
Bronnadh os cionn 200 céim, dioplóma agus teastas ar mhic léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Déardaoin seo caite ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ar na gradaim a bronnadh bhí an BA sa Chumarsáid, an Dioplóma sa Ghaeilge, an Dioplóma i Léann an Traidisiúin agus an Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin.
Ócáid ar leith a bhí ann, sa mhéid is gur bronnadh an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach agus an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga den chéad uair i stair na hollscoile.
“Cé gur ceiliúradh mór a bhíonn ann gach bliain – agus bíonn muid an-bhródúil i gcónaí as an méid a bhaineann ár gcuid mac léinn amach – bíonn sé ábhairín brónach freisin.
“Cuireann muid an-aithne ar mhic léinn na Cumarsáide an fhad is a bhíonn siad linn. Cé gur iontach an rud é iad a fheiceáil ag dul amach sa saol mór agus ag déanamh dul chun cinn dóibh féin, ní hiontas ar bith é freisin go mbíonn beagáinín cumha orainn ina ndiaidh,” a dúirt Riarthóir Léann na Cumarsáide, Uinsionn Mac Dubhghaill.
Fág freagra ar 'Bronnadh Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga agus BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in OÉG'