‘Buachaill cneasta, séimh, sárscoláire agus sárfhear spóirt’ – scamall ar mhuintir Chorca Dhuibhne ag bás Aodháin Uí Chonchúir

Tá pobal Chorca Dhuibhne faoi scamall bróin ag bás tragóideach Aodháin Uí Chonchúir, buachaill óg 14 bliain d’aois a cailleadh de bharr timpiste ar pháirc na caide

‘Buachaill cneasta, séimh, sárscoláire agus sárfhear spóirt’ – scamall ar mhuintir Chorca Dhuibhne ag bás Aodháin Uí Chonchúir

“Timpiste a leag scamall ar Chorca Dhuibhne, ar mhuintir Chorca Dhuibhne agus ar aon duine a raibh aithne acu ar Aodhán agus ar a chlann.”

B’shin a bhí le rá ag Pádraig Firtéar, príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ar Raidió na Gaeltachta ar maidin agus é ag labhairt faoi bhás tragóideach Aodháin Uí Chonchúir, duine de dhaltaí na scoile, a cailleadh de thoradh timpiste a tharla ar ghort na caide.

Bhásaigh Ó Conchúir, 14 bliain d’aois, in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh Dé Sathairn tar éis dó drochbhuille sa cheann a fháil agus é ag imirt d’fhoireann na Pobalscoile i gcluiche peile Dé Céadaoin seo caite.

“Buachaill, cneasta, séimh ciallmhar ab ea é nár chuir isteach nó amach ar aon duine. Sár-scoláire agus an-spéis aige sa léann agus san fhoghlaim. Sárfhear spóirt ab ea é chomh maith.

“Fear an-dhíograiseach ab ea é ar pháirc na himeartha sa chaid nó sa sacar, agus ar dheis Dé go raibh a anam dílis,” a dúirt Pádraig Firtéar.

Is ag imirt d’fhoireann faoi-15 na scoile in aghaidh Choláiste Bhréanainn Chill Airne a bhí Ó Conchúir nuair a tharla an timpiste ar Pháirc an Aghasaigh sa Daingean.

“Chuaigh an chaid isteach i dtreo an chúil agus léim triúr nó ceathrar in airde agus bhuail cois nó ball éigin dhuine acu i gcoinne chloigeann nó cheann Aodháin agus fuair sé drochbhuille,” a mhínigh Firtéar agus é ag cur síos ar an eachtra.

“Tógadh amach é láithreach agus bhí sé ag gearán go raibh pian ina cheann. Tógadh é go dtí an dochtúir sa Daingean agus tógadh in otharcharr go dtí Trá Lí é agus ansan in otharcharr go dtí an ospidéal i gCorcaigh.”

Rinne príomhoide Phobalscoil Chorca Dhuibhne comhbhrón le clann Uí Chonchúir, a thuismitheoirí John agus Áine, a dheirfiúr Ciara, a mhuintir agus a chairde, mar a rinne roinnt mhaith cumann peile agus sacair agus imreoirí aitheanta ar na meáin shóisialta.

Dúirt Príomhoide na Pobalscoile go raibh seirbhísí comhairleoireachta á gcur ar fáil do dhaltaí na pobalscoile chun déileáil le bás a gcomhscoláire.

I ráiteas a chuir Cumann CLG an Daingin amach, dúradh go rabhthas “croíbriste ceart” faoi bhás an imreora óig a raibh an oiread sin gealladh faoi sa pheil agus sa sacar, mar ar ainmníodh Aodhán ar fhoireann faoi-15 shraith sacair Chiarraí.

Ag labhairt dó ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Micheál ‘Murt’ Ó Muircheartaigh ó chumann an Daingin gur “uafásach” an scéal a bhí ann, go raibh sé “dochreidte” go raibh an gaiscíoch óg  “tógtha chomh luath sin” agus go raibh  “uaigneas” ar mhuintir an bhaile go léir.

“Tá ár gcroíthe briste,” a dúirt Ó Muircheartaigh.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Chontae Chiarraí Tim Murphy le Radio Kerry go raibh “creathadh mór” bainte as an gcontae ar fad ag bás Uí Chonchúir..

“Níl aon insint bhéil ar conas a mhothaíonn pobal CLG Chiarraí agus an scéal tragóideach seo cloiste acu,” a dúirt Tim Murphy.

Fág freagra ar '‘Buachaill cneasta, séimh, sárscoláire agus sárfhear spóirt’ – scamall ar mhuintir Chorca Dhuibhne ag bás Aodháin Uí Chonchúir'