Cad chuige an drogall fáilte a chur roimh iarracht Trump agus Kim ar son na síochána?

Chuirfeadh duine ciallmhar fáilte roimh aontú Mheiriceá agus na Cóiré Thuaidh go háirithe toisc go rabhthas ag caint faoi bhaol cogaidh

Cad chuige an drogall fáilte a chur roimh iarracht Trump agus Kim ar son na síochána?

Shamhlófá go mbeadh áthas ar dhaoine ar  fud an domhain go bhfuil síocháin, b’fhéidir, le baint amach i leithinis na Cóiré i ndiaidh chomhaontú Kim Jong-Un agus Donald Trump.

Ach ní mar sin atá.  Tá meáin an Iarthair, i Meiriceá agus in Éirinn fiú, le ceangal mar gheall ar an scéal. Bua do Kim atá ann, a dúradh go fáidhiúil in eagarfhocal de chuid an Irish Times.

Mhaígh an nuachtán Liobrálach i Sasana, an Guardian, go raibh mearbhall ar mhuintir na Cóiré Theas mar gheall ar an scéal, in ainneoin na bpictiúr a chonaic muid de mhuintir na tíre sin sin ag ceiliúradh.

Baineadh an chaint ar fad beagnach de thráchtairí Mheiriceá, agus ag caitheamh anuas ar an aontú a bhí polaiteoirí ón bpáirtí Daonlathach sa tír sin agus iad ag rá gur thug Trump i bhfad an iomad uaidh agus gan aige ach an éiginnteacht dá bharr.

Céard é go díreach a thug Trump uaidh?  Gheall sé go mbeadh deireadh leis na cleachtais mhíleata idir na Stáit Aontaithe agus arm na Cóiré Theas a aithnítear a bheith ina n-údar feirge sa Tuaisceart. An ceart cur ina choinne sin?

Agus tuige nach mbeadh a leithéid ina ábhar gríosaithe don Tuaisceart? Cuimhnigh gur mhaígh an ginearál Meiriceánach Curtis Le May gur dhóigh sé gach baile dtuaisceart na Cóiré sa gcogadh ansin sna caogaidí agus gur mharaigh sé 20% de mhuintir na Cóiré ar fad sa gcogadh céanna.

Ach dar leis an Irish Times, agus le meáin an Iarthair, gurb iad na Cóiréigh na diabhail sa scéal seo.

Gheall Trump freisin go ndéanfar athbhreithniú ar na bacanna trádála in aghaidh na Cóiré de réir mar a dhéanfaí dul chun cinn maidir le dí-armáil núicléach sa leithinis.

Ach bhí na meáin ar buile freisin go mbeadh dí-armáil núicléach i gceist don Tuaisceart agus don Deisceart araon.

Mhínigh an Seanadóir Daonlathach Jeanne Shaheen, as New Hampshire, go mbíonn ar an Tuaisceart airgead a chaitheamh ar chúrsaí míleata mar gheall ar na cleachtais ó dheas agus nach mbeadh an caiteachas sin ag teastáil a thuilleadh.

Is é sin go mbeadh na Cóiréigh in ann an t-airgead sin a úsáid ar ghnóthaí eile, feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála a muintire mar shampla.

Tá fáilte curtha ag daoine ciallmhara roimh na geallúintí seo, toisc, i ndáiríre, go rabhthas ag caint faoi bhaol cogaidh sa Chóiré, agus bagairt déanta ar ndóigh ag Kim Jong-Un go raibh sé ar a chumas arm núicléach a úsáid in aghaidh Mheiriceá féin sa chás go mbeadh sé ina chogadh.

Ach dar le leithéidí lucht an Irish Times, tá sé ceart go leor go mbeadh sé ar chumas Mheiriceá an Chóiré a scrios, ach níl sé inghlactha go mbeadh an Chóiré in ann an rud céanna a dhéanamh ar Mheiriceá.

Deir na meáin seo go bhfuil na geallúintí a thug Kim ró-éiginnte toisc nach bhfuil amlíne ná eile ag baint leo.

Ach cuimhnigh gur fhorbair an Chóiré cumas núicléach mar gheall ar an mbagairt a bhí orthu ó Mheiriceá.  Cuimhnigh freisin gur aontaigh ceannairí an Tuaiscirt agus an Deiscirt tá mí ó shin gur theastaigh uathu dí-armáil núicléach a bhaint amach sa leithinis ar fad.

Tá a leithéid á lorg ag an gCóiré Thuaidh le blianta, agus níl aon chúis loighciúil acu nach rachfaí sa treo sin má chomhlíontar na geallúintí ar thaobh Mheiriceá de.

Mar sin féin, thug an Rúis, an tSín agus an Iaráin foláireamh don Chóiré faoi sin, agus mar a dúirt saineolaí amháin as an tSín, ní bhíonn na Stáit Aontaithe go maith ag comhlíonadh a gcuid geallúintí.  Thug an Iaráin foláireamh faoin gcaoi ar bhris na Stáit Aontaithe an socrú leosan  faoina gclár núicléach, agus ar ndóigh tá sampla na Libia le feiceáil go soiléir ag gach éinne.

Gheall Meiriceá don Choirnéal Gaddafi nach ndéanfaí aon ionsaí ar an Libia dá gcuirfidís a gcumas cosanta diúracán ó mhaith.  Ach a luaithe agus a bhí an Libia d’uireasa na ndiúracán, ionsaíodh iad. Tá an stát scriosta ar fad, tá margaí sclábhaíochta ag feidhmiú go hoscailte ansin anois agus daoine gorma á ndíol is á gceannach. Bronntanas a déarfá ó thír na saoirse.

I Meiriceá féin déanfar gach iarracht Trump a chur as oifig agus filleadh ar an sean-naimhdeas agus ar an mbrabús is féidir a dhéanamh ar thionscal na n-arm.

Ní hé sin le rá gur stát iontach í an Chóiré Thuaidh, ná gur mhaith linn féin maireachtáil ina leithéid de réimeas.  Ach níl aon cheart ag Meiriceá cur isteach ar thír ar bith eile, cogaí a spreagadh agus uafás a chur i réim ar fud an domhain.

Céim bheag dhóchais atá sa réiteach atá déanta, agus bímis buíoch de sin.

Ach thar aon rud tugaimis tacaíocht don iarracht sin le síocháin a chruthú i leithinis na Cóiré.

D’fhéadfadh sé a bheith ina shampla don domhan.

Fág freagra ar 'Cad chuige an drogall fáilte a chur roimh iarracht Trump agus Kim ar son na síochána?'

  • sinead

    Ana-mhaith.