Biden tagtha ar ais go láidir agus dúshlán Sanders tugtha aige

Fágann torthaí Super Tuesday go mbeidh sé ina chath fíochmhar idir beirt don ainmniúchán uachtaránachta agus go mbeidh an dá eite den pháirtí Daonlathach in aghaidh a chéile

Biden tagtha ar ais go láidir agus dúshlán Sanders tugtha aige

Tá teacht aniar iontach déanta ag Joe Biden i réamhthoghcháin na nDaonlathach i Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndiaidh dó an bua a fháil i naoi gcinn den 14 stát a vótáil ar an Máirt Mhór inné.

Bhí an-oíche go deo ag an iar-leasuachtarán agus idir é féin agus an Seanadóir as Vermont Bernie Sanders a bheidh sé anois d’ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na huachtaránachta.

Fágann torthaí Super Tuesday go mbeidh sé ina chath fíochmhar idir beirt don ainmniúchán agus go mbeidh an dá eite den pháirtí Daonlathach in aghaidh a chéile.

Cé gurbh é Sanders rogha na coitiantachta, tháinig borradh mór faoi fheachtas Biden i ndiaidh a bhua in South Carolina ag an deireadh seachtaine.

Bíonn tábhacht ar leith ag baint le Super Tuesday agus bhí réamhthoghcháin ar siúl i 14 stát, ina measc stáit mhóra amhail Texas agus California.

1,357  toscaire chun an choinbhinsiúin náisiúnta a bhí ar fáil inné, aon trian den 3,979 toscaire a shocróidh cé a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump i dtoghchán na bliana seo.

Níor mhór d’iarrthóir 1,991 toscaire a bheith aige chun ainmniúchán na nDaonlathach a bheith aige ag coinbhinsiún náisiúnta an pháirtí mí Iúil.

Cé go raibh comharthaí ann go raibh Biden ag teacht ar ais sa rás, ba bheag duine a raibh coinne acu lena bhuanna in áiteanna amhail Minnesota agus Massachusetts ná leis an mbearna idir é féin agus Sanders in áiteanna eile.

Bhuaigh sé chomh maith Texas an dara stát is mó ó thaobh toscairí de.

Bhí an lá le Biden freisin in Oklahoma, Arkansas, Alabama agus Tennessee agus thug sé leis North Carolina agus Virginia, dhá stát a bhíonn i measc na stát cinniúnach i dtoghcháin uachtaránachta.

Beidh an lá le Bernie Sanders, atá 78 bliain d’aois, in California, an stát is mó ó thaobh na dtoscairí, ach seachas sin níor éirigh leis ach trí cinn de na stáit eile a bhuachan, a stát féin Vermont, Colorado agus Utah.

Ba léir gur éirigh go maith le Sanders maidir le vótaí a mhealladh ón bpobal Latino, ó liobrálaigh agus ó dhaoine faoi bhun 40 ach nach raibh an tóir chéanna air i measc daoine dubha ná i measc daoine níos sine.

Ar an lámh eile, d’éirigh le Joe Biden formhór na vótóirí dubha a mhealladh.

Drochlá a bhí ann d’Elizabeth Warren, ar chloígh Joe Biden í ina stát dúchais Massachusetts, agus do Michael Bloomberg.

Ba é an lá inné an chéad uair ag Michael Bloomberg, nár bhac leis na chéad cheithre réamhthoghchán, a bheith mar rogha ar an bpáipéar ballóide agus cé gur chaith sé leathbhilliún ar a fheachtas Super Tuesday níor éirigh leis oiread is stát amháin a bhuachan.

Leag Joe Biden, a fuair beannacht Dé Luain ó bheirt a d’éirigh as an rás, Pete Buttigieg agus Amy Kolbuchar, béim ar an teacht aniar a bhí déanta aige.

“Dúradh linn, bhuel, beidh sé thart nuair a thiocfaidh Super Tuesday. Bhuel cá bhfios ach gur don bhfear eile atá sé thart!” arsa Biden, an t-iar-leasuachtarán atá 77 bliain d’aois.

Dúirt Bernie Sanders gurb amhlaidh go raibh sé ag troid in aghaidh bhunaíocht na polaitíochta.

“Ní éireoidh leat an ceann is fear a fháil ar Trump leis an tseanpholaitíocht chéanna agus meirg uirthi,” arsa an daonlathaí sóisialta.

D’fhéadfadh go mairfidh an choimhlint idir Biden agus Sanders go dtí mí Iúil, mar a mbeidh Coinbhinsiún na nDaonlathach ar siúl in Wisconsin.

Fág freagra ar 'Biden tagtha ar ais go láidir agus dúshlán Sanders tugtha aige'