Bíobla do pháistí le seoladh

Déanfar ceiliúradh ar obair an Timire ag ócáid speisialta ar an gCéadaoin

AnbioblapaistiDéanfar ceiliúradh ar obair an Timire agus ar obair Foilseacháin Ábhair Spioradálta (FS) ar an gCéadaoin, an 3 Nollaig, in oifigí Cheannáras Fhoras an Gaeilge, 7 Cearnóg Muirfean, ag 7.30pm.

Déanfar an suíomh nua idirlín www.timire.ie agus an leabhar nuafhoilsithe An Bíobla do Pháistí a sheoladh ag an ócáid chéanna.

Mar aon leis an leabhar sin, beidh rogha bheag foilseachán de chuid An Timire/FS a bheadh feiliúnach mar bhronntanas Nollag ar díol ar sladmhargadh.

Tá an Timire á fhoilsiú le os cionn 100 bliain anois agus é ag plé le cúrsaí creidimh, cúrsaí spioradáltachta agus ar chultúr Chríostaí na nGael.


Clár na hoíche


7.20 – 7.45           Fáilte

7.45 – 8.10           Ceolchoirm ghearr le Máire Breatnach is a Cairde.

8.10 – 8.30           Seoladh an tsuímh www.timire.ie agus an Bíobla do Pháistí – Caint ó Ray Mac Manais is focal ó Donla uí Bhraonáin, aistritheoir.

8.30 – 8.45           Scéalta ón mBíobla inste ag Aideen Mac Bride, Scéalaí.

8.45                Sólaistí – Caint is Comhrá.

Fág freagra ar 'Bíobla do pháistí le seoladh'