Cad déarfadh scríbhneoirí na Gaeilge leis na glúnta atá romhainn?

Agus Daonáireamh 2022 á líonadh ag muintir na hÉireann aréir bhí deis ag daoine blúirín a scríobh don Taisceadán Todhchaí, blúirín a bheidh á léamh ag daoine faoi cheann céad bliain. Cad déarfadh scríbhneoirí na Gaeilge leis na daoine sin?

Cad déarfadh scríbhneoirí na Gaeilge leis na glúnta atá romhainn?

Ná bíodh an iomad trua agaibh dúinn…

Alan Titley

Don bhliain 2122

Mo leithscéal nach bhfuil seo á scríobh agam sa tSínis, nó sa teanga dhomhanda eile sin, an Araibis. Ach tá innill agus meaisíní agaibh leis an aistriú seo a dhéanamh ar aon nós, dá bhrí sin, ní mé atá buartha. Ach is mé atá in éad libh. Cuid agaibh ag maireachtaint go mbeidh sibh dhá chéad bliain d’aois, nó thairis, agus gan fiacail ná ribe gruaige caillte feadh an ama sin. Tá’s agam go bhfuil rogha fhairsing de na piollaí sonais sin agaibh, ach tuigim go n-oibríonn siad ar fad. Gan aon cheann díobh a bhfuil na horlaí donais tríd! 

Ná bíodh an iomad trua agaibh dúinn, ní raibh an saol chomh dona sin ag a lán lenár linn. Is fíor nach raibh ardacoptair phearsanta ag gach duine againn, ach bhí gluaisteáin agus rothair mar a bhíodh capaill agus asail romhainn. Agus eitleáin a bhíodh ag análú go mall murab ionann agus na roicéid fhorshonacha atá agaibhse. Smaoinítear air! Ghlactaí sé nó seacht n-uaire an chloig dul as Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe, an méid céanna ama is a thógann sé dul chun na gealaí anois.

Agus bhíodh ospidéil againn, tá’s agaibh, na háiteanna sin ina bhfuil na páláis phléisiúir iláthais anois. Agus airm, mar bhíodh cogaí againn, daoine ag marú a chéile de dheasca sainte agus cumhachta. Ní foláir nó ceapann sibh go rabhamar barbartha. Ach chuir an rialtas domhanda deireadh leis sin ar fad chomh maith leis na piollaí sonais a dhíbir gach duáilce dhaonna. Nach iontach an rud é an taibhreamh? Nach aoibhinn an rud é an aisling? Nach míorúilteach an rud é an bhrionglóid? Nach mealltach í an dallamullóg?

Gurab amhlaidh duitse!

Meadhbh Ní Eadhra

Chas mé le mórán daoine agus mé ag siúl lenár madra, Pumpkin, suas ár mbóithrín inniu. Bean óg ag canadh in ard a cinn is a gutha, gan cíos cás ná cathú uirthi. An ghrian ag taitneamh. Éiníní le cloisteáil san aer. Fir ag tógáil tí, iad sásta sos beag a fháil agus beannú dom is mé ag siúl tharstu. Gasúir ag spraoi amuigh sa ngarraí, cailín beag ar rothar agus a deartháir á leanacht timpeall na háite. Go leor madraí; cuid acu ciúin, socair agus cuid eile ag tafann agus iad ar a n-airdeall. Thóg muid go réidh é, mise agus Pumpkin. Ní raibh deifir orainn inniu. Ní mar sin a bhíonn sé i gcónaí. Bíonn an fón ar siúl de shíor, daoine ag cur teachtaireachtaí WhatsApp agus Instagram chugam, ag cur glaochanna, ag iarraidh a bheith i dteagmháil. Scaití bíonn sé deacair m’intinn a chiúnú. An mbíonn sé mar sin duitse? Tá an méid sin tarlaithe le tamall anuas – Paindéim Covid-19, an Rúis ag troid san Úcráin, agus cuid mhaith eile nach iad. Níl chuile shórt i gceart sa domhan, ach an mbíonn ariamh? Tá mo chuid leabhar caite timpeall mo sheomra leapa agus ag líonadh na seilfeanna sa teach. Tá súil agam gur mar sin a bheidh ag daoine i gcónaí. B’fhearr i bhfad liom na leabhair fhisiciúla ná na cinn dhigiteacha. Ní féidir an boladh agus an chaoi a n-airíonn tú ag dul ó leathanach go leathanach a shárú. Ach nach cuma. Thar rud ar bith eile, tá súil agam gur féidir leatsa dul ar shiúlóid suas do bhóithrín agus beannú do do chomharsana agus daoine a chloisteáil ag canadh agus gasúir a fheiceáil ag spraoi lasmuigh. A bheith tumtha i do shaol beag féin, nóiméad ar nóiméad, lá ar lá, bliain ar bhliain. Tá súil agam gur mar sin atá rudaí duitse – mar atá domsa.

Cé acu is treise feasta, baois nó gaois? 

Anna Heussaff 

Bímid ag streachailt de shíor idir imní agus dóchas i saol seo na bliana 2022. Is den nádúr daonna an streachailt ach más ann fós do phobail rathúla sa bhliain 2122, más ann don aoibhneas agus don áilleacht a fuaireamarna, agus má tá Gaeilge á labhairt is á léamh mar aon le teangacha iomadúla eile, is iontach na cúiseanna ceiliúrtha a bheas ar fáil. 

Tagann fíor-imní orm faoi scrios na haeráide agus faoi réabadh an dúlra, faoin gcraos airgid agus faoi na bréaga nimhe a choinnigh tionscail na hola, an ghuail agus an phlaistigh in uachtar in ainneoin na bhfíricí loma agus na malairtí uile chun feabhais. Tagann ísle brí orm faoin dúil chogaíochta is daorsmachta agus faoi na trilliúin a chaitear gach bliain ar airm ollmharfacha seachas ar leas na sluaite atá ocrach. Cúis feirge an chos ar bolg a imrítear ar bhonn inscne, ciníochais, creidimh, cultúir is gach leath-leithscéil eile dár ceapadh riamh. 

Is iomaí cúis dóchais a ardaíonn mo chroí ina dhiaidh sin: misneach dochloíte an duine; síorchruthaitheacht, sár-eolaíocht agus fiontraíocht ar son na maitheasa; feachtasaíocht agus diansaothrú ar son cearta daonna, sláinte, tithíochta is gach eile; an grá, an greann, an ceol agus an fonn comhluadair a choimeádann ag imeacht sinn ó lá go chéile. 

Cé acu is treise feasta, baois nó gaois? Cur i gcéill na gcúpla focal nó gníomhartha fónta? Leatrom coirp agus scáil an phríosúin intinne ina maireann na mílte milliún inniu, buille marfach na chéad phaindéime eile, bás tobann an dóchais – nó sárú ar vortex na gcruachás ina bhfuilimid agus solas na tuisceana ár dtarrtháil?

*Tá teidil roinnt úrscéalta le Anna Heussaff san abairt deiridh anseo*

B’iontach an pósadh é…

Pól Ó Muirí

Tusa atá á léamh seo san am atá le teacht, dom an deis, in Annála seo Achadh Choinn, an síscéal a bhréagnú gur bunaíodh síocháin in Éirinn nuair a phós Fine Gael Fianna Fáil agus d’fhág Cogadh Céad Bliain ina ndiaidh. (Ó, mo dhearmad, chuir siad cuireadh ar na Glasaigh teacht chun na bainise agus thug siadsan na bláthanna leo nó is maith le Glasaigh rudaí a fhás.)

Sea, ábhar mór cainte a bhí sa phósadh chéanna ach pósadh bréige a bhí ann, pósadh gan ghrá, an sórt socrú atá le fáil sna leabhair staire; samhlaigh Aoife ag pósadh Strongbow agus tuigfidh tú mo théis.

Iontach an pósadh é, mar sin féin. Cheangail sinsir Fhine Gael cimí cogaidh de mhianach talún leis an Stát a bhunú. Ba de shliocht Fhianna Fáil na cimí céanna. Síocháin, mar sin, idir dhá pháirtí fhuilteacha, eipic, gan amhras, nach bhfacthas ó bhuail beirt ó Thír Eoghain agus Ciarraí craiceann ar Thrá na Beannaí, na tonntaí ag coinneáil ceoil leo agus solas na gealaí ag lonrú ar Sam.

Socrú lom suarach polaitíochta a bhí sa chaidreamh seo idir Fine agus Fianna le go mbeadh uaisle in ann cuideachta a choinneáil le huaisle agus na hísle – nár maitheadh a gcuid peacaí ná coireanna go fóill dóibh – a choinneáil as cumhacht. Gníomh a bhí chomh náireach sin gur chuir sé deireadh leis an téarma ‘freasúra’ sa pholaitíocht mar b’eol dúinn é; gníomh a léirigh teip an chórais pholaitíochta, ní a bhuaic.

Mhair mórán polaiteoirí suaracha san aois seo – Johnson, Biden, Macron, gan ach dornán a lua. Dá olcas iad, ní dhearna Johnson margadh le Sior Keir Starmer ná Biden margadh le Trump ná Macron margadh le Le Pen. Ní hamlaidh an scéal in Éirinn. Shocraigh an dá pháirtí a bhunaigh agus a rialaigh an Stát ó thús aimsire gurbh fhearr euro ná aighneas, gurbh fhearr pinsean ná prionsabal, gurbh ionann tiarna Normannach agus taoiseach Gaelach feasta.

Tá súil agam go maireann an Pangúr Bán

Bridget Bhreathnach

Maireann scéalta móra na staire ar feadh i bhfad, ach cá dtéann na scéalta beaga? Is ansin a chaitheann muid ar fad an saol, sna scéalta beaga laethúla nach dtugtar áit ar leathanaigh na leabhar staire dóibh.

Is ar imeall chóipleabhair a scríobhadh an dán Pangúr Bán. Ar tháinig tú trasna ariamh air? Manach Éireannach a scríobh é sa tsean-Ghaeilge am éigin sa 9ú céad. Tá súil agam gur mhair an dán 100 bliain eile le go mbeidh tú in ann é a léamh.

Messe ocus Pangur Bán,

cechtar nathar fria saindán;

bíth a menma-sam fri seilgg,

mu menma céin im saincheirdd

Tugann an dán sracfhéachaint dúinn ar shaol príobháideach an mhanaigh. Bhí a chuid laethanta á gcaitheamh aige ag fiach focal agus a chaitín lena thaobh ag fiach luchain, iad beirt go dícheallach i mbun a gcuid oibre.

Céard is féidir liomsa a rá leat nach bhfaighidh tú tuairisc níos fearr air in áit éigin eile? An fiú dom tada a rá leat faoin bpaindéim Covid-19? An fiú dom tagairt d’ionradh na Rúise ar an Úcráin? Nó an fearr go n-inseoinn rud éigin duit faoi na rudaí a chonaic mé inniu?

Breathnaigh thart ort anois agus céard a fheiceann tú?

Feicimse lon dubh amuigh ar an gclaí ag bun an ghairdín is é in árach le druid bheag, cogadh críche eile is dóigh is iad ag déanamh neadracha san Earrach.

Tá tom fraoigh faoi bhláth ar bharr an tseid sa ngairdín is tá mé ionann is cinnte gur cráinbheach a chonaic mé ann ar ball is í ag eitilt thart go brionglóideach i ndiaidh chodladh mór an gheimhridh.

Fág freagra ar 'Cad déarfadh scríbhneoirí na Gaeilge leis na glúnta atá romhainn?'