Boinn á mbronnadh ar Na Gaeil Óga agus ar naoi gcumann CLG Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh anocht

Beidh na cumainn i láthair ag ócáid bhronnta bonn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus aitheantas á fháil acu as ucht a gcuid oibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn

Boinn á mbronnadh ar Na Gaeil Óga agus ar naoi gcumann CLG Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh anocht

Pictiúr: ©INPHO/Tom Honan

Bronnfar boinn anocht ar 41 club CLG ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh as an obair atá déanta acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Is í ócáid bhronnta bonn na hoíche anocht an chéad cheann ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael.

Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích. Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn.

Chuir 87 club isteach ar an scéim in 2017 agus beidh ionadaithe ó na clubanna sin ar éirigh leo méid áirithe gníomhaíochtaí ar son na teanga a chur i gcrích i láthair anocht.

Aon chumann déag ar éirigh leo an bonn airgid a bhaint amach agus ar a laghad 50% de na gníomhaíochtaí comhlíonta acu. Tá sé chumann Gaeltachta san áireamh ansin, sin iad Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach (Gaillimh), Cumann Caide na Gaeltachta (Ciarraí), CLG An Spidéil (Gaillimh), CLG Ghaoth Dobhair (Dún na nGall), CLG na Rinne (Port Láirge) agus CLG Daingean Uí Chúis (Ciarraí). Bronnfar bonn airgid chomh maith ar Na Gaeil Óga, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Tá trí chumann Gaeltachta i measc an 29 cumann a chomhlíon 25% nó níos mó de na gníomhaíochtaí agus a gheobhaidh bonn cré-umha anocht, sin iad Cumann Pheil na mBan, Maigh Cuilinn (Gaillimh), Bhulf Tón CLG (An Mhí) agus Clann na nGael (An Mhí).

 

Ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach, rud nár éirigh le haon chumann a dhéanamh i mbliana.

Tá deontais ar fáil do chlubanna a bhíonn páirteach sa scéim chun gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus rinneadh infheistíocht €41,000 ar an Ghaeilge ag leibhéal an chlub trí scéim deontais na Fondúireachta i mbliana.

“Tá lúcháir orainn ar fad leis an oiread a baineadh amach tríd an Fhondúireacht seo le linn 2017,” a deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael.

“Tá moladh mór tuillte ag na clubanna ar fad a bhí páirteach i mbliana agus gabhaim comhghairdeas ar leith le gach club a bheas ag glacadh Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha abhaile leo. Is iontach an t-ómós é saothar na gclubanna seo d’oidhreacht Sheosaimh féin.”

Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.

Buaiteoirí na hoíche anocht:

Bonn Airgid:

Cumann Peile na Sáirséalach, Cill Laobháin, Co. Mhuineacháin
CLG Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe
Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach, Co. na Gaillimhe
Cumann Caide na Gaeltachta, Co. Chiarraí
CLG An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Naomh Colmcille, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí
CLG Fine Ghallainn, Sord, Baile Átha Cliath
CLG Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath
CLG na Rinne, Co. Port Láirge
CLG Dhaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Bonn Cré-umha:

CLG Dhroichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe
Cumann Peil na mBan, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
CLG Béal Átha an Cheasaigh, Contae Chorcaí
CLG Eochaill, Contae Chorcaí
CLG Clárach, Co. Chill Chainnigh
CLG Eoghan Rua, Cill Chua, Co. an Dúin
Raonaithe na Croise, Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha
Droichead Mhaigh Eo, Co. An Dúin
Gaeil Chúchulainn, Co. Lú
Gormaithe Bhaile Nua, Droichead Átha, Co. Lú
An Ríocht CLG, Co. An Dúin
Bhulf Tón CLG, Baile Ghib, Co. na Mí
Na Fianna, Glas Naíon, Baile Átha Cliath
CLG Dún Doire, Co. na Mí
Clann na nGael, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Cú Chulainn, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha
Aontas Gaelach an Ruiséalaigh, Dún Pádraig, Co. An Dúin
Naomh Eoin Bosco, Iúr Chinn Trá, Co. An Dúin
CLG Uí Dhonnabháin Rosa, Ard Bó, Co. Thír Eoghain
An Caisleán Glas, Co. Thír Eoghain
Naomh Colm, Baile na Scríne, Co. Dhoire
Eiméid Shleacht Néill, Co. Dhoire
Na Magha, Baile Arnóid, Co. Dhoire
Naomh Pádraig, Domhnach, Co. Fhear Manach
Seamrógaí Bhaile an Doire, Co. Thír Eoghain
CLG Naomh Colum Cille, Oileán agus Cluain, Co. Thír Eoghain
Ó Rathaille Chluain Eo, Co. Thír Eoghain
Aodh Ruadh, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall
Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall
Mícheal Ó Duibhir, An Céide, Co. Ard Mhacha

Fág freagra ar 'Boinn á mbronnadh ar Na Gaeil Óga agus ar naoi gcumann CLG Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh anocht'