‘Bíodh a fhios agat, tabharfaidh mise aghaidh ar na boic seo’ – deir Vicky Phelan go leanfaidh sí ‘ag troid’

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go mbunófar fiosrúchán maidir leis an gconspóid CervicalCheck agus an scéala nár dúradh le 162 den 208 bean atá i gceist go ndearnadh athbhreithniú ar a gcuid torthaí tástála

‘Bíodh a fhios agat, tabharfaidh mise aghaidh ar na boic seo’ – deir Vicky Phelan go leanfaidh sí  ‘ag troid’

Dúirt Vicky Phelan, an té ar spreag a cás cúirte an chonspóid CervicalCheck, gur “mór an náire” an scéal is déanaí go raibh 17 bean nár insíodh dóibh faoin athbhreithniú ar a dtástálacha básaithe.

Ag labhairt di ar The Ray D’arcy Show ar RTÉ inniu, nach raibh bealach ar bith ann go raibh sí chun fanacht ina tost faoin scéal agus dúirt sí nár theastaigh fiosrúchán “fadálach” a mhairfeadh na blianta agus a mbeadh cosc a chuid imeachtaí a thuairisciú lena linn.

“Is dóigh liom gur mór an náire é. D’fhéadfainn a bheith ar duine de na mná sin. Dá mbeinnse básaithe, bheinnse ar an liosta sin. Ar ámharaí an tsaoil, níor tharla sin agus táim anseo chun an scéal a insint, agus bíodh a fhios agat, dar Dia, tabharfaidh mise aghaidh ar na boic seo. Dáiríre, is mór an náire an rud atá á dhéanamh acu agus an rud a rinne siad ar mhná na hÉireann,” a dúirt Vicky Phelan.

In ainneoin a heasláinte, dúirt Vicky Phelan go leanfadh sí uirthi ag troid faoin gcás.

“Mar sin, bíodh a fhios agat gur spreagadh breise é seo domsa chun fanacht ag troid, chun fanacht beo go bunúsach.  Más fúmsa a bheidh sé, dar Dia, níl mé ag imeacht aon áit“.

Ba é cás Vicky Phelan a chuir tús leis an gconspóid CervicalCheck.

Trí bliana tar éis gur dúradh léi nach raibh aon rud mínormálta ag baint le torthaí a tástála smearaidh, fuair Vicky Phelan diagnóis go raibh ailse nach bhfuil inleighis uirthi.

Tá glaoch curtha ag timpeall 2,000 duine ar an líne chabhrach a bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin gconspóid .

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go mbunófar fiosrúchán maidir leis an gconspóid CervicalCheck agus an scéala nár dúradh le 162 den 208 bean atá i gceist go ndearnadh athbhreithniú ar a gcuid torthaí tástála.

Dúirt an Taoiseach go bpléifeadh an fiosrúchán leis an “teip uafásach ó thaobh na cumarsáide” a tharla i gcás na mban a ndearnadh tástálacha ceirbheacsach orthu.

Tuairiscíodh gur léirigh iniúchadh faoi CervicalCheck go bhfuair 12 de na mná atá i gceist bás, ach is amhlaidh gur measa an scéal ná sin agus thug an HSE le fios tráthnóna gur 17 bean a bhí i gceist.  Ní fios go fóill an raibh baint ag diagnóis ar cuireadh moill léi le bás na mban sin.

Thug an Taoiseach le fios go raibh múnla agus cur chuige an fhiosrúcháin atá le bunú á bplé ag an Rialtas.

Dúirt sé nár chiallaigh an chonspóid seo nach n-oibríonn an scagthástáil le haghaidh ailse.

Dúirt sé áfach gur údar mór imní dó cás na mban a bhfuil ceisteanna acu faoi thástálacha smearaidh ceirbheacsach a rinneadh in 2011. Dúirt sé go raibh “fearg” air nár cuireadh mná ar an eolas faoin iniúchadh cliniciúil níos luaithe.

 

Fág freagra ar '‘Bíodh a fhios agat, tabharfaidh mise aghaidh ar na boic seo’ – deir Vicky Phelan go leanfaidh sí ‘ag troid’'