Bhí tú i do Mhamaí an-mhaith i mbliana, táim an-bhródúil asat…

B’fhéidir nach bhfreagraíonn Santaí litreacha ó dhaoine fásta, ach ní bheadh aon chailleadh ar mhíorúilt Nollag nó dhó

Bhí tú i do Mhamaí an-mhaith i mbliana, táim an-bhródúil asat…

‘Ceapaim go scríobhfaidh mé fhéin litir chuig Santaí i mbliana,’ a dúirt mé leis an mBabaí an lá cheana théis dúinn siúl síos go dtí an bosca poist ar an gcoirnéal agus litreacha móra tábhachtacha Dhaidí na Nollag a chur chun bealaigh.

Breathnaigh sé orm ar feadh nóiméid agus é ag iarraidh a dhéanamh amach, sílim, an raibh mé dáiríre, nó an é go raibh mo chiall caillte agam ar fad agus an raibh sé in am aige féin cúram an tí a thabhairt air fhéin.

‘Tá tú ró-mhór anois, Mamaí,’ a deir sé ansin, agus bhraith mé go raibh trua aige dom. ‘Ag na páistí a thugann Santaí na bronntanaisí.’

‘Níl a fhios a’m an bhfuil sé sin féaráilte,’ a deir mé ag ealaín, ‘sílim go raibh mé go maith i mbliana agus go dtabharfadh Santaí bronntanas chugam dá scríobhfainn litir chuige, ní bheinn ag iarraidh mórán dháiríre.’

‘Bhuel,’ a deir sé, agus stop sé ag caint agus é ag cuimhneamh air fhéin ar feadh meandair. ‘Is dóigh… bhí tú i do Mhamaí an-mhaith an bhliain ar fad,’ a dúirt sé ansin agus ceapaim go raibh sé ag iarraidh cuimhneamh an raibh aon bhealach thart ar na rialacha le Santaí.

‘Tá mé an-bhródúil asat, Mamaí,’ a deir sé liom ansin mar a déarfá le gasúr óg agus tú ag iarraidh spreagadh a thabhairt dó.

‘Bhí tú an-mhaith ag déanamh do chuid jabannaí sa teach,’ a deir sé ansin liom agus é ag iarraidh misneach a thabhairt dom. ‘Agus nigh tú na soithí chuile lá, is chuaigh tú ag an obair, is thug tú aire mhaith dúinne!’

D’airigh mé deoir ag teacht le mo shúil de réir mar a bhí sé ag caint agus bhí aiféala orm gur thosaigh mé ar an ealaín ó thús.

‘Ó, is leor sin mar bhronntanas,’ a deir mé, ‘ní raibh mé ach ag ealaín faoi Shantaí, ar aon chaoi. Fuair mé neart bronntanas uaidh nuair a bhí mé fhéin beag.’

Ní shílim go mbeidh aon litir á scríobh agam chuig Santaí i mbliana, ach dá mbeadh, is dóigh go bhfuil rud nó dhó a d’iarrfainn air.

Ní bheadh aon chailleadh  ar mhíorúilt Nollag nó dhó, dá mbeadh sé in ann iad a oibriú.

Ghlacfainn le sióga beaga a thiocfadh isteach sa teach san oíche is a chuirfeadh slacht éicint air don Nollaig, ar nós mar a rinne na sióga beaga i scéal an Ghréasaí Bróg. Dá mbeadh na sióga sin in ann dinnéar na Nollag a réiteach freisin, agus na soithí a níochán ina dhiaidh, bheadh sé ina sméar mhullaigh ar an míorúilt.

Is dóigh nach n-eiteoinn é, ach an oiread, dá mbeadh slaitín draíochta ag fanacht liom faoin gcrann maidin lá Nollag agus uair ar bith a mbeadh soithí le níochán, nó éadaí le cur chun bealaigh nach mbeadh le déanamh agam ach croitheadh a bhaint as an slaitín draíochta agus Alacazam!, bheadh chuile shórt déanta.

Thar aon rud eile, ’séard atá uaim don Nollaig i mbliana ná a bheith buíoch as a bhfuil againn agus sásamh a bhaint as comhluadar clainne, cairde agus comharsana aimsir na Nollag. É sin, agus éadan na bpáistí a fheiceáil maidin lá Nollag agus iad ag oscailt féiríní.

Ó, agus bosca Roses.

Fág freagra ar 'Bhí tú i do Mhamaí an-mhaith i mbliana, táim an-bhródúil asat…'