‘Bíonn na leaids ag magadh fúm go bhfuilim anseo mar go bhfuil Gaeilge agam’ – ábhar gáire ag Ciarán Kilkenny ar TG4

Roghnaíodh Ciarán Kilkenny mar laoch na himeartha nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Ghaillimh ag an deireadh seachtaine is dúirt sé go síleann a chomhimreoirí go bhfuil cion ar leith ag TG4 air

‘Bíonn na leaids ag magadh fúm go bhfuilim anseo mar go bhfuil Gaeilge agam’ –  ábhar gáire ag Ciarán Kilkenny ar TG4

Ciarán Kilkenny agus Shane Walsh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá ráite ag Ciarán Kilkenny go mbíonn na himreoirí eile ar fhoireann Átha Cliath ag spochadh as go gcaitear go fabhrach leis toisc go bhfuil Gaeilge líofa aige.

Roghnaíodh Kilkenny mar laoch na himeartha i mbua Átha Cliath ar Ghaillimh ag an deireadh seachtaine agus thug sé le fios in agallamh le TG4 i ndiaidh an chluiche go gceapann cuid de na himreoirí eile ar an bhfoireann gur mór an buntáiste dó go bhfuil Gaeilge aige.

Scóráil Kilkenny dhá chúilín sa gcluiche i Staid an Phiarsaigh ach dúirt sé go síleann a chomhimreoirí go bhfuil cion ar leith ag TG4 air.

“Bíonn na leaids go léir ag magadh fúm go bhfuilim anseo de bharr go bhfuilim in ann Gaeilge a labhairt,” arsa Kilkenny agus é ag gáire.

Ní hé Kilkenny an t-aon Ghaeilgeoir ar fhoireann Átha Cliath, áfach. Scóráil Con O’Callaghan, iarscolaire ó Choláiste Eoin, cúl agus dhá phointe sa chluiche in aghaidh na Gaillimhe agus d’imir Robert McDaid, iarscoláire eile de chuid Choláiste Eoin atá anois ag múineadh ansin, sa líne leathchúil.

Mar sin féin, is duine de na cainteoirí Gaeilge is aitheanta sa tír é Kilkenny, a bhfuil Craobh Shinsir Peile na hÉireann buaite sé huaire aige le foireann Átha Cliath.

Trí Ghaeilge a fuair sé a chuid oideachais bunscoile agus iarbhunscoile, i Scoil Oilibhéir agus Scoil Chaitríona, agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa stair i gColáiste Phádraig.

Le linn na tréimhse dianghlasála chuir sé go leor físeán i nGaeilge agus i mBéarla amach agus é ag iarraidh daoine a spreagadh lena scileanna peile agus iomána a chleachtadh.

Tá físeáin déanta ag Kilkenny le Cumann Lúthchleas Gael le roinnt blianta anuas ag spreagadh daoine chun a gcuid Gaeilge a úsáid.

Fág freagra ar '‘Bíonn na leaids ag magadh fúm go bhfuilim anseo mar go bhfuil Gaeilge agam’ – ábhar gáire ag Ciarán Kilkenny ar TG4'