Blaiseadh den stair chasta agus den bhia saor sa Spáinn

‘I’m moving to Spain’ arsa deartháir ár gcolúnaí agus iad beirt ar cuairt ar an Spáinn le déanaí, mar a bhfuair siad blaiseadh de stair agus de bhia na tíre sin

Blaiseadh den stair chasta agus den bhia saor sa Spáinn

An Alhambra. Pictiúr: Mairéad Ní Nuadháin

Cothrom an ama seo anuraidh a chláraigh mé don rang Spáinnise. Cara liom a mhol dom dul chuig an gcoláiste i nDroichead na Dothra. Bhí sise i mbun cúrsa Iodáilise toisc go bhfuil mac léi geallta le cailín ón Iodáil. Bhí mórán an chúis chéanna agam féin. Bheadh mo mhac ag pósadh cailín ón Spáinn sa bhfómhar.

Bhí an rang lán go béal an chéad oíche. Ach ní raibh ach thart ar an tríú cuid díobh as Éirinn. Ag dul thart ar an rang, chuir na mic léinn iad féin in aithne- ‘An Iodáil, An Phortaingéil, An Bhrasaíl, An Eastóin, An Laitvia….’

Glúin nua ‘Google’ agus ‘Facebook’. Agus cuid mhaith díobh ag obair sna tionscail mhóra teicneolaíochta sin gar don choláiste. Ba léir go raibh ar a laghad dhá theanga Eorpach acu uile cheana féin agus seo iad anois ag foghlaim Spáinnise. In Éirinn.

Ní in aon treo amháin a thaistealaíonn an ghlúin nua Eorpach seo. Baineann ár gcuid mac léinn féin an-leas as an scéim scoláireachta Erasmus chun dul chuig tíortha eile na hEorpa, a bhuíochas don iarChoimisinéir Eorpach Peter Sutherland, a bhásaigh le gairid.

Dúirt comhghleacaí de mo chuid, blianta ó shin, agus muid ag caint ar bhia blasta éigin, gur chóir dúinn ar fad a mheabhrú dúinn féin anois is arís, go raibh tráth ann go ndeachaigh tú ag an bpoitigéir má bhí tú ag iarraidh buidéal ola olóige.

Anois is aon dream sona sásta amháin muid, nach fíor?

Breathnaíonn muid ar an méid atá ag titim amach sa mBreatain le huafás. Cén chaoi a bhféadfaidís an t-aontas seo ar fad a chur i mbaol? Breathnaíonn muid ar an scuaine fhada ‘Pasanna Eile’ san aerfort, seo an áit a mbeidh said agus iad ag taisteal abhaile óna gcuid tithe sa Spáinn. Sin má bhíonn Breatimeacht chrua ann.

Ach, féach, ní haon dream amháin aontaithe muid a dtaitníonn bia na hEorpa linn, cuma cé chomh saor is atá sé. Tá níos mó ná scoilt amháin ar an léarscáil Eorpach. Cuid acu gar do bhaile.

Agus mé ar cuairt sa Spáinn an tseachtain seo caite, thug mé cuairt ar chathair Granada – thart ar uair go leith ó Malaga. Tá bóithre agus mótarbhealaí feabhsaithe go mór sa Spáinn agus i ndeisceart na Spáinne, ach go háirithe. Bhí bóithre cúnga, contúirteacha ann go dtí gur tosaíodh á bhforbairt le cabhair ón Aontas Eorpach.

Ar feadh na gcéadta bliain bhí Granada ina cathair Mhoslamach. Tháinig na ‘Múraigh’ i dtír sa Spáinn san ochtó haois agus bhíodar i réim ann go dtí an 15ú haois. Sa lá inniu, is iad na lárionaid Mhoslamacha, in Granada agus Cordoba na suímh is mó tóir ag turasóirí sa Spáinn. (Ní mór duit ticéad a chur in áirithe roimh ré ar líne, don Alhambra más mian leat cuairt a thabhairt ar an tseoid áirithe sin.) I dtús mhí Eanáir, bhí sé plódaithe.

Tá rianta láidre eile den stair thart ar chathair Granada féin. Sa 15ú haois, agus na ‘Múraigh’ á ruaigeadh as an Spáinn, bhí an Rí Ferdinand agus an Bhanríon Isabella ag tabhairt cead do Columbus tabhairt faoina thuras mór taiscéalaíochta ar an Atlantach. Cuimhnítear ar an ócáid sin le dealbh mhór i lár Granada. Tá Isabella agus Ferdinand curtha in Ardeaglais mhaorga Granada. Meabhraítear dúinn gur tosaíodh ar thógáil na hArdeaglaise agus an chathair fós ina cathair Mhoslamach sa 15ú haois. Níorbh fhada a bhí sí amhlaidh.

Tá an ardeaglais maisithe le hór agus le hairgead, altóirí móra ar ’chaon taobh den fhoirgneamh. Samhlaíodh dom go mb’fhéidir gur tháinig cuid den iontas seo trasna an Atlantaigh i long de chuid Columbus, b’fhéidir?

Agus taobh amuigh ar na ballaí, céard seo? Cosúlacht na fola ar an steall dhearg atá caite ar cheann de bhallaí na hArdeaglaise. Ainm greanta sa chloch faoi: José Antonio Primo De Rivera.

Rian eile de na scoilteanna sa Spáinn. Níl gach rud ligthe i ndearmad. Bhí José Antonio Primo De Rivera ar dhuine de cheannairí na bhFalangaithe roimh Chogadh Cathartha na Spáinne. Caitliceach, frithDhaonlathach, frithChumannach, náisiúnaí, bhí sé ar son na réabhlóide in aghaidh Rialtas Phoblacht na Spáinne. I mí na Samhna 1936, cuireadh chun báis é.

Bhí sé chomh tábhachtach sin i saol na gCaitliceach agus na Náisiúnach gur cuireadh a ainm sa chloch ar thaobh na hArdeaglaise. Ach níl lucht na péinte deirge sásta agus níl siad chun an ré uafásach sin i stair na Spáinne a ligean i ndearmad.

Agus ar ndóigh, an scoilt is mó a bhíonn faoi thrácht sna páipéir chuile lá ná scoilt na Catalunya. Tá gach éinne ag faire go géar ar an scéal na laethanta seo.

Nuair a bhíomar ag an mbainis i mí Mheán Fómhair, ní rabhamar ag smaoineamh ar scoilteanna. Léiríodh buntáistí na gcostas maireachtála sa Spáinn do chuid againn den chéad uair. Bhí deartháir liom sa mbaile ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba é a chéad chuairt é (ar nós go leor de na hÉireannaigh) ar an gceantar Castile-La Mancha i lár na Spáinne.

D’fhógair sé go raibh sé chun deochanna agus ‘tapas’ a cheannach do shlua sa mbeár. ‘No, no,’ a dúirt sé ‘I insist.’

Tháinig sé ar ais ón gcuntar agus a cheann faoi. ‘I don’t know about you,’ a dúirt sé. ‘But I’m moving to Spain.’  €11 a bhí ar an mbille.

Fág freagra ar 'Blaiseadh den stair chasta agus den bhia saor sa Spáinn'