Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in Óstán an Radisson Blu i nGaillimh aréir. Bhí Tuairisc.ie i measc na n-eagraíochtaí meán a thug gradam leo

Na Gradaim Chumarsáide
Na Gradaim Chumarsáide

Bhí Tuairisc.ie i measc na mbuaiteoirí aréir ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Ceithre cinn d’ainmniúcháin a bhí ag Tuairisc.ie agus d’éirigh leis ceann amháin a fháil.

Bhuaigh eagarthóir an tsuímh nuachta, Seán Tadhg Ó Gairbhí, an duais ‘Iriseoir/Colúnaí na Bliana’, gradam a raibh Maitiú Ó Coimín agus Póilín Ní Chiaráin ainmnithe dó freisin.

Ba é an iris ar líne Nós a bhuaigh Láithreán Gréasáin na Bliana, rannóg ina raibh Tuairisc.ie ainmnithe chomh maith.

I measc na ndaoine eile ar bronnadh gradam aréir orthu ag searmanas in Óstán an Radisson sa Ghaillimh, bhí Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht RTÉ/TG4 a bhuaigh Craoltóir Teilifíse na Bliana, Dara Devaney a thug leis an gradam d’Aisteoir na Bliana agus Máirín Ní Ghadhra ar éirigh léi sa rannóg Craoltóir Raidió na bliana.

Ba é Corp + Anam a bhuaigh Sraith Teilifíse na Bliana agus thug Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta leo an gradam do Shraith Raidió na Bliana.

Ba ar an scríbhneoir agus craoltóir Cillian de Búrca a bronnadh Gradam Réalt Óg na Bliana, ar vótáil an pobal dó.

Bronnadh Buaicghradam Cumarsáide na bliana ar iarcheannaire Raidió na Gaeltachta, Tomás Mac Con Iomaire, agus bronnadh Gradam Speisialta ar ar an sobaldráma Ros na Rún.

Na buaiteoirí

1. SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

• Corp + Anam (Magamedia)

2. SCANNÁN/CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

• Katie (Fócas Films)

3. CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

• Seán Mac a tSíthigh (Nuacht TG4)

4. AISTEOIR NA BLIANA

• Dara Devaney (An Bronntanas)

5. SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

• Rónán Beo @ 3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

6. CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

• Máirín Ní Ghadhra (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

• Seán Tadhg Ó Gairbhí (tuairisc.ie)

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

• Nós