Cad é cúlra chinneadh an Choimisinéara Teanga faoi dhualgais teanga Chomhairle Contae Chiarraí?

Tá cinneadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an dlí pleanála nuair nár cuireadh i bhfeidhm coinníoll teanga, ach téann an scéal siar go 2005

Cad é cúlra chinneadh an Choimisinéara Teanga faoi dhualgais teanga Chomhairle Contae Chiarraí?

Is mise a rinne an gearán leis an gCoimisinéir Teanga sa mbliain 2017 maidir le cliseadh Chomhairle Contae Chiarraí i dtaobh a cuid dualgais phleanála a chomhlíonadh i leith na Gaeilge i gCorca Dhuibhne. Ach téann an scéal siar go 2005 nuair a shocraigh an Bord Pleanála ar an 21 Aibreán 2005 go mbeadh coinníoll Gaeilge ar 12 as 16 de na tithe a bhí le tógáil i mBaile an Fheirtéaraigh. Achomharc a chuireas chuig an mBord Pleanála ba chúis leis an gcoinníoll Gaeilge a leagadh síos sa gcead pleanála a tugadh do Southbound Properties Ltd., scéim tithe ar a tugadh Ard na Cluainte. Ní raibh mé in aghaidh thógáil na dtithe ach in aghaidh cead a bheith tugtha gan aird ar an dteanga a chosaint ar go leor daoine gan Ghaeilge a bheith ag teacht chun cónaí i mBaile an Fheirtéaraigh.

Tacaíocht an Phobail don Achomharc

Agus ardaíonn sin an cheist cén fáth gur mise a rinne an t-achomharc faoi scéim tithíochta i gCorca Dhuibhne, agus cónaí orm i gConamara? Bhíos ag ceapadh go ndéanfadh Údarás na Gaeltachta an t-achomharc ach shílfeá nach raibh aon fhadhb ag Údarás na Gaeltachta le scéim tithe gan cosaint ar bith don teanga i sráidbhaile i gceantar láidir Gaeltachta. Ba cheart dom a mhíniú nach féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála mura bhfuil aighneacht curtha i dtosach faoin iarratas chuig an údarás pleanála. Níor bhac Údarás na Gaeltachta le haighneacht a chur ag an gComhairle Contae ach bhí aighneacht déanta agamsa agus mura ndéanfainn achomharc a chur ag an mBord Pleanála, ní fhéadfadh aon duine eile. D’iarr daoine ó Chorca Dhuibhne orm an t-achomharc a chur isteach. Ní rabhas sásta sin a dhéanamh gan tacaíocht an phobail a bheith taobh thiar díom, tacaíocht a tugadh ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Máirt, an 19 Deireadh Fómhair 2004 sa Scoil Náisiúnta i mBaile an Fheirtéaraigh. Seachas cuid de lucht tacaíochta an Chomhairleora Breandán Mac Gearailt, a thriail mé a stopadh ó labhairt ag an gcruinniú, fuair mé beannacht na ndaoine a bhí i láthair dul ar aghaidh leis an achomharc, rud a rinne mé.

Coinníoll an Bhord Pleanála

Bhain an t-achomharc go huile is go hiomlán leis an gceist ar cheart coinníoll teanga a bheith ceangailte leis an gcead pleanála. Dúradh go soiléir san achomharc nach ag cur in aghaidh na dtithe a bhí mé ach ag iarraidh go mbeadh coinníoll Gaeilge curtha leis an gcead pleanála, ar an mbonn go raibh sé ráite i bPlean Forbartha Chiarraí 2003 – 2009 go mba cheart go mbeadh aon fhorbairtí taobh istigh den Ghaeltacht ‘of benefit to the Irish language and the Gaeltacht communities of the Dingle and Iveragh peninsulas’.

Rinne an Bord Pleanála cinneadh faoin achomharc ar an 21 Aibreán 2005 agus leagadh síos an coinníoll teanga seo a leanas:

“3. Sula gcuirfear tús leis an bhforbairt, déanfaidh an t-iarratasóir comhaontú leis an údarás pleanála, faoi réir forálacha Alt 47 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, le cinntiú go mbeidh cuid oiriúnach de na tithe cónaithe atá dhá cheadú anseo curtha ar fáil dóibh siúd amháin a bhfuil líofacht sásúil i dteanga na Gaeilge taispeánta don údarás pleanála acu. Tógfar na nithe seo a leanas san áireamh, go háirithe i bhforálacha an chomhaontaithe seo:

(a) Bainfidh an srian le 12 tithe, sé sin 75% den fhorbairt ar fad.

(b) Beidh an srian i bhfeidhm ar feadh tréimhse 15 bliana ó dháta an ordaithe seo.

(c) An caighdeán líofachta atá ag teastáil is é an caighdeán atá ag teastáil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun deontas a fháil faoi Scéim Tithíochta na Gaeltachta agus bainfidh sé seo le ceann an teaghlaigh.

(d) Bainfidh an srian seo le teaghlaigh atá in áitíocht na dtithe, pé mar úinéara, leasaithe nó tionóntaithe, taobh amuigh de ligean saoire ar feadh tréimhsí mí amháin nó níos lú (sa chaoi is nach mairfidh iomlán an ligin seo ar feadh níos mó ná trí mhí in aon bhliain amháin).

Cúis: Chun oidhreacht teangan agus cultúrtha an limistéir Ghaeltachta seo a chosaint.”

Siléig na Comhairle Contae

Bhíos thar a bheith sásta leis an gcoinníoll sin ach é a bheith curtha i bhfeidhm. Tháinig sé chun solais trí bliana ó shin nár cuireadh scrúdú Gaeilge ar oiread is duine amháin de na daoine a bhí ag cónaí sna tithe a bhí faoi shrian teanga de bharr choinníoll an Bhord Pleanála. Go bunúsach, ní raibh Comhairle Contae Chiarraí ag bacaint le feidhmiú an choinníll teanga. 

Nuair a fuaireas é sin amach trí bliana ó shin scríobh mé chuig Bainisteoir na Comhairle Contae le fáil amach céard iad na cúiseanna nár cuireadh coinníoll an

Bhord Pleanála i bhfeidhm. Ní bhfuair mé aon fhreagra. Scríobh mé an dara huair agus diabhal freagra a tháinig. Chuir mé an cás i láthair an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag iarraidh air fiosrú a dhéanamh an raibh sárú dlí i gceist chomh fada is a bhain sé leis an dualgas faoin Acht Pleanála atá ar Chomhairle Contae Chiarraí i dtaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge i nGaeltacht Chiarraí.

Imscrúdú an Choimisinéara Teanga

Rinne an Coimisinéir Teanga imscrúdú faoin gcás agus tá toradh an imscrúduithe ar fáil anois. Deir an Coimisinéir gan fiacail a chur ann, gur léir gur tharla ‘sárú thar a bheith tromchúiseach’ nuair nár chuir Comhairle Contae Chiarraí ‘an fhoráil teanga ábhartha i bhfeidhm’. 

Is léir nár cuireadh na taifid ar fad a bhain leis an gcás ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga mar go ndeirtear sa tuarascáil nach bhfuarthas léargas ar cén dearcadh a bhí ag an gComhairle Contae faoin gcoinníoll teanga a chur i bhfeidhm ‘in éagmais taifid ábhartha’.

Tá moltaí déanta ag an gCoimisinéir Teanga ‘go mbunódh Comhairle Contae Chiarraí nósanna imeachta’ chun sástacht oifig an Choimisinéara i gcásanna eile ina leagtar coinníoll teanga ar fhorbairtí tithíochta. Is í an cheist anois ann, an gcuirfear na nósanna imeachta i bhfeidhm? 

Dearcadh Údarás na Gaeltachta

Tar éis dom an cás sin a throid, bhí daoine as ceantair eile Ghaeltachta i dteagmháil ag iarraidh cásanna den chineál céanna a throid. Bunaíodh an eagraíocht Airdeall, le hionadaithe ó cheantair Ghaeltachta eile, faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus throid Airdeall go leor leor cásanna ar son phobal na Gaeltachta, i nDún na nGall, Port Láirge, Ciarraí agus Gaillimh. I ngach cás d’éirigh le Airdeall san achomharc a cuireadh os comhair an Bhord Pleanála i dtaobh an choinníll teanga. Pádraig Ó Ceithearnaigh is mó a d’iompair an t-ualach oibre a bhain le Airdeall. Ach cuireadh deireadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe a thug Foras na Gaeilge isteach, agus tháinig deireadh le Airdeall.

Ar ndóigh ’sé Údarás na Gaeltachta ba cheart a bheith i mbun na hoibre seo ach bhíodh sé mar pholasaí daingean ag an Údarás, agus seans go bhfuil fós, gan achomharc a chur chuig an mBord Pleanála, faoi fhorbairtí tithíochta a fhéadfadh dochar a dhéanamh do staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.

Sa lá atá inniu ann má chliseann údarás pleanála, mar a chlis Comhairle Contae Chiarraí, i dtaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa gcóras pleanála, tugann Údarás na Gaeltachta pas dóibh. Gan an tÚdarás a bheith sásta an obair a dhéanamh, níl aon eagraíocht ag faire amach agus ar an airdeall faoi fhaillí na n-údarás pleanála i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Cad é cúlra chinneadh an Choimisinéara Teanga faoi dhualgais teanga Chomhairle Contae Chiarraí?'

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Mo chlann fhéin do dhíol a máthair.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá sé dochreidthe nach bhfuil an cheist seo réitithe fós tar éis 15 bliain. Tá na heasnaimh ann go forleathan – easpa tola ag an gComhairle Contae, easpa suime ag Údarás na Gaeltachta agus easpa cumhachta ag an gCoimisinéir Teanga. Táthar ag súil anois go raghaidh na coistí Pleanála Teanga i ngleic leis an bhfadhb leanúnach seo agus brú a chur ar an Údarás glacadh leis na cumhachtaí reachtúla atá acu agus iad a chur i bhfeidhm.