Bogearra forbartha chun téacs sa seanchló Gaelach a chur ar fáil i gcló Gaeilge an lae inniu

‘An Gaodhal’ is ainm do thogra atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe agus é ainmnithe as an gcéad irisleabhar Gaeilge, a foilsíodh i Meiriceá ó 1881-1898

Bogearra forbartha chun téacs sa seanchló Gaelach a chur ar fáil i gcló Gaeilge an lae inniu

Tá bogearra nua forbartha a chuireann téacs sa seanchló Gaelach ar fáil duit i gcló Gaeilge an lae inniu.

‘An Gaodhal’ is ainm don togra atá ar bun in Ollscoil na Gaillimhe agus é ainmnithe as an gcéad irisleabhar Gaeilge a foilsíodh i Meiriceá ó 1881 go 1898. Tá corpas digitithe an irisleabhair ar fáil i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe agus is ar an gcorpas sin agus na hailt Ghaeilge atá le fáil ann atá an bogearra nua á bhunú.

Chuir Roinn na Gaeltachta maoiniú €40,000 ar fáil leis an mbogearra aitheanta optúil carachtair (OCR) a fhorbairt a aithníonn téacsanna atá scríofa sa seanchló Gaelach.

Tá dhá chóras á bhforbairt mar chuid den togra. An chéad cheann ná córas aonteangach Gaeilge a bheidh in ann téacsanna a scríobhadh sa seanchló Gaelach a scanadh agus a thiontú ina gcomhad téacs sa chló nua. An dara ceann ná córas dátheangach a bheidh in ann leathanaigh ar a bhfuil téacs (Béarla) sa chló Rómhánach agus téacs Gaeilge sa seanchló a scanadh agus a thiontú ag an am céanna.

Tá an córas aonteangach ar fáil go poiblí anois agus tá súil ag lucht na hollscoile go mbeidh an córas dátheangach ar fáil amach anseo.

Foilsíodh An Gaodhal in Brooklyn i Nua-Eabhrac ag deireadh an 19ú haois. Uair sa mhí a d’fhoilsítí an nuachtán dátheangach agus ba é Micheál Ó Lócháin a bhunaigh agus a bhí ina eagarthóir ar an bpáipéar. Bhí 3,000 síntiús ag an nuachtán agus é i mbarr a réime.

Bhíodh éagsúlacht i gcaighdeán na Gaeilge scríofa san fhoilseachán agus ó cuireadh i gcló é ochtó bliain sular foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil tá éagsúlacht mhór ann sa ghramadach agus sa litriú.

Is i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe amháin atá bailiúchán iomlán de na heagráin a foilsíodh ó 1881 go 1898. Cuireadh an leagan digiteach ar fáil ar líne in 2021. Tá 2,298 leathanach san iomlán sa bhailiúchán: 381 i nGaeilge, 896 i mBéarla, agus 1,019 leathanach dhátheangach. Tá nótaí imill lámhscríofa ar thuairim is leathmhíle leathanach.

Cuireadh tús leis an togra reatha in 2023. Ní raibh bogearra poiblí ar fáil ag an am a bhí in ann déileáil leis an seanchló Gaelach, leis an litriú réamhchaighdeánach, ná le téacsanna dátheangacha. Tá súil ag lucht na hollscoile nuachtán dátheangach eile a chur leis an mbogearra amach anseo – An Stoc a foilsíodh ó 1917 go 1931 i nGaillimh.

Thug Aire na Gaeltachta Dara Calleary le fios sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh os cionn €750,000 san iomlán curtha ar fáil ag a Roinn do thograí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an Ghaeilge.

Cuireadh €428,000 ar fáil do Abair.ie i gColáiste na Tríonóide agus cuireadh €249,000 ar fáil do eStór, togra de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. €45,000 a cuireadh ar fáil don Chuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC);

Fág freagra ar 'Bogearra forbartha chun téacs sa seanchló Gaelach a chur ar fáil i gcló Gaeilge an lae inniu'