Brú curtha ag McGinley ar an Taoiseach faoi bhille teanga

Ní fhoilseofar an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mbliana mar a bhí leagtha síos i gclár reachtaíochta an Rialtais.

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Chuir Iar-Aire na Gaeltachta Dinny McGinley brú ar an Taoiseach sa Dáil inné faoi theip an Rialtais reachtaíocht teanga a fhoilsiú mar a bhí geallta.

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios do McGinley sa Dáil nach bhfoilseofar an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mbliana mar a bhí leagtha síos i gclár reachtaíochta an Rialtais.

Tá breis agus trí bliana ann ó cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

Mheabhraigh an Teachta Dála as Dún na nGall, a chaill a phost mar Aire Stáít na Gaeltachta nuair a deineadh atheagar ar bhord an Rialtais i rith an tsamhraidh, don Taoiseach go ndúradh i gclár reachtaíóchta an Rialtais go mbeifí ag tabhairt isteach Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn na tréimhse Dála seo.

“Cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun trí bliana ó shin, a mhair bliain, agus anois táimid ag fanacht leis an mBille. An bhféadfadh an Taoiseach a rá ag an bpointe seo an mbeidh an Bille seo foilsithe roimh dheireadh na bliana seo?

“Freisin, an mbeidh reachtaíocht curtha tríd an Teach, de réir mar a bhí geallta i gclár an Rialtais, sula dtagann deireadh le tréimhse an Rialtais?” a d’fhiafraigh Dinny McGinley den Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach mar fhreagra ar an meid sin, “Sílim go raibh an Bille sin os comhair an choiste”.

Thug sé le fios go síleann sé leis go dtiocfaidh an Bille os comhair na Dála go luath.

D’fhiafraigh Iar-Aire na Gaeltachta ansin de an dtiocfadh an reachtaíocht nua os comhair na Dála roimh an Nollaig.

“Ní hea, tiocfaidh sé go luath,” a d’fhreagair an Taoiseach.

“Dúradh go mbeadh sé againn roimh an Nollaig,” a dúirt McGinley.

Thug an Taoiseach le fios go bhfeicfí an Bille sa Dáil “go luath i mí Eanáir”.

 

Fág freagra ar 'Brú curtha ag McGinley ar an Taoiseach faoi bhille teanga'