Bille féiniúlachta agus teanga le nochtadh ag Rialtas na Breataine

Thiocfadh fógra ó Rialtas na Breataine i leith na reachtaíochta sna sála ar ‘An Lá Dearg’, an mhóragóid do chearta teanga a bhí ar siúl i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Pictiúr: Bayview Media/An Dream Dearg

Bille féiniúlachta agus teanga le nochtadh ag Rialtas na Breataine

Nochtfaidh Rialtas na Breataine bille féiniúlachta agus teanga in Westminster an tseachtain seo a mbeidh cearta teanga nua do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart mar chuid di.

D’fhéadfadh gur Dé Céadaoin a fhoilseofar an dréachtreachtaíocht atá geallta le fada.

Thiocfadh fógra ó Rialtas na Breataine i leith na reachtaíochta sna sála ar ‘An Lá Dearg’, an mhóragóid do chearta teanga a d’eagraigh An Dream Dearg Dé Sathairn.

Thug na mílte aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathairn chun an reachtaíocht, a gealladh ar dtús in 2006, a éileamh.

Bhí an ócáid ar cheann de na hagóidí is mó ar son na Gaeilge riamh.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, a bheidh sa reachtaíocht nua, beidh roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh.

Bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus ag an Ultais.

Bheadh beirt Choimisinéirí ann, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal chomh maith ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Is é an ról a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Dhéanfadh an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

Tá sé i gceist chomh maith cumhachtaí a thabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfeadh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais i reachtaíocht teanga i gcrích.

Tugadh an méid sin le fios in ‘Óráid na Banríona’ in Westminster níos túisce an mhí seo, nuair a rinneadh cur síos ar chlár reachtaíochta Rialtas na Breataine don chéad bhliain eile.

Seachas na cumhachtaí sin a bhronnadh ar an Státrúnaí, tá an cur síos a rinneadh ar na reachtaíocht a gealladh in Óráid na Banríona ag teacht leis an méid a bhí geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach i mí Eanáir 2020.

Dúradh in Óráid na Banríona go dtabharfadh Rialtas na Breataine isteach “pacáiste cothrom cúramach de bhearta teanga agus féiniúlachta a aithneoidh agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar an éagsúlacht féiniúlachta agus cultúir i dTuaisceart Éireann…”

Dúradh go ndéanfaidh an reachtaíocht nua freastal ar na “difríochtaí cultúrtha” sa Tuaisceart agus go ndéanfaidh sí “forbairt agus bisiú ar thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach i dTuaisceart Éireann” agus “ag an am céanna” go dtabharfaidh sí “cosaint don Ghaeilge”.

Dúradh go ndéanfaí reachtaíocht “de mhír thábhachtach” sa gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua ar mhaithe “leis an athmhuintearas”.

Dhéanfadh an reachtaíocht plé ceart a chothú eatarthu siúd nach ionann a bhféiniúlacht ná a gcultúr, a gealladh.

Dúradh go mbeadh an tacaíocht chuí ar fáil le freastal “ar na riachtanais éagsúla” atá ag traidisiún na hUltaise/na mBriotanach Ultach agus na Gaeilge.

Deir Rialtas na Breataine go gcuirfidh an reachtaíocht nua “deis ar fáil” do mhuintir an Tuaiscirt “bogadh ar aghaidh ó thaobh cúrsaí féiniúlachta náisiúnta agus cultúir”.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go bhfuil Rialtas na Breataine “ag tarraingt na gcos” i leith na reachtaíochta ach go raibh “gealltanas docht” tugtha anois go ndéanfaí na beart in Westminster.

Dúirt sí go mb’fhearr go mbeadh an reachtaíocht á tabhairt isteach in Stormont seachas Westminster ach go raibh práinn leis an scéal.

“D’éirigh sé an-soiléir nach raibh an t-aontachtas polaitiúil sásta reachtaíocht a thabhairt isteach ná aitheantas agus meas a thabhairt do na daoine atá ina gcónaí lena n-ais,” a dúirt ceannaire Shinn Féin.

“Is fada muid ag fanacht leis seo. Cothrom na Féinne atá i gceist, agus meas agus aitheantas chomh maith. Ní le haon pháirtí polaitíochta an Ghaeilge ná go deimhin le haon traidisiún polaitíochta.”

Dúirt leascheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta Stephen Farry go raibh an reachtaíocht “ina dlúthchuid” de chomhaontú New Decade, New Approach.

Dúirt sé go raibh an iomarca ama caite “ag fanacht ar chead a fháil ón DUP an pacáiste a chur chun cinn”.

“Caithfear meas a léiriú ar chearta lucht mionteanga. D’fhágfadh aon mhoilleadóireacht eile go mbeadh an baol ann go bhfillfí arís ar cheist na teanga agus go ndéanfaí níos casta fós scéal athbhunú na n-institiúidí.”

Dúirt Claire Hanna, Feisire Parlaiminte de chuid an SDLP in Westminster, nár tugadh isteach riamh in Stormont oiread is píosa amháin reachtaíochta a bhain leis an gcomhionannas.

Ba chóir, a dúirt sí, go dtuigfeadh an DUP nach ionann a “síorveto” agus “an tsársheift a shíleann siad atá ann”.

“Tá súil againn nach bhfeicfear aon chleasaíocht ó Rialtas na Breataine ag an nóiméad deireanach ach ní bheidh a fhios againn faoi sin go dtí go bhfeicfimid an reachtaíocht.”

Deir lucht feachtais An Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge go bhfuil muinín caillte acu i Rialtas na Breataine agus nach gcreidfidh siad a gcuid gealltanas nó go bhfeicfidh siad an reachtaíocht á cur i bhfeidhm.

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh seo caite nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Cé gur gheall Rialtas na Bealtaine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach cúpla uair eile le bliain anuas tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht uirthi.

Fág freagra ar 'Bille féiniúlachta agus teanga le nochtadh ag Rialtas na Breataine'