Páiste ar bhunscoil ag roinnt leis an múinteoir go raibh faitíos uirthi go gcuirfí a teach trí thine agus go marófaí an chlann.
Daoine ag cur fógraí ar dhoirse agus fuinneoga ag cur in iúl gur de bhunadh na háite nó de ghrúpa eitneach inghlactha iad ionas nach n-ionsófaí a dtithe.
Fear ar fhíseán ag cur fainic le linn ionsaí loiscneach ‘tá duine éigin san teach’; bean ag freagairt ‘más daoine áitiúla iad tabhair amach iad ach murab ea, fág ann iad’.
Slua ag déanamh gairdeachais nuair a chuir siad ionad fóillíochta trí thine agus bean ag screadaíl ‘dríodar brocach eachtrannach’.
Níl iontu sin ach samplaí fánacha ó chíréibeacha frith-inimirceach na seachtaine ar an mBaile Meánach agus i Latharna, Bhí fuath ciníoch follasach, mar a bhí an faitíos roimh lucht foréigin. Sé an ciníochas leathbhádóir an tseicteachais a bhí ina smál ar an tsochaí le fada agus nocht an réabadh go bhfuil fadhbanna seanbhunaithe agus cinn níos nua le fuascailt abhus, ina measc conspóid nimhneach sa bhFeidhmeannas. De dheasca chur chuige Gordon Lyons, DUP i leith na gcíréibeacha d’éiligh Sinn Féin, Alliance, an SDLP agus an Comhaontas Glas go n-éireodh sé as oifig mar Aire. Dhiúltaigh sé, ní thig leo é a bhriseadh ach is achrann é a d’fhéadfadh croitheadh a bhaint as Stormont.
Ba ar an dá bhaile i gcontae Aontroma ba mheasa a bhí an trioblóid, tithe loiscthe, daoine ar a dteitheadh, póilíní gortaithe ar an mBaile Meánach. Gaibhníodh mná agus páistí i dtithe faoi ionsaí ag daoine a bhí ag ligean orthu féin go raibh siad ag gníomhú ar son sábháilteacht na mban agus cailíní. I Latharna gortaíodh póilíní, scriosadh an t-ionad fóillíochta agus b’éigean mná agus páistí a thabhairt amach cúldoirse.
Bhris an trioblóid amach oíche Dé Luain tar éis léirsithe síochánta ar an mBaile Meánach. Bhí slua mór ar an léirsiú a eagraíodh tar éis cúiseamh bheirt dhéagóirí as ionsaí gnéis ar chailín 14 bliain d’aois. Séanann an bheirt na cúiseanna; ateangaire a d’aistrigh ó Rómáinis a thug a bhfreagraí. Nuair a bhí formhór mór an tslua imithe abhaile thug grúpa a raibh púicíní orthu fogha faoi thithe ar Ardán Chluain Abhann, an tsráid ina líomhnaítear gur tharla an t-ionsaí gnéis.
Tithe ina raibh cónaí ar dhaoine de bhunadh Roma a ionsaíodh i dtosach – náisiúntacht na mbuachaillí atá cúisithe mar leithscéal ag lucht an fhoréigin. Scaipeadh scéal ar mheáin shóisialta agus ba ghearr go raibh sé soiléir go rabhthas sa tóir ar ‘strainséirí’ de gach cineál. Bhailigh slua, cuid acu ar deargmhire. Bhí sé fíorghránna agus scanrúil, an dara hoíche níos measa ach an tríú hoíche beagán níos ciúine.
Scaip an trioblóid, roinnt réabadh is damáiste i dtuaisceart Bhéal Feirste, i gCúil Raithin agus i bPort an Dúnáin i measc bhailte eile. Ba mhór an faoiseamh é – faoin am a raibh an t-alt seo á scríobh – nár gortaíodh éinne go han-dona agus nár maraíodh éinne. Bhí na scórtha póilíní gortaithe agus os cionn dosaen duine gafa – a bhformhór a mbeidh taifead coiriúil acu de bharr a ‘laochais’.
Bithiúntas ciníoch a thug Príomh-Chonstábla cúnta an PSNI ar an bhforéigean. Dúirt an Príomh-Chonstábla, Jon Boutcher, gur biogóideacht agus ciníochas é agus go mbéarfadh na póilíní orthu sin a bhí freagrach. Léiríodh an brú atá ar an PSNI de cheal maoine agus de bharr ganntanas foirne, iad ag brath ar chabhair chúltaca ón mBreatain.
Cháin na páirtithe polaitíochta ar fad an foréigean agus d’achainigh siad ar lucht na gcíréibeacha éirí as. Cháin Sinn Féin, Alliance, SDLP, Pobal seachas Brabús agus an Comhaontas Glas an ciníochas as éadan ach níorbh amhlaidh an scéal leis an DUP agus TUV. Cháin siad an foréigean ach dúirt go gcaithfí “an comhthéacs” a chur san áireamh. Inimirce an comhthéacs, dar leo.
Tharla an t-aighneas le Gordon Lyons, an tAire Pobal in Stormont, nuair a sheol sé teachtaireacht ar Facebook a deir seisean a bhí ag soiléiriú go raibh daoine a fuair tearmann san ionad fóillíochta i Latharna ansin imithe as. Bhí an míniú sin níos soiléire ná a theachtaireacht Facebook inar chosúil go raibh sé ag rá nach raibh aon bhaint ag an DUP le ‘a number of individuals’ a aistriú as an mBaile Meánach go Latharna an oíche roimh ré. Níor ghlaoigh sé íobartaigh ar na daoine ab éigean a aistriú mar gur ionsaíodh a dtithe. Níor ghlaoigh sé tearmann ar an dídean a fuair siad. Tá an cheist curtha faoi bhráid Choimisinéir Caighdeán an Tionóil ag an SDLP.
Tá an ráta inimirce i dTuaisceart Éireann íseal, 3.4% ar fad. Má tá fadhbanna i mbailte áirithe ba cheart déileáil leo mar ghnáthobair laethúil agus a dhul i ngleic le heaspa acmhainní. Scaipeadh scéal faoi bhus lán le Roma a bheith tagtha thar teorann aneas go tuaisceart Aontroma – inimirce mhídhleathach. Fuarthas amach gur bus turasóireachta a bhí ann, ar thuras lae, daoine nár fhan oiread agus oíche amháin.
Is gá a dhul i ngleic le tuairiscí bréige le fianaise. Is gá ceannaireacht pholaitiúil chun é sin a dhéanamh agus siad na páirtithe aontachtacha is mó a gheobhadh éisteacht sna háiteanna ina raibh na círéibeacha. Ní cabhair don tsochaí é a bheith ag rá go gcaithfear cluas le héisteacht a thabhairt do ghearánaithe ach gan tada a dhéanamh. Meatacht is ea é diúltú an ciníochas a admháil.
Fág freagra ar 'Bithiúntas ciníoch atá ann agus meatacht is ea é aon rud eile a rá'