Bliain ag fáil réidh leis an sotal agus an t-aineolas agus ag foghlaim ó ghuthanna na hÚcráine

De réir a chéile, d’éirigh sé soiléir nach raibh na hÚcránaigh ag cloí leis an script a bhí leagtha amach againn dóibh…

Bliain ag fáil réidh leis an sotal agus an t-aineolas agus ag foghlaim ó ghuthanna na hÚcráine

Tír gan rath, í lofa le caimiléireacht, í easaontaithe, scoilte idir cainteoirí Úcráinise agus cainteoirí Rúisise, tromlach san Oirthear dílis don Rúis. Fadhb níos mó ná tír ar bith san Eoraip le Nua-Naitsithe agus tionchar mór acu ar an saol. Institiúidí laga, airm gan mhaith.

Sin an íomhá a bhí agam den Úcráin roimh thús mhór-ionradh na Rúise ar an 24 Feabhra i mbliana. Sin an íomhá a bhí faighte agam faoin Úcráin ó mheáin chumarsáide an iarthair.

Mar sin, nuair a thosaigh an t-ionradh chreid mé na tairngreachtaí go dtitfeadh an tír laistigh de laethanta. Conas a d’fhéadfadh tír scoilte seasamh le chéile i gcoinne ceann de na trí arm is láidre ar domhan? Conas a d’fhéadfadh an t-arm a ghéill an Chrimé nach mór gan urchar a scaoileadh an fód a sheasamh i gcoinne na hollchumhachta a bhí tar éis í féin a chruthú sa tSeisnia, sa tSeoirsia agus sa tSiria?

Chuir mé aithne ar Nadia Dobrianska, Úcránach a bhfuil Gaeilge aici, trí bheith ag labhairt léi ar Tús Áite. Dúirt sí liom go raibh an t-arm láidir agus go seasfadh na hÚcránaigh an fód i gcoinne an ionraidh. Cheap mé – ní hea – bhí mé cinnte de go raibh seachmall uirthi agus go raibh léargas níos réalaí agam fhéin ar an scéal. An sotal! An t-aineolas!

De réir a chéile, d’éirigh sé soiléir nach raibh na hÚcránaigh ag cloí leis an script a bhí leagtha amach againn dóibh. Ní raibh leath an phobail ag fáiltiú roimh na saighdiúirí Rúiseacha. D’éirigh le harm na hÚcráine an phríomhchathair a chosaint agus an bua tapaidh a shíl na Rúisigh, agus an chuid is mó againne, a bhí i ndán dóibh a shéanadh orthu.

An chuid is mó de na polaiteoirí agus na daoine a dúradh linn a bhí ‘dílis don Rúis’, sheas siad leis an Úcráin. Ba chainteoirí Rúisise cuid mór den dream is fíochmhaire a dhiúltaigh don ionradh. Ní raibh an insint ar chúrsaí a tugadh dúinn ábalta an méid a bhí ag tarlú a mhíniú.

Ní raibh tráchtairí áirithe ábalta scaoileadh leis an múnla a bhí tar éis teip orainn agus lean siad orthu ag iarraidh an scéal a bhrú isteach sa mhúnla míchuí sin. Lean siad orthu dá réir ag déanamh anailíse agus ag déanamh tairngreachtaí a raibh cuma na háiféise orthu laistigh d’achar gairid ama.

Thuig mise nach bhféadfainn brath a thuilleadh ar na tráchtairí sin agus thosaigh mé ag déanamh mo chuid buntaighde fhéin. Léigh mé cáipéisí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe, Cúirt Chearta Daonna na hEorpa, Amnesty International, Human Rights Watch agus an OCSE. Scrúdaigh mé torthaí reifrinn, toghcháin agus suirbhéanna. Labhair mé – iontas na n-iontas – le hÚcránaigh. Léigh mé faoi stair na hÚcráine. Léigh mé ábhar in Úcráinis agus i Rúisis le cabhair Google Translate.

Ar dtús ní rabhas ach á dhéanamh ar mhaithe le go mbeinn ábalta an scéal a thuiscint níos fearr mar láithreoir Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ach de réir mar a bhíos ag foghlaim is ea is mó a thuig mé an droch-chaighdeán iriseoireachta a bhain le go leor dá raibh á fhoilsiú. Ní raibh sé de dhánaíocht ionam riamh a cheapadh go raibh aon rud fiúntach le rá agam faoi chúrsaí polaitiúla i gcomórtas le leithéidí Chathail Mhic Coille agus Mháirín Ní Ghadhra.

Ach de réir mar a d’fhoghlaim mé níos mó faoin Úcráin b’fhacthas dom go bhféadfainn jab níos fearr a dhéanamh ná a lán den stuif a bhí á fhoilsiú. Cheapas go scríobhfainn alt nó dhó ag ceartú míthuiscintí faoin Úcráin, ach bhí an oiread sin míthuiscintí ann agus lean na haltanna orthu ag teacht, agus lean roinnt daoine orthu ag cur spéise iontu agus ag tacú leis an rud a bhíos ag iarraidh a bhaint amach, rud a thug misneach dom leanúint orm.

Oibrím sna meáin chumarsáide mé fhéin agus tuigim gur ceann de na lochtanna atá orainn go mbímid ag lorg an drochscéil agus an scéal atá éasca a thuiscint, go háirithe i dtaca le tíortha i bhfad i gcéin. Ach ansin a tháinig mé an sliocht seo a scríobh an t-iriseoir Úcránach Maksym Eristavi a chaitheann cuid mór solais, dar liom, ar conas a chuaigh iriseoireacht an iarthair faoin Úcráin chomh mór ar strae. Ní fhéadfainnse é a rá níos fearr ná seo agus mar sin lorg mé cead air é a aistriú daoibh:

‘Tráth dá raibh bhínn ag scríobh tuairisceoireacht le blas láidir ‘tá an Úcráin ina cocstí’. Ní hé nach raibh aon fhadhbanna ag an Úcráin. Bhí raidhse fadhbanna. Ach bhí an tuairisceoireacht sin slítheánta, aontaobhach agus tráma-lárnaithe…. Bhí an ghráin ag a lán Úcránach ar an truflais sin, ach thaitin sé go mór le tuairisceoirí agus eagarthóirí ón iarthar. Go tobann ghlacfaí liom i gciorcal na bhfáinleog-thuairisceoirí ón iarthar agus bhíodh eagarthóirí ón iarthar sa tóir orm…

Uaireanta chuirfinn ceist orm fhéin canathaobh go raibh an oiread sin gráin ag an oiread sin Úcránach ar mo chuid tuairisceoireachta. Ach ansin ghlacfadh an coimpléasc ísleachta inmheánach an lámh in uachtar agus chuirfinn i mo luí orm fhéin go bhfuil cleachtais iriseoireachta an iarthair níos fearr, agus gur seo an praghas ar a bheith ’neamhchlaonta’ agus níl tuiscint ag Úcránaigh air sin. Níorbh fhada go raibh mé i mo bhoc mór i margadh iriseoireachta an iarthair agus bhíos mar dhuine de na hiriseoirí is mó le rá ag tuairisceoireacht i mBéarla ar oirthear na hEorpa.

Ach de réir mar a chuir mé aithne orm fhéin i gceart agus gur éirigh an díchoilíniú níos láidre ionam agus gur aibigh mé ní raibh mé sásta glacadh a thuilleadh leis an gcineál sin insinte. Agus cad a tharla ansin? Bhrúigh na fáinleog-thuairisceoiri amach mé. Stop eagarthóirí an iarthair ag glacadh le mo chuid smaointe.

Bhí mearbhall orm mar dtús. An iriseoir lofa mé? Ní mé an scríbhneoir is fearr ar domhan ach bhí mo chumas scéalaíochta láidir i gcónaí. Ach ní raibh aon ghlacadh acu le cáineadh ar dhearcadh coilíneach chlúdach meán an iarthair ar oirthear na hEorpa. Dhéantaí fonóid faoi iarrachtaí feasacht a ardú faoi choilíneachas na Rúise… Le himeacht aimsire bhuail mé le níos mó iriseoirí dúchasacha cosúil liom fhéin agus roinneadh muid scéalta agus d’fheiceadh muid an patrún céanna. Anois feicim nach raibh tada mícheart liom.’

Anois tá suíomh agus podchraoladh darbh ainm Ukrainian Spaces curtha ar bun ag Maksym Eristavi, in éineacht le Val Voshchevska, chun ardán a thabhairt i mBéarla do ghuthanna na hUcráine ar shlí nach ‘gá dóibh iad féin a bhrú isteach i múnlaí eachtrannacha’.

An bhfuilim ag rá gur chóir dúinn glacadh le gach briathar a thagann as béal mhuintir na hÚcráine?

Mar iriseoir, dar ndóigh níl.

Agus dar ndóigh níl Úcránaigh iad féin ar aon intinn faoi gach rud.

Ach caithfidh a nguthanna a bheith mar chuid d’aon iarracht ionraic scéal na hÚcráine a thuiscint.

Fág freagra ar 'Bliain ag fáil réidh leis an sotal agus an t-aineolas agus ag foghlaim ó ghuthanna na hÚcráine'

  • JP

    “…gur éirigh an díchoilíniú níos láidre ionam…” Tá súil agam nach ligfidh na hÚcránaigh ‘ár measc anois, do naimhde na Gaeilge (táid ann) teacht i dtír orthu
    mar theifigh d’fhonn coilíniú teanga ar ais a dhéanamh .i. an Ghaeilge a imeallú a thuilleadh. Go seasóidh siad leis an nGaeilge sna scoileanna agus lasmuigh díobh. Ba mhaith an tabhartas é sin uathu do mhuintir na hÉireann. Is iontach go deo go bhfuil urlabhraí de bhunadh na hÚcráine in inmhe agallamh a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Agus a hathair tosnaithe á foghlaim anois freisin ar Duolingo. Ceoltóirí breátha cumasacha iad lán na beirte acu chomh maith. Fearaim fíor-chaoin fáilte rompu.

  • Colmán Ó Drisceoil

    Alt breá ach níl ann ach réamhrá an scéil, is cosúil. Is léir go bhfuil aiste níos faide de dhíth. B’fhéidir go bhfoilseodh Comhar a leithéid má tá teorainn le líon na bhfocal ag Tuairisc.

  • Fearn

    Mo ghraidhin thú, a Fhachtna. Is annamh sa lá inniu ann admháil an iriseora ar chorp a aineolais agus a sheoladh as. Mo sheacht mh’anam thú.

  • Séamus

    Maith thú a Fhachtna, alt maith is ea seo. Bímse féin ag léamh do chuid altanna faoin Úcráin i gcónaí toisc a spéisiúla is atá siad. Measaim féin go bhfuil go leor daoine in Éirinn an-aineolach faoi Oirthear na hEorpa. Tá go leor daoine théis teacht anseo ón bPólainn, ón Liotuáin, ón Moldóiv agus ó thíortha eile, agus anois ón Úcráin ar ndóigh, ach is beag eolas, agus leis an bhfírinne a dhéanamh, is beag suim, atá ag formhór mhuintir na hÉireann sna tíortha sin.