‘@bullshitcallerouter’ ag baint stangadh as lucht faisin agus stíle

Aird dírithe ar bhlagadóirí áirithe a leasaíonn a gcuid pictiúr chomh mór sin le cuma na háilleachta a chur orthu féin go bhfuiltear ag cruthú caighdeáin mhíréalaíocha do chailíní agus do mhná óga na tíre

Stacey Solomon

Bheadh tuairim mhaith agat ón leasainm atá ar an gcuntas nua Instagram ‘@bullshitcallerouter’ go raibh diabhlaíocht éigin ar bun ag an té a bhí ina bhun. Bhain an cuntas stangadh as go leor díobh siúd atá gafa le saol an fhaisin agus na stíle sa tír seo i dtús na seachtaine seo nuair a ionsaíodh cuid de na blagadóirí is aitheanta dá bhfuil ann.

Méar a dhíriú ar bhréagadóireacht agus ar mhímhacántacht i measc blagadóirí áirithe a bhí mar aidhm ag an gcuntas Instagram agus níorbh fhada go raibh os cionn 20,000 duine á leanúint. Scaip an díospóireacht go sciobtha ar na meáin shóisialta agus ar na fóraim dhíospóireachta agus níorbh fada go raibh bulaíocht agus tromaíocht á gcur i leith údar an chuntais nua. 

“Influencers” a thugtar i mBéarla ar na blagadóirí sin a bhfuil tionchar mór acu de bharr líon na ndaoine a leanann iad nó de bharr stádas an scríbhneora mar shaineolaí nó mar réalta faisin. Daoine macánta, ionraice iad cuid mhór de na scríbhneoirí seo a oibríonn go crua le heolas fiúntach a bhailiú agus a scaipeadh. Saothraíonn cuid den ‘lucht tionchair’ seo airgead mór ó dhéantóirí as daoine a threorú ar nasc idirlín chuig táirge ar leith. Gnó dlisteanach é sin agus baineann comhlachtaí faisin agus stíle úsáid as lucht seo an tionchair ar an mbealach céanna agus a chuirfidís fógraí sna hirisí faisin nó ar an teilifís.

Ní ar an gcuid sin den obair a dhírigh ‘@bullshitcallerouter’ aird an phobail ach ar na blagadóirí féin agus an cleachtas atá ag cuid acu pictiúir díobh féin a athrú, a leasú nó a mhaisiú chomh mór sin le cuma na háilleachta a chur orthu sula bhfoilsítear iad. Maítear go bhfuiltear ag cruthú caighdeáin mhíréalaíocha do chailíní agus do mhná óga na tíre.

Cleas simplí go maith a bhí ag údar an chuntais Instagram – na pictiúir de na blagadóirí a raibh fóta-eagarthóireacht déanta orthu a fhoilsiú taobh le taobh le pictiúir eile a tógadh den duine céanna ar an ócáid chéanna. Ba chosúil go raibh an taighde déanta ag ‘@bullshitcallerouter’ agus bailiúchán maith pictiúir curtha le chéile a bhféadfaí a rá gur “before and after” a bhí i gceist iontu ach gur ag aon am amháin a tógadh iad.

Anois, níor mhaith le haon duine againn go bhfoilseofaí pictiúir dínn féin agus droch-chuma orainn ach is mór idir sin agus pictiúir a leasú chomh mór sin go mbeidís curtha as a riocht go hiomlán. Ba mhinic na cileagraim meáchain bainte de dhaoine agus orlaí go leor bainte den bhásta le cleasaíocht na fóta-eagarthóireachta ar na pictiúir a d’fhoilsigh na blagadóirí díobh féin i gcomparáid leis na pictiúir a thóg daoine eile díobh ag na hócáidí céanna.  I bpictiúir eile, bhí an craiceann ar aghaidheanna na mblagadóirí chomh glanta sciúrtha sin go gceapfá nach raibh roc, goirín nó spota de chineál ar bith riamh orthu, trí phróiseas ar a dtugtar ‘facetune’.

Ní dea-shampla ar bith iad an chuid sin de ‘lucht an tionchair’ tráth a bhfuil méadú ag teacht ar ghalair ar nós anoireicse agus búilime i measc cailíní agus mná óga. Agus ní cúnamh ar bith don mhisneach nó don fhéinmhuinín iad na pictiúir sin a bhfuil oiread fóta-eagarthóireachta agus ‘facetune’ déanta orthu agus a thugann le tuiscint gur rud mínádúrtha é marc nó máchail ar bith a bheith ar an aghaidh.

Trathúil go maith, dhírigh an pearsa teilifíse Stacey Solomon ón mBreatain spotsolas ar an ábhar céanna roinnt laethanta ó shin, nuair a d’fhoilisigh sí pictiúr ‘nádúrtha’ di féin agus leagan eile den phictiúr céanna a raibh fóta-eagarthóireacht déanta air mar rabhadh faoin gcleachtas atá ar siúl go coitianta ag daoine eile.

Níl amhras ar bith orm ach go raibh an ceart ar fad ag Stacey Solomon agus ‘@bullshitcallerouter’ aird a dhíriú ar an gceist seo ach is spéisiúil freisin an freagra a tháinig ó thionscal na mblagadóirí faisin agus stíle – dúirt cuid mhór acu gur bulaíocht agus tromaíocht a bhí á dhéanamh orthu. Chuaigh cuid acu i bhfolach taobh thiar den chleas gurbh iadsan a bhí na híobartaigh seachas díriú ar fhíricí an scéil.

Nach bhfuil seanfhocal ann a deir go mbíonn an fhírinne searbh in amanna?

Fág freagra ar '‘@bullshitcallerouter’ ag baint stangadh as lucht faisin agus stíle'

  • Tomas

    Agus an í sin Sara Ní Chuirreáin i ndáiríre sa phictiùr agaibh d’éis dreas beag fota-eagarthóireachta a dhéanamh?