Cainteoir Gaeilge molta ag Sinn Féin mar chathaoirleach nua ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí

Níl Brian Stanley éirithe as mar chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí ach dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur faoin bpáirtí is mó sa bhfreasúra a bhí sé cathaoirleach a cheapadh

Cainteoir Gaeilge molta ag Sinn Féin mar chathaoirleach nua ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí

Tá sé fógartha go bhfuil Sinn Féin chun Mairéad Farrell a mholadh chun teacht in áit Brian Stanley mar chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí.

Cainteoir líofa Gaeilge í Farrell, a toghadh chun na Dála i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar den chéad uair in 2020. Tá sí ina ball den Choiste um Chuntais Phoiblí agus bhí sí ina hurlabhraí caiteachais phoiblí ag Sinn Féin sular ceapadh í ina hurlabhraí ar chúrsaí ardoideachais agus breisoideachais.

Cuirfear an t-ainmniúchán os comhair Choiste Roghnóireachta na Dála maidin amárach agus beidh sé le faomhadh ag an Dáil an tseachtain seo chugainn.

Níl Brian Stanley éirithe as mar chathaoirleach ar an gcoiste ach dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur faoin bpáirtí is mó sa bhfreasúra a bhí sé cathaoirleach a cheapadh ar an gcoiste Oireachtais.

“Beidh Mairéad Farrell TD á hainmniú agam don ról.  Tá taithí agus eolas mór ag Mairéad ar chúrsaí buiséid.”

D’éirigh an cathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, Brian Stanley, as Sinn Féin an deireadh seachtaine seo caite de thoradh fiosrúcháin a rinne an páirtí faoi ghearán a rinne ball de Shinn Féin in aghaidh Stanley.

Tá sé ráite ag Stanley gur gheall le sórt “cúirt bhradach” a bhí i bhfiosrúchán Shinn Féin agus go raibh maíomh na ceannaireachta gur tugadh cosaint dá chearta sa bpróiseas gearáin “go hiomlán mícheart”.

Dúirt Mary Lou McDonald, gur cuireadh na cúrsaí a bhain leis an bhfiosrúchán i lámha an Gharda Síochána Dé Domhnaigh.

Dúirt Stanley go raibh sé sásta go raibh Sinn Féin tar éis an gearán a chur faoi bhráid na nGardaí agus go raibh “an ceart” ag McDonald “nuair a dúirt sí nach ábhar coiriúil” a bhí sa ngearán a rinneadh faoi fhéin.

Tá sé ráite ag dlíodóirí de chuid Stanley nach mbeidh sé ag eisiúint aon ráitis eile faoin scéal.

Tá cáineadh déanta ar Shinn Féin chomh maith as an gcaoi gur láimhseáil an páirtí éirí as an iar-sheanadóra Niall Ó Donnghaile. D’éirigh Ó Donnghaile as mar sheanadóirí mí na Nollag seo caite agus dheimhnigh sé gurbh é a sheol na teachtaireachtaí míchuí i mí Mheán Fómhair seo caite.

Cuireadh an PSNI ar an eolas faoi na teachtaireachtaí a seoladh go dtí déagóir ach ní bhfuarthas aon ghearán oifigiúil ó aon duine faoin scéal.

Dúirt Ó Donnghaile go ndeachaigh sé i gcomhairle le Sinn Féin agus gur ghlac sé leis gur chóir dó éirí as an bpáirtí agus as an Seanad. Níor thagair Ó Donnghaile ná Sinn Féin don scéal nuair a fógraíodh go raibh sé ag éirí as, áfach.

Fág freagra ar 'Cainteoir Gaeilge molta ag Sinn Féin mar chathaoirleach nua ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí'