Bille don oideachas imeasctha rite in ainneoin an DUP

Fearacht na nGaelscoileanna is de bharr feachtais ón mbun aníos a bunaíodh scoileanna san earnáil imeasctha

Bille don oideachas imeasctha rite in ainneoin an DUP

Tá an t-oideachas imeasctha ar cheann de na hábhair sin a bhfuil stádas speisialta aige i dTuaisceart Éireann. Tá móramh mór ina fhabhar le breis is leathchéad bliain, tá tiomantas dó i gComhaontú Aoine an Chéasta agus san Ré Nua, Cur Chuige Nua faoinar athbhunaíodh Stormont dhá bhliain ó shin. Is annamh a chloisfí duine atá ina choinne i bprionsabal.

Mór idir an ‘i bprionsabal’ sin agus an cleachtas. Breis is daichead bliain ó bunaíodh an chéad scoil imeasctha, Coláiste an Lagáin, níl scolaíocht imeasctha le fáil ach ag 7% de dhaltaí. Fearacht na nGaelscoileanna is de bharr feachtais ón mbun aníos a bunaíodh scoileanna san earnáil imeasctha. Tá an t-éileamh ó thuismitheoirí i bhfad níos airde ach níl an soláthar ann le freastal air.

Ba é aidhm an bhille a ritheadh in Stormont an tseachtain seo a chur faoi ndeara don Roinn Oideachais an t-easnamh sin a shárú. Bille comhalta príobháideach ón Teachta Kellie Armstrong, páirtí an Alliance is ea é. Bhíothas á phlé le breis is leathbhliain agus rinneadh roinnt leasuithe air san tréimhse sin. Dé Céadaoin ghlac móramh na dTeachtaí leis, 49 acu ó Alliance, Sinn Féin, SDLP, An Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabach. 

Ina theannta sin ba chor suntasach é gur theip ar an DUP stop a chur leis an mbille. Theastaigh uathu achainí chásmhaireachta – veto, go bunúsach – a úsáid ionas go bhféadfaí toil an mhóraimh a chur ar ceal. Is chun leatrom in aghaidh mionlaigh a chosc a ceapadh an achainí chásmhaireachta. D’aontaigh na páirtithe nuair a d’fhill siad ar Stormont dhá bhliain ó shin nach mbainfí mí-úsáid as an achainí feasta ar mhaithe le mianta leithleacha aon pháirtí; den chéad uair ó shin d’fhéach an DUP le leas a bhaint aisti faoin mbille seo. 

Tá gá le tacaíocht ó scór go leith ball le haghaidh achainí bhailí. 26 Teachta atá ag an DUP faoi láthair tar éis bhás Christopher Stalford agus imeacht Alex Easton; níl aoireacht an pháirtí ag Jim Wells ach vótálann sé leo. Bhí Easton agus Jim Allister, TUV, toilteanach tacú le veto an DUP ach d’fhág sin dhá vóta de dhíth orthu. 

Rinne siad tréaniarracht brú a chur ar Doug Beattie, ceannaire an UUP, tacú leo ach thug an páirtí beag an t-eiteachas dóibh. Dúirt Beattie gur mí-úsáid na hachainí cásmhaireachta a bheadh ann sa chás áirithe sin, toisc gurb é maíomh an DUP gur chun gach earnáil oideachais eile, 93% den phobal scoile, a chosaint a bhíodar ag diúltú don bhille.

Seasamh cróga ag Beattie ab ea é nár ghéill sé don bhrú. Ba léir go mb’éigean dó a áiteamh ar bhaill áirithe dá pháirtí go mbeadh an veto iomarcach. Mar sin féin ba chosúil go raibh a chuid is a bhuíochas uaidh mar vótáil a pháirtí in aghaidh an bhille. Níor vótáil oiread is aontachtach amháin ar a shon. Bhí an DUP, UUP, TUV agus beirt neamhspleách ar de bhunadh an DUP iad ina choinne, 38 ar fad. Staon an t-aontachtach neamhspleách Claire Sugden. Bhí siad go léir ar a seacht ndícheall ag cur in iúl nach raibh siad i gcoinne an oideachais imeasctha agus gur leis an mbille áirithe seo a bhí col acu. B’fhéidir ’s ní móide.

Bhí na scoileanna graiméir a bhfuil na haontachtaithe an-tógtha leo i gcoinne an bhille. Bhí na heaglaisigh ina éadan freisin. Mhaígh siad ar fad go dtabharfadh an bille buntáiste ar leith don earnáil imeasctha agus go mbeadh na scoileanna stáit (Protastúnach den chuid is mó) agus na cinn faoi chothabháil (scoileanna Caitliceacha) thíos leis. Bhain an diúltú go sonrach, dúradar, leis an bhforáil sa bhille a chuir dualgas ar an roinn oideachais tacú leis an scolaíocht imeasctha. Níor dúradh sa bhille gur cheart tosaíocht a thabhairt don oideachas imeasctha ar aon earnáil eile agus is beag teacht aniar atá in argóint na n-aontachtach nuair a scrúdaítear go mion í. Chaithfí an t-uafás a dhéanamh chun leibhéal an oideachais imeasctha a ardú le greim ar bith a bhaint as an tacaíocht oifigiúil atá ag an dá mhór-earnáil.

Mhaígh roinnt gur féindochar é seasamh an DUP, i bhfianaise breis is 70% den phobal a bheith báúil leis an oideachas imeasctha i ngach pobalbhreith. Ba shuarach an mhaise dóibh é freisin a bheith ag iarraidh leas a bhaint as an achainí chásmhaireachta – ar an gcúis a thug siad – chun 93% a chosaint ó fhorbairt an 7%. 

Níl sé soiléir conas mar a láimhseálfaidh an roinn oideachais an cúram a chuireann an bille uirthi. Bhí sé de dhualgas uirthi roimhe seo an t-oideachas imeasctha a spreagadh agus a éascú; léiríonn an 7% cé chomh maith is a comhlíonadh sin. Tá tacaíocht don earnáil agus plean gnímh agus straitéis a ullmhú curtha leis na cúraimí sin anois. Ar ndóigh ní íocshláinte é an t-oideachas imeasctha, níl sé chun seicteachas agus fuath don ‘eile’ a threascairt as féin ach is léir gur ghá brú reachtúil a chur ar an roinn oideachais chun tabhairt faoi fhorbairt na hearnála má admhaíonn na polaiteoirí uilig é nó nach ndéanann. 

Fág freagra ar 'Bille don oideachas imeasctha rite in ainneoin an DUP'

  • Antóin Ó Bruadair

    Alt den scoth. Is sár iriseoir thú a Phóilín !
    Ag súil le tuilleadh uait go luath.

  • Pádraig de Cléir

    Is fíor sin, a Antóin. Go raibh maith agat a Phóilín. Coinnigh ort