim go láidir den tuairim go bhfuil sé fíorthábhachtach na modhanna traidisiúnta foilsitheoireachta cosúil le téacsleabhair a bheith ar fáil do na léitheoirí.

“Ba chóir tacaíocht a thabhairt do na foilseacháin Ghaeilge chun go mbeadh leabhair agus irisí ar fáil do phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil gur bealach í an Ghaeilge chun daoine a thabhairt le chéile agus thagair sé don obair atá ar siúl ag gníomhaithe teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Thagair sé chomh maith dá aistear foghlama teanga féin agus don tréimhse a chaith sé ar an bhFeothanach i gCorca Dhuibhne, turas a mhúscail a shuim sa Ghaeilge.

Chomh maith le heagrán na Nollag den iris Comhar, seoladh ag an ócáid freisin dhá leabhar nua ó LeabhairComhar, Fianaise Bhreise le Micheál Ó Ruairc agus Neansaí ar an bhFeirm le hOrna Ní Coileáin.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Fág freagra ar '‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith le cloisteáil níos rialta ar RTÉ’ – Micheál Martin'