Cá dtosaíonn sé agus cá gcríochnaíonn sé? Leabhar nua faoi Chois Fharraige le seoladh

John J Keady, fear a tógadh i mBoston Mheiriceá agus ar tháinig a mhuintir as ceantar an Spidéil a chuir ‘Cois Fharraige (By the Sea)’ le chéile

Cá dtosaíonn sé agus cá gcríochnaíonn sé? Leabhar nua faoi Chois Fharraige le seoladh

Is mór an lán cainte atá tarraingthe ag Cois Fharraige i gConamara – cá dtosaíonn an ceantar, cá gcríochnaíonn sé agus an bhfuil aon áit fágtha anois ann de bhunadh an cheantair?

Anocht, teach ósta An Crúiscín Lán sa Spidéal an áit le bheith más freagraí atá uait. Tá leabhar faoin áit á sheoladh ansin a scríobh fear a tógadh i mBoston Mheiriceá ach ar tháinig a mhuintir as ceantar an Spidéil. Chuir sé na ceisteanna, rinne sé an taighde, scríobh sé an leabhar agus d’fhoilsigh sé féin í!

Fiosracht a spreag John J. Keady tabhairt faoin taighde iontach seo agus a mhuintir i Sáile Chuanna [Saile Thúna] sáraithe aige le ceisteanna faoi iarsmaí, ballaí is scéalta na háite.

Ní haon strainséir é an Céideach thart faoin Spidéal mar deir sé linn gur thuill crústa  tamall ag tarraingt píotsaí ag daoine a bhí sa gcathaoir mhór sa mbaile agus gur minic i dtithe ósta na háite a chuala sé seanchas a bhí lárnach ina chuid taighde.

Seo fear a bhfuil gaol aige le leath Chonamara, an t-údar aitheanta Máirtín Ó Cadhain ina measc. Ní hionann is go leor againn tá sé in ann an gaol sin a ríomh siar sna glúnta – agus nádúrtha go leor ba mhaith an cúnamh dó sin agus é ag tochailt sna foinsí oifigiúla dlí, nuachtáin agus stáit.

Tá cur chuige an-spéisiúil ag an bhfear seo mar seachas croineolaíocht thraidisiúnta na staraithe a leanacht is amhlaidh a leanann sé duine, eachtra nó taifead agus siar leis an cosán sin 150 bliain agus níos faide agus muide ina theannta. Tugann sé a chosán agus a chaibidil féin do gach téama.

An t-eolas nach bhfuil sa leabhar seo tá sé sna foinsí fairsinge atá curtha ar fáil aige sna hinnéacsanna flúirseacha.

Beidh an t-údar féin chugainn as Las Vegas don seoladh oíche anocht agus cóipeanna den leabhar ar díol ar €15. Fear a bhfuil an-chur amach aige fhéin ar stair an cheantair, an t-iarfheisire Eorpach, Seán Ó Neachtain a sheolfaidh an leabhar seo anocht ag 7.30pm, an 20 Deireadh Fómhair, sa gCrúiscín Lán sa Spidéal.

Fág freagra ar 'Cá dtosaíonn sé agus cá gcríochnaíonn sé? Leabhar nua faoi Chois Fharraige le seoladh'