‘Brúimis an cnaipe agus tosaímis arís’ – cinntí le déanamh faoi scaoileadh na srianta

Beidh cruinniú tráthnóna ag NPHET chun plé a dhéanamh faoin gcomhairle a chuirfidh siad ar an Rialtas faoi mhaolú na srianta Dé hAoine agus déanfaidh an Rialtas cinneadh amárach

‘Brúimis an cnaipe agus tosaímis arís’ – cinntí le déanamh faoi scaoileadh na srianta

Beidh cruinniú tráthnóna ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) chun plé a dhéanamh faoin gcomhairle a chuirfidh siad ar an Rialtas faoin maolú atá beartaithe ar na srianta deireanacha Covid-19 Dé hAoine.

Meastar go molfaidh NPHET go leanfaí le húsáid na dteastas Covid agus é ina imní faoin ardú ar líon na gcásanna den ghalar atá á ndeimhniú le tamall.

Tá imní ann go háirithe faoi líon na n-othar Covid-19 atá á gcur san ospidéal agus déanfar cinneadh ag cruinniú rialtais amárach faoi scaoileadh na srianta.

Meastar go mbeidh teastas Covid-19 fós riachtanach i mbialanna agus tithe tábhairne ar feadh an gheimhridh. Beidh gá le masc a chaitheamh chomh maith in go leor áiteanna.

Déanfar cinneadh amárach freisin faoi líon níos mó daoine a cheadú ag ócáidí taobh istigh agus taobh amuigh agus faoi chead a thabhairt do thithe tábhairne agus bialanna fanacht oscailte níos déanaí.

Pléifear chomh maith ceist na gclubanna oíche agus faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh cead oscailte acu do dhaoine a bhfuil teastas Covid acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, inniu gur anois “an t-am chun an cnaipe a bhrú agus tosú arís”.

Bhí daoine nach raibh an phrioc faighte acu “i gcontúirt níos mó” a dúirt sé agus d’achainigh sé orthu “an rud ceart a dhéanamh”. Maidir “leis an gcuid eile againn” bhí sé in am againn “na rudaí bunúsacha a dhéanamh arís agus iad a dhéanamh go maith”.

Dúirt príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais an tOllamh Mark Ferguson go gcaithfeadh daoine a bheadh ag freastal ar chlub oíche an vacsaín a bheith faighte acu “chun iad féin a chosaint”.

Mhol an tOllamh Ferguson chomh maith go mbainfí leas níos mó as tástálacha antaigine san iarracht an galar a choimeád faoi chúis. Bhí na tástálacha sin “an-úsáideach” mar “uirlis chosanta eile” cé nach leigheas ar chúrsaí a bhí iontu.

Deir an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas srianta a thabhairt isteach arís chun srian a chur ar líon na gcásanna Covid-19.

“Níl fonn orainn dul siar agus nílimid ag smaoineamh ar dhul siar. An t-aon rud atá romhainn ná a bheith ag bogadh ar aghaidh,” arsa an Taoiseach.

Fág freagra ar '‘Brúimis an cnaipe agus tosaímis arís’ – cinntí le déanamh faoi scaoileadh na srianta'