Blas sobaldrámatúil ar chlár nua faoi scannal gnéis Bill Clinton 

Ábhar díomá an séasúr is déanaí de American Crime Story, ‘Impeachment’

Blas sobaldrámatúil ar chlár nua faoi scannal gnéis Bill Clinton 

Caithfidh mé a rá go raibh díomá orm leis an ngála is déanaí den chnuasach American Crime Story (American Crime Story: Impeachment, BBC2, Dé Máirt). Go dtí seo tugadh siar bóithrín na smaointe sinn go cás dúnmharaithe OJ Simpson agus go dúnmharú Gianni Versace. Cé go raibh blas táblóideach is na gliúcaíochta ar chúrsaí ar uairibh ba shaothair shlachtmhara, phointeáilte iad. Níorbh aon iontas gur thug siad leo 16 duais Emmy eatarthu. 

Ní dóigh liom go mbainfidh an séasúr seo an bhuaic chéanna amach. Ní hin le rá nach raibh an t-amhábhar acu mar go bhfuil gnéithe go leor agus tráthúlacht ag baint le scannal gnéis Bill Clinton agus an drochíde a tugadh don bhean óg Monica Lewinsky. 

I 1998 d’inis sé bréag agus é fé mhionn maidir lena chaidreamh le Lewinsky agus sin coir an teideal. Ag tús an chéad chláir címid Lewinsky (Beanie Feldstein) ag bualadh lena cara Linda Tripp (Sarah Paulson) i mí Eanáir na bliana sin sular bhris an scéal. Ar hap an tairne, áfach, cuirtear saol na mná óige bunoscionn nuair a dhéanann an FBI í a gabháil le gur féidir í a cheisiú faoina gaol leis an Uachtarárn Clinton. Ní fada ina dhiaidh sin gur bhris an scéal agus gur cuireadh an lasair sa bharrach. 

Tá Tripp, a dhein taifeadadh ar na comhráite a bhí aici le Lewinsky, tar éis feall a dhéanamh ar a cara. Ní nach ionadh tá fearg agus eagla ar an mbean óg. Is iad an bheirt siúd, agus Paula Jones (Annaleigh Ashford), atá i lár an aonaigh sa chéad chlár. Go deimhin ní chítear Clinton (Clive Owen) go deireadh an chláir agus níl ach mír bheag amháin le Hillary (Edie Falco). 

Déantar sin a theilgean siar cúig bliana ón ócáid chinniúnach sin chuig tréimhse ina raibh Tripp ag obair sa Teach Bán. Bhí Sarah Paulson, ar aisteoir fíorchumasach í, nótálta ar fad mar Marcia Grey sa chéad ghála den chnuasach. Tá sí ar fheabhas anseo arís mar Tripp.  Tá claochlú iomlán uirthi faoi mhothall gruaige, spéaclaí móra is í ag sliútráil timpeall go duairc. Léirítear í mar dhuine mórchúiseach, suarach, nimhneach. Í sleamhain ach glic lena chois. Ise an príomhcharachtar sa chéad chlár. 

Níl aon ghean aici ar mhuintir Clinton, is fuath léi neamhfoirmeáltacht oíche phíotsa na hAoine agus tá allacht uirthi go n-úsádeann Hillary leithreas na foirne. Tá seacmhall uirthi faoina stádas agus a cumas féin agus tagann sin chun cinn go minic is í ag maíomh as a héachtaí nach éachtaí in aon chor iad. 

Tá Monica Lewinksy féin ar dhuine de na léiritheoirí agus beidh le feiscint cén tionchar a bheidh aige sin ar an léiriú a dhéanfar ar a carachtar. Sa chéad chlár cuirtear Lewinsky inár láthair mar dhuine geanúil agus ábhairín saonta. Is cinnte go dtabharfar léargas sna gálaí atá le teacht ar an drochíde a thug na meáin agus an pobal do Lewinsky.

Is dóigh liom go raibh blas sobaldrámatúil ar chúrsaí ar uairibh, bhí míreanna áirithe ciotach agus an aisteoireacht neafaiseach in áiteanna eile.

Ní haon mhórshaothar é seo ach fanfaidh an lucht féachana leis go ceann scríbe. 

Fág freagra ar 'Blas sobaldrámatúil ar chlár nua faoi scannal gnéis Bill Clinton '