Brón agus fearg faoi chlaonpháirteachas córasach san RUC

Mhaígh na húdaráis le fada nach raibh claonpháirteachas córasach sna fórsaí slándála i leith na bparaimíleatach, ach cé chomh hinchreidte is atá an séanadh sin i bhfianaise a bhfuil d’eolas á thabhairt chun solais?

Brón agus fearg faoi chlaonpháirteachas córasach san RUC

Bhí tuairisc Ombudsman na bPóilíní scanrúil. Mura mbeadh i gceist ach torthaí an fhiosraithe sin amháin chuirfeadh siad alltacht ar íobartaigh agus chothódh siad imní faoi leagan amach na ndaoine a bhí in ainm is a bheith ag faire amach do shábháilteacht an tsaoránaigh. Níl sa tuairisc is deireanaí ach cuid den scéal áfach, mír scáfar a chothaigh míshuaimhneas, brón agus fearg is a neartaigh na hargóintí go raibh claonpháirteachas córasach san RUC.

D’fhiosraigh Ombudsman na bPóilíní, Marie Anderson, gearáin a rinne teaghlaigh na marbh faoi ról an RUC i dtaca le sraith d’ionsaithe a rinne an UDA i ndeisceart Bhéal Feirste sna nóchaidí. Maraíodh aon duine dhéag agus goineadh go leor eile. I measc na n-eachtraí sin bhí an t-ionsaí lámhaigh i siopa geallghlacadóra Sean Graham inar maraíodh cúigear. 

Chinn an tOmbudsman gur léiriú ar iompar claonpháirteach ab ea caidreamh na bpóilíní leis an UDA. B’údar mór imní di na bealaí éagsúla a dtáinig iompar na bpóilíní salach ar dhea-chleachtais agus ar a ndualgas daoine a chosaint ó chontúirt. Ní féidir léi a rá go lom gur chlaonpháirteachas (gníomh coiriúil) é de bharr rialú cúirte cúpla bliain ó shin nuair a thug iarchomhaltaí den RUC dúshlán an Ombudsman.

Liosta fada is ea na lochtanna a fuair an tOmbudsman ar iompar na bpóilíní le linn na tréimhse sna nóchaidí nuair a bhí an UDA ag réabadh tríd dheisceart Bhéal Feirste ar ráig mharfach. Brathadóirí don bhrainse speisialta ab ea ochtar a raibh baint acu leis na dúnmharuithe agus iarrachtaí dúnmharaithe eile cé go raibh a fhios ag póilíní faoina ról i gcoireanna. Ba phóilíní a thug gunnaí a úsáideadh i ndúnmharuithe do na paraimíleataigh. Theip orthu a chur in iúl do bheirt go raibh siad i mbaol a n-ionsaithe; maraíodh bean chéile duine acu le gunna cosanta pearsanta chomhalta den RUC. 

Scriosadh in aon turas comhaid a bhain leis an ionsaí ar shiopa Seán Graham agus níor coinníodh taifid go rialta. Níor thug an brainse speisialta faisnéis do lucht fiosraithe dúnmharuithe agus bhí fiosruithe easnamhach. 

Ar an drochuair is í an tuairisc seo an ceann is deireanaí de shraith a nocht claonpháirtíocht an RUC le paraimíleataigh dhílseacha i gcoireanna uafásacha. Liosta le háireamh iad na tuairiscí ar fhiosruithe – John Stevens, an Breitheamh Cory, Desmond da Silva, Nuala O’Loan, Michael Maguire agus anois, Marie Anderson. I measc na n-eachtraí ar frítheadh go raibh claonpháirteachas i gceist iontu bhí – Loch an Oileáin i ndeisceart an Dúin, Carraig Ceasail i gContae Dhoire, marú Pat Finucane i dtuaisceart Bhéal Feirste, marú Damien Walsh in iarthar Bhéal Feirste, sléacht Ghlas Stéille agus tuilleadh. Tá tuairisc á hullmhú ag fiosrú eile faoi láthair faoi dhrong Ghleann Anna i gContae Ard Mhacha a raibh póilíní agus saighdiúirí páirteach ann leis an UVF. 

Nuair a chuirtear san áireamh gur tharla na heachtraí sin i ngach ceard den Tuaisceart tá sé deacair diúltú do na líomhaintí go raibh iompar claonpháirteach córasach. Is cosúil go bhfuil cúpla tuairisc eile le heisiúint ag Ombudsman na bPóilíní gan mórán moille a léireoidh an patrún céanna.

Dúirt iarchomhalta den RUC go raibh sé míchruinn agus éagórach a rá, mar a dúirt dlíodóir na dteaghlach, Niall Murphy, gur cruthúnas é seo go raibh an t-úllord lofa murab ionann agus ‘cúpla úll’, mar a deirtear sa Bhéarla. Bhí oiread brú ar phóilíní le linn na dTrioblóidí go raibh sé ionann is dodhéanta taifid bheachta a choinneáil dar leis-sean, agus rinne daoine botúin.

Mhaígh sé freisin nach raibh difríocht ar bith idir an chaoi ar láimhseáil an RUC brathadóirí dílseacha agus cinn phoblachtacha. Is fada daoine ag fanacht le tuairisc an iarPhríomh-Chonstabla, Jon Boucher faoi Stakeknife, an gníomhaire san IRA. Má léirítear na lochtanna céanna agus iompar scanrúil mar atá á thuar, ní haon mhaise ar cháil an RUC a bheidh ann gur urchóid trasphobail a chleacht siad.

Deir lucht cosanta an RUC go bhfuil an obair seo aontaobhach mar nach bhfuil na paraimíleataigh á bhfiosrú agus déanann siad tagairt d’uafáis ar nós buamáil Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann. Ní chealaíonn ceann an ceann eile. Éagóir sa bhreis a bheadh ann faisnéis agus deis ar an gceart a cheilt ar íobartach ar bith mar nach bhfuil siad ar fáil do dhuine eile. 

Tá gach saoránach i dteideal an chirt . Níl aon chiontóir i dteideal saoirse ó fhiosrú cuma ar dhuine de na húdaráis é nó nach ea.

Bhí scála agus fairsinge na lochtanna ar an RUC a nocht an tuairisc seo ón Ombudsman chomh tromchúiseach sin as féin gur cheart go dtabharfadh sé údar ath-mhachnaimh do Brandon Lewis Státrúnaí an Tuaiscirt agus an Príomh-Aire Johnson.

Léiríonn an t-eolas is deireanaí –sa mhullach ar na tuairiscí eile a nochtann an cineál iompair céanna gur saobhadh cirt a bheadh i bplean na Breataine chun iar-fhórsaí stáit a chosaint trí stop a chur le fiosraithe, cúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta a bhaineann le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Fág freagra ar 'Brón agus fearg faoi chlaonpháirteachas córasach san RUC'

  • Pilib Ó Duinn

    Soiléir, ar an bpointe – mar is gnách, a Phóilín. Treise leat!