Cáineadh géar déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar ‘easpa comhoibrithe’ Amharclann na Mainistreach

Cheal comhoibriú ó amharclann náisiúnta na hÉireann, chuir an Coimisinéir Teanga tús le himscrúdú foirmiúil faoi chomharthaí

Cáineadh géar déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar ‘easpa comhoibrithe’ Amharclann na Mainistreach

Tá cáineadh géar déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar Amharclann na Mainistreach as an easpa comhoibrithe a léirigh siad agus comharthaí san amharclann á bhfiosrú aige.

De réir thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara a foilsíodh inniu, ba bheag dul chun cinn a rinne sé lena chuid  fiosrúchán ón uair a chéad labhair sé leis an amharclann náisiúnta faoi cheist na gcomharthaí.

“Ar an 16 Feabhra 2017 a tharraing m’Oifig an gearán a rinneadh liom anuas leis an Amharclann den chéad uair, agus ainneoin iarrachtaí leanúnacha m’Oifige, ba chúis díomá dom nach raibh an comhoibriú a fuarthas ón Amharclann ar an gcaighdeán a mbeinn ag súil leis ó chomhlacht poiblí agus na fiosruithe, atá dlite ar m’Oifig a dhéanamh agus í i mbun a cúraimí reachtúla, á gcur i gcrích,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Dúirt an Coimisinéir gur de cheal “an chomhoibrithe” sin a chuir sé tús le himscrúdú oifigiúil. Chomhoibrigh Amharclann na Mainistreach níos mó leis le linn an imscrúdaithe sin.

I ndiaidh an imscrúdaithe, chinn an Coimisinéir go raibh Amharclann na Mainistreach ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcás roinnt comharthaí a bhí ar crochadh lasmuigh agus laistigh den amharclann náisiúnta. Bhí comharthaí sealadacha agus comharthaí daingnithe i gceist leis na comharthaí a sháraigh an dlí, cuid acu dátheangach ach lochtach agus cuid eile acu i mBéarla amháin.

Rinne an Coimisinéir moltaí éagsúla i dtaobh na gcomharthaí a chur ina gceart. Mhol sé, mar shampla, go leasófaí an comhartha i mBéarla amháin atá os cionn phríomhdhoras na hAmharclainne faoin 30 Meitheamh i mbliana, mura gcuirfí fianaise chuí ar fáil dó idir an dá linn go mbeadh foirgneamh na hamharclainne á leagan le linn na bliana 2020.

Gheall lucht na hamharclainne go gcuirfí na comharthaí sealadacha ina gceart ach, le linn an imscrúdaithe, d’áitigh siad nár chóir “dul i mbun an chostais mhóir” a bhainfeadh leis na comharthaí daingnithe a cheartú ó tharla go bhfuil sé beartaithe an foirgneamh a leagan.

Gealladh go gcloífí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla sna pleananna don chomharthaíocht san fhoirgneamh nua, a raibh súil acu go gcuirfí tús leis an obair air faoi cheann dhá bhliain.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh aon fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabharfadh údarás do Choimisinéir Teanga “díolúine a thabhairt do chomhlacht poiblí ó aon cheanglas reachtúil teanga”.

Fág freagra ar 'Cáineadh géar déanta ag an gCoimisinéir Teanga ar ‘easpa comhoibrithe’ Amharclann na Mainistreach'